Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fear-chonamara-agus-bean-na-teavaine-in-eadan-a-cheile-i-mboston 

Fear Chonamara agus bean na Téaváine in éadan a chéile i mBoston 

Ní troid na mba maol é seo.   

“Bhfearr dóibh siúd atá ag cur dhíobh ar stáisiúin raidió fios a ngnó agus fios a labhartha a bheith acu”.

Níor leag Méara Bhoston, Marty Walsh fiacail air.  Ní nós leis an Méara labhairt go láidir ná go binbeach.  Ceart go leor, tá sé tugtha daite aige anois agus arís don Uachtarán Trump, ach sin nós atá ag mórán chuile Dhaonlathach ar fud na Stát.

Gar do bhaile a bhí an Méara nuair a chur sé teannadh lena chuid focal le seachtain anuas.  Tá cúis leis – táthar ag teannadh níos gaire don chéad toghchán Méarachta eile i mBostún i mí na Samhna 2021.

Is léir go bhfuil daoine ann atá ag fáil faoi réir cheana féin.  Tá an aeráid agus an aimsir an-mheirbh i mBoston faoi láthair agus fógra teasa eisithe ag Marty Walsh do phobal na cathrach.  Tá cosúlachtaí ann freisin go bhfuil aeráid na polaitíochta athraithe sa gcathair agus nach féidir a bheith chomh cinnte  agus a bhíothas cheana go mbeidh an bua ag an Méara Walsh an chéad uair eile.

Ach tá rud amháin soiléir de bharr na cainte boirbe atá déanta ag Walsh an tseachtain seo.  Ní thabharfaidh sé deis do dhuine ar bith seasamh ar chois air.

Iad siúd a raibh eolas maith acu ar a mhuintir roimhe as Conamara, beidh a fhios acu nach ón ngaoth a thug sé é sin.

Ráiteas a rinne Michelle Wu a tharraing an chonspóid.

Cé hí Michelle Wu?

I mbeagán focal is í Wu, arb as an Téaváin a tuismitheoirí, an duine is mó atá luaite le dúshlán a thabhairt do Mharty Walsh sa toghchán do phost an Mhéara i mBostún an chéad bhliain eile.  Tá daoine ann cheana féin a chreideann go bhféadfadh sí iarraidh mhór a thabhairt faoi.

Toghadh í ar Chomhairle Cathrach Bhostúin in 2016 agus tá sí ar dhuine de roinnt ban atá tagtha chun cinn go mór sa bpolaitíocht i Massachusetts.  Is í ba mhó a fuair vótaí sa toghchán sin ar fud na cathrach.  Tá a cáil ag méadú, go háirithe i measc an phobail óig ó shin.  Níl sé fógartha aici fós go mbeidh sí ina hiarrthóir do phost Mhéara na Cathrach ach is dóigh ná a mhalairt go mbeidh.

Ciste ar a dtugtar an Boston Resiliency Fund a bhain caint as Michelle Wu.  Airgead atá curtha ar fáil ag comhlachtaí, lucht gnó agus daoine anseo agus ansiúd atá sa gciste seo. Bunaíodh an ciste le hairgead a chur ar fáil do theaghlaigh agus do dhaoine atá thíos go dona le géarchéim an Covid-19. Faoi stiúir an Mhéara atá an bailiúchán seo eagraithe; tá triúr iontaobhaithe ar an gciste.  Go dtí seo, tá $33 milliún curtha sa gciste agus tá $23 milliún de sin roinnte amach cheana féin.    

Ach níor cheart go mbeadh an ciste faoi choimirce an Mhéara, arsa Michelle Wu.  Cuireann sé ‘próisis na polaitíochta’ as a riocht, a deir sise.  Creideann sí gur cheart gur faoi stiúir phríobháideach agus dheonach a bheadh a leithéid de chiste.

“Tá mé tinn, tuirseach d’iarrachtaí gearrthéarmacha mar seo,” a deir sí.  “Tá iarracht cheart ag teastáil sa gcathair seo sa gcaoi agus go mbeidh pobail ar fud Bhoston in ann seasamh ar a gcosa féin.”

Ní nós le Marty Walsh a bheith giorraisc ná géar ina chuid foclaíochta ach bhí cantal sa bhfreagra a thug sé ar chaint Wu, gan í a ainmniú.  “Is furasta eolas  a fháil faoin gciste,” a deir an Méara, “sula dtosaíonn daoine ag caitheamh anuas ar an iarracht.”

“Tá beatha curtha ar bhoird de bharr an chiste seo i dtráth seo na héigeandála.   Tá cúnamh tugtha le cuid mhaith tástálacha a chur ar dhaoine a raibh baol ann go raibh an víreas ag dul dóibh; tá deiseanna ríomhaireachta curtha ar fáil do ghasúir agus do dhaoine óga mar chabhair lena  gcuid staidéir a dhéanamh an fhaid agus atá scoileanna dúnta agus go leor eile.”

Ansin chaith Walsh spalla eile:  “B’fhéidir,” a deir an Méara, arbh imirceoirí as Gaeltacht Chonamara a thuismitheoirí, “go bhfuil daoine atá ag déanamh cáineadh ar an gciste tábhachtach seo ag cuimhneamh ar stádas níos airde sa bpolaitíocht.  Más sin é atá ar intinn acu b’fhearr dóibh cuimhneamh ar ábhar níos fearr ná a bheith ag caitheamh anuas ar an gciste tábhachtach seo.”

Ceistíodh Walsh agus Wu faoina bhfuil ar intinn acu faoi thoghchán Mhéarachta Bhoston an chéad  bhliain eile.  Níor dhúirt ceachtar acu go raibh socrú déanta acu fós faoi bheith ina n-iarrthóirí.

Ar ndóigh, tá tuairimíocht ann go dtairgfeadh Joe Biden post do Marty Walsh – tá cairdeas idir an bheirt acu – má bhíonn sé ina Uachtarán ar Mheiriceá.

Ach níl ansin ach tuairimíocht; an rud atá cinnte ná go mbeidh toghchán ann don Mhéara i mBoston aríst faoi cheann bliain agus ráithe.

I Samhain na bliana 2013 a toghadh Marty Walsh mar an 48ú méara ar chathair Bhoston.  Ba mhór an gaisce a rinne sé.

Cé nárbh é rogha na coitiantachta é í dtosach bhuaigh sé na réamhthoghcháin gan stró agus thug sé leis an geall sa deireadh.

Toghadh é don dara téarma i mí na Samhna, 2017.  An iarraidh sin bhí iarrthóir as an bpobal dubh, Tito Jackson, ina choinne, agus caint ann go bhféadfadh seisean go leor de vótaí na mionlach i mBoston a thabhairt leis.  Ina dhiaidh sin féin, bhí bua glan ag Walsh lena dhá oiread vótaí ná mar a bhí ag a chéile comhraic. Fuair sé an ceann is fearr ar Jackson i gcuid mhaith pobal den chine dubh.

Ach, tharla athrú polaitíochta gan choinne i mBoston anuraidh.  Sa gcathair féin, tá fir den chine geal, an dream ceannais go traidisiúnta, ina mionlach anois i measc an triúr ball déag atá ar an gComhairle Cathrach.   

Ansin, cuireadh mant eile sa gcóras traidisiúnta nuair a chuir Ayanna Pressley, bean den chine dubh, Michael Capuano a bhí ina fheisire  i dTeach na nIonadaithe in Washington le fiche bliain, as a bhróga.  Iarraidh mhór a bhí ansin.  Bhí tacaíocht an Mhéara Walsh fógartha go poiblí do Capuano.  Ar bhealaí, tá an t-athrú seo ag tarlú céim ar chéim leis an athrú atá ag teacht ar dhaonra na cathrach.

Mionlach iad an cine geal i mBoston anois – 43%.  Sin 16% níos lú ná 1990.

D’éirigh thar cionn le Marty Walsh i measc na mionlach sa dá thoghchán Méarachta a throid sé go dtí seo.  Ach, sa gcás agus go rachadh Michelle Wu san iomaíocht, bheadh cúpla buntáiste aice. Iarrthóir ban de chuid na mionlach í a bhfuil oideachas curtha uirthi in Harvard.  D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh sruth tacaíochta ann i dtreo na mban.

Ar an taobh eile den scéal, is polaiteoir é Marty Walsh a d’fhoghlaim a chuid polaitíochta ar shráideanna Bhoston agus sna ceardchumainn. Go deimhin, dúirt sé féin gurbh é a uncail, Pat Walsh as Caladh Mhaínse, an ceannasaí ar feadh i bhfad ar Cheardchumann na nOibrithe Tógála i mBoston – áit ar theastaigh intinn pholaitiúil agus misneach dá réir –  a thug spreagadh dó tabhairt faoi chosán na polaitíochta.

Idir mhianach agus chúlra tá miotal i Marty Walsh agus beidh a fhios ag Michelle Wu é sin má thugann sí a dhúshlán i mBoston an chéad bhliain eile  – ní troid na mba maol a bheidh ann.

Níos mó