Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ce-mhead-duine-a-fheiceann-an-ghaeilge-gach-la-ar-twitter?-1,200,000

Cé mhéad duine a fheiceann an Ghaeilge gach lá ar Twitter? 1,200,000

| Maitiu O Coimin |

Foilsítear giolcacha Gaeilge ar 1,200,000 amlíne gach lá.

Scríobh colúnaí NÓS, Seaghan Mac an tSionnaigh, alt i mBéarla ar The Irish Times ag an deireadh seachtaine inar luaigh sé “that the Irish language retains a presence on social media out of all proportion with the overall number of fluent speakers”.

Spreag an maíomh seo an ríomheolaí aitheanta Kevin Scannell, ó Ollscoil Saint Louis, staitisticí a bhailiú faoi “láithreacht” sin na Gaeilge ar an suíomh Twitter, agus tá toradh a shaothair tugtha aige do NÓS. 

Is féidir a rá gur mhaígh Seaghan go bhfuil an Ghaeilge, nó pobal na Gaeilge féin, i bhfad níos feiceálaí ar na meáin shóisialta ná mar atá sí, nó siad, sa bhfíorshaol in Éirinn. Tá anailís déanta ag Kevin Scannell ar na cuntais Twitter a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge gach uile lá, agus ar líon na leantóirí atá ag na cuntais sin. 

D’aimsigh sé 309 cuntas a chuireann ábhar amach ar bhonn laethúil, agus ansin d’úsáid sé API Twitter chun anailís a dhéanamh ar leantóirí na gcuntas sin agus d’aimsigh sé an 1,200,000 cuntas uathúil an gcaoi sin. 

Is léir ó na figiúirí atá curtha ar fáil ag an Ollamh Scannell go mbíonn an Ghaeilge á úsáid ar bhonn laethúil ag cuid de na cuntais is mó Twitter in Éirinn, chomh maith le go leor cuntas eile a bhfuil lucht leanúna measartha mór acu. Dá bhrí sin, is féidir a mhaíomh go bhfeiceann an t-uafás daoine as Éirinn an Ghaeilge ar a n-amlíne Twitter ar a laghad uair amháin gach lá. 

Níl bealach cruinn eolaíoch ann leis sin a chur i gcomparáid leis an méid Gaeilge a d’fheicfeadh nó a chloisfeadh an gnáthdhuine ar bhonn laethúil in Éirinn taobh amuigh den saol digiteach. Tá an Ghaeilge le feiceáil i mbeagnach gach uile bhaile sa tír, ar chomharthaí sráide agus fógraíocht na ngnólachtaí, idir bheag agus mhór. 

Is é cuntas oifigiúil RTÉ an cuntas a bhfuil an méid is mó leantóirí aige ar liosta Kevin. Ciallaíonn sé sin go mbíonn ábhar i nGaeilge á chur amach ag RTÉ gach uile lá, agus go bhfeiceann cuid mhaith dá 598,125 leantóir an t-ábhar sin gach lá. 

Is leis an iar-uachtarán Shinn Féin Gerry Adams an cuntas pearsanta is mó ar liosta Kevin. Foilsíonn Gerry ábhar i nGaeilge gach lá ar amlínte a 182,097 leantóir. Tá beirt pholaiteoirí eile de chuid Shinn Féin ag barr an liosta chomh maith, an MLA Máirtín Ó Muilleoir, agus an Seanadóir Niall Ó Donnghaile.

Tá meáin Ghaeilge: Tuairisc.ie, NÓS, Nuacht TG4, Raidió na Life, Raidió Rí Rá, Aimsir TG4, Molscéal agus grúpaí eile nach iad ar an liosta freisin chomh maith le go leor leor cuntas aonair pearsanta. 

Is eagraíochtaí móra iad formhór na gcuntas atá ar bharr an liosta: Cumann Lúthchleas Gael, oifig Uachtarán na hÉireann agus ‘Merrion Street’, a bhíonn ag giolcaireacht thar ceann an Rialtais. 

Tá dhá chuntas de chuid TG4 i measc na ndeich gcuntas is mó ar an liosta — GAA BEO agus Spórt TG4, agus tá Conradh na Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta gar go maith don bharr freisin. 

1 RTÉ (@rte) 598,125
2 Cumann Lúthchleas Gael (@officialgaa) 397,722
3 Gerry Adams (@GerryAdamsSF) 182,097
4 Uachtarán na hÉireann (@PresidentIRL) 123,517
5 Rialtas na hÉireann (@merrionstreet) 51,547
6 GAA BEO (@GAA_BEO) 50,005
7 TG4 (@TG4TV) 43,792
8 Máirtín Ó Muilleoir (@newbelfast) 34,407
9 Spórt TG4 (@SportTG4) 28,937
10 Niall Ó Donnghaile (@NiallSF) 27,373
11 Conradh na Gaeilge (@cnag) 23,582
12 RTÉ Raidió na Gaeltachta (@RTERnaG) 23,006
13 Motherfoclóir (@motherfocloir) 21,669
14 Seachtain na Gaeilge (@SnaGaeilge) 18,757
15 Úna-Minh Caomhánach (@unakavanagh) 16,656
16 Uisce Éireann (@IWCare) 15,838
17 Comhairle Contae na Gaillimhe (@GalwayCoCo) 14,702
18 Bibi Baskin (@BibiBaskin) 13,351
19 Seán Mac an tSíthigh (@buailtin) 13,137
20 Foras na Gaeilge (@ForasnaGaeilge) 12,974
21 An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (@DeptAHG) 11,012
22 Voice for Teachers (@VoiceforTeacher) 10,831
23 Tuairisc.ie (@tuairiscnuacht) 10,813
24 Gael Linn (@GaelLinn) 10,737
25 Comhairle Contae Dhún na nGall (@donegalcouncil) 10,730
26 Scoil Dlí UCD (@UCDLawSchool) 10,415
27 Cathal Mac Coille (@CMacCoille) 10,149
28 Raidió na Life (@raidionalife) 9,856
29 Dúchas.ie (@duchas_ie) 9,250
30 Coiste na bhFocal Nua (@coistenabhfocal) 9,079
31 Nuacht TG4 (@NuachtTG4) 8,979
32 NÓS (@nosmag) 8,800
33 Féilire na Gaeilge (@Feilire) 8,758
34 Peadar Ó Caomhánaigh (@TheKavOfficial) 8,658
35 Sliocht Néill CLG (@GACSlaughtneil) 8,659
34 Aodhán Micheal Connolly (@MichaelAodhan) 7,774
35 Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich (@Culturlann) 7,560
36 BBC Gaeilge (@bbcgaeilge) 7,547
37 Oireachtas na Gaeilge (@OirnaGaeilge) 7,239
38 Údarás na Gaeltachta (@UdarasnaG) 7,045
39 Raidió Rí Rá (@RaidioRiRa) 6,644
40 Áine Ní Bhreisleáin (@AineEibhlin) 6,558
41 Glór na nGael (@GlornanGael) 6,394
42 Ciara Ní É (@MiseCiara) 6,370
43 Osgur Ó Ciardha (@OsgurOCiardha) 6,341
44 Siún Ní Dhuinn (@Siuners) 6,295
45 Muireann Nic Amhlaoibh (@MuireannNic) 6,198
46 Molscéal TG4 (@MOLSCEAL) 6,153
47 An Aimsir Láithreach (@AimsirTG4) 6,126
48 An Siopa Leabhar (@ansiopaleabhar) 5,625
49 Parlaimint na hEorpa (@Europarl_GA) 5,432
50 Louise Ní Chuilinn (@Selkies_) 5,383

Níos mó