Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘bhiodh-nios-mo-suime-agam-i-dteach-bharbie-na-mar-a-bhiodh-agam-sa-bhabog-fein!’

‘Bhíodh níos mó suime agam i dteach Bharbie ná mar a bhíodh agam sa bhábóg féin!’

| Maitiu O Coimin |

Tá na céadta leantóirí bailithe in achar an-ghearr ag bean óg as tuaisceart Chorcaí ar chuntas nua Instagram ina dtugann sí leideanna faoin athchóiriú agus faoin maisiú tí i nGaeilge agus i mBéarla. Is í an múinteoir Gaeilge agus Béarla Niamh Ní Shúilleabháin as Mainistir na Móna atá taobh thiar den chuntas @DeanFeinE, a bhfuil os cionn 670 leantóir aige agus gan é ach coicís ar an bhfód. 

Labhair Niamh le NÓS faoin obair athchóirithe agus an maisiúchán atá ar bun aici sa teach a cheannaigh sí i Mala bliain go leith ó shin. Is tógálaí é a hathair agus “duine an-chruthaitheach” í a máthair a bhfuil “bua na garraíodóireachta” aici. 

Dúirt Niamh nár smaoinigh sí mórán faoin gcuntas agus gur chruthaigh sí é go luath i ndiaidh don smaoineamh í a bhualadh.

“D’fhiafraigh mé de mo bhuachaill agus de chara liom ar cheap siad gur smaoineamh maith a bhí ann nó an mbeifí ag rá ‘nach aici atá an muinéal, ag ligean uirthi gur dearthóir intí í?!’. Ach ní raibh drogall ar cheachtar acu a rá gur chóir dom é a dhéanamh cinnte. Bhí mo chuntas pearsanta ag cur thar maoil le pictiúir den sórt sin agus n’fheadar an raibh mo chairde ag iarraidh a leithéid a fheiceáil ar chuntas pearsanta.

“Bhí sé ráite ag go leor daoine gur chóir dom cuntas a chruthú a bheadh dírithe ar an mhaisiú tí agus Déan Féin É go speisialta agus cheap mé nach bhféadfaidís uilig a bheith ag caint gan dealramh, ag plámás liom!” a dúirt sí. 

Dúirt sí go raibh sí in amhras faoi chuntas dá leithéid a thosú gan aon cháilíochtaí aici san athchóiriú tí nó sa maisiú tí ach gur “tháinig splanc inspioráide” chuici an Ghaeilge a úsáid mar theanga an chuntais agus maolaíodh an drogall a bhí uirthi. 

Cé nach bhfuil aon cháilíocht oifigiúil ag Niamh sa réimse, deir sí go bhfuil an “spéis amaitéarach” san ábhar inti go smior ó bhí sí an-óg. 

“Is cuimhin liom a bheith ag féachaint ar Duncan Stewart ar RTÉ nuair a bhí mé i mo phaiste beag agus ag déanamh aithrise ar na tithe a bhí le feiceáil ar an teilifís le brícíní LEGO. Bhí mé go hiomlán gafa le Barbie chomh maith, ach ag féachaint siar anois tá sé soiléir go raibh níos mó suime agam ina teach ná mar a bhí agam sa bhábóg féin.

“Bhí Barbie Dream Home agam agus uair a bhí an teach maisithe agam agus troscán déanta agam féin as bosca lasán nó bosca seodra le cur isteach ann ní bheadh suim a thuilleadh agam sna Barbies féin!” a mhínigh sí.

Deir sí nach seachnaíonn sí tionscnamh ar bith — “cad é an rud is measa a d’fhéadfadh tarlú?” — agus gur fhoghlaim sí na scileanna atá anois aici as triail a bhaint as “cleasanna éagsúla” agus “botúin a dhéanamh”.

“Nuair a fhéachaim ar an teilifís is ar Room to Improve, Escape to the Chataeu, Grand Designs, Eascape to the Country, The Great House Revival, Home of the Year nó DIY SOS a bhím ag féachaint. Is tógálaí é mo Dhaid agus is aoibhinn liom cuairt a thabhairt air agus é ar an láthair oibre nuair a bhíonn sé i mbun obair athchóirithe. Táim diongbháilte nuair a chuirim mo cheann le rud agus fuair mé amach cad a oibríonn trí sheifteanna éagsúla a úsáid,” a dúirt sí. 

Níl “aon sprioc dhaingean” ag Niamh dá cuntas nua, ach amháin “sásamh a bhaint as a bheith ag idirghníomhú le daoine a bhfuil an spéis chéanna” is atá aici féin: an t-athchóiriú tí, Déan Féin É, agus an Ghaeilge. Dúirt sí gur cinneadh tábhachtach a bhí ann an Ghaeilge a úsáid ar an gcuntas.

“Tá an t-idirlíon plúchta ag cuntais “bhaile” agus DFÉ, ach ní raibh ceann feicthe agam i nGaeilge riamh. Sin an phríomhchúis a bhí an muinín agam an cuntas a chruthú. Níor theastaigh uaim a bheith ‘in iomaíocht’ le haon chuntais eile. Ní hé sin le rá go bhfuilim ag iarraidh monaplacht a fháil ar DFÉ as Gaeilge, ach ní dhéanfainn an cuntas i mBéarla — tá sé déanta agus athdhéanta ag na sluaite romham,” a dúirt sí. 

Tá meas ag Niamh na cuntais éagsúla atá ag múinteoirí eile Gaeilge ar Instagram, ach dúirt sí gur bhreá léi “níos mó cuntas a fheiceáil a úsáideann an Ghaeilge mar theanga bheo in ionad ábhar scoile amháin.

“Táim ag caint faoi chuntais ina bpléitear leis an Déan Féin É, an aclaíocht, an ióga, cúrsaí sláinte, cúrsaí faisin agus araile, nithe a bhaineann le gnáthshaol an duine. Cabhraíonn siadsan le foghlaimeoirí Gaeilge chomh maith mar feiceann siad an Ghaeilge i gcomhthéacs praiticiúil, laethúil.

“Is deis forbartha, foghlama é dom féin go pearsanta chomh maith mar níor tógadh le Gaeilge mé agus is minic a bhíonn mo chuid Gaeilge féin teoranta do Ghaeilge an téacsleabhair scoile. Anois agus an cuntas seo agam, is cuid lárnach ghníomhach í an Ghaeilge i mo shaol laethúil,” a dúirt sí. 

Maidir lena teach nua féin, deir Niamh go raibh “buiséad teann” aici nuair a cheannaigh sí an teach agus gur mhaith léi a chur in iúl do dhaoine eile gur féidir “teach snasta dea-mhaisithe” a fháil ar bheagán airgid.

“Múineann gá seift, mar a deirtear agus bhí orm a lán oibre a dhéanamh ar mo chonlán féin agus cruth nua a chur ar rudaí athláimhe. Ní gá airgead gan teorainn a bheith agat agus má fhaigheann daoine smaointe uaim bheinn lán sásta leis sin.

“Buntáiste eile a bhaineann leis an gcuntas ná go bhfuil saghas leabhar gearrthóg ar líne agam anois leis an obair athchóirithe agus DFÉ uilig atá déanta agam bailithe le chéile agus le feiscint in aon áit amháin, agus is maith liom féachaint siar air sin,” a dúirt sí. 

Tá os cionn 670 duine ag baint taitneamh agus inspioráide as obair Néimhe ar Instagram anois, ach tá go leor cuntas eile ann a spreagann í féin agus í i mbun oibre.

“Is aoibhinn liom cuntais bhaile agus tá an-chuid á leanúint agam, ach uaireanta mothaím nach bhfuil tithe dá leithéid ar fáil gan saibhreas mór. Mar sin, is aoibhinn liom na cuntais vintageirishkat, aproudhome, manwithahammer, ourlittledoerupper, agus thehousethatwill, mar tá tithe dochreidte acu ach déanann siad a gcuid oibre féin den chuid is mó.

“Ó thaobh na Gaeilge de, nuair a bhí an cuntas Gaeilgeleglam ar an bhfód bhain mé an-taitneamh as. Cé gur mhúinteoirí iad, níor dhírigh siad isteach mórán ar chúrsaí oideachais ach phléigh siad cúrsaí smididh agus faisin i nGaeilge. D’fhoghlaimeofá an-chuid ó chuntas mar sin mar bíonn an Ghaeilge le feiceáil i slí thaitneamhach, neamhfhoirmiúil, agus baineann an foclóir leis an saol laethúil,” a dúirt sí. 

Is féidir Niamh a leanacht ar Instagram anseo

Níos mó