Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-feile-ealaine-an-earagail-agus-imeachtai-eile

Féile Ealaíne an Earagail agus imeachtaí eile

| Sinead Ni Uallachain |

Féile Ealaíne an Earagail // 9-26 Iúil 2020

Uair sa bhliain bíonn Féile Ealaíne an Earagail ar siúl i nDún na nGall. Tá an clár athshamhlaithe ag an lucht eagraithe i mbliana de bharr shrianta na paindéime. Is féile de ‘shrutháin’ atá cruthaithe acu má sea, agus is ar shruthanna gairide a bheidh siad ag díriú.

Is féidir leat a bheith i láthair go fíorúil ag preabdhrámaí, mionchláracha faisnéise a fheiscint, agus a bheith ag cúléisteacht le comhráití idirghníomhacha, i measc eile. Mar chuid de shraith ar a dtugtar ‘Ceol na Coille’, beidh tú in ann a bheith i láthair ag rang teagaisc leis na ceoltóirí Dermot Byrne, Roisin McGrory, Yvonne Casey, Deirdre Scanlan agus Deirdre McGrory. 

Beidh coirm ag Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney a mbeidh tú in ann a bheith i láthair ann via YouTube, nó éisteacht leis ag an am céanna ar Highland Radio. Beidh tú in ann dul ar thuras le filí agus ealaíontóirí ó cósta na hAlban agus na hÉireann, faoi stiúir Eoghan Mhic Giolla Bhríde, leis na filí Rona Dhòmhnallach, Máire Dinny Wren, Rody Gorman agus Gillebrìde MacIllemhaoil chomh maith leis an ealaíontóir Kim Sharkey. Is fiú go mór dul chuig an suíomh seo le liosta iomlán na n-imeachtaí a fheiscint.

Ciorcal Léitheoireachta na Cultúrlainne // Dé Céadaoin 15 Iúil 18.30-19.30

An bhfuil béim níos mó leagtha agat ar an léitheoireacht le linn thréimhse seo an víris? Déarfainn gur amhlaidh atá do scata againn! Bí ar an eolas go bhfuil Ciorcal Léitheoireachta ag lucht Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus go mbuaileann siad le chéile uair sa mhí le plé a dhéanamh ar leabhar faoi leith. 

Leabhar na míosa seo ná cnuasach gearrscéalta an údair Seán Ó Muireagáin, Gáire in Éag. Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dTrioblóidí in Éirinn. Eagrófar seisiún na míosa seo ag baint úsáide as Zoom agus is féidir leat a bheith i measc na ndaoine a thabharfaidh breithiúnas ar a shaothar ach teagmháil a dhéanamh le Fionnuala ón ionad, fionnuala@culturlann.ie

Cúrsaí Oidhreacht Chorca Dhuibhne // Baile an Fheirtéaraigh, Lúnasa agus Meán Fómhair 2020

Dáta don dialann! Foilsíodh an tseachtain seo na dátaí do chúrsaí Gaelainne Oidhreacht Chorca Dhuibhne, a bheidh ar bun go luath i gCo. Chiarraí. Is i mBaile an Fheirtéaraigh a bhíonn a leithéid ar siúl: ranganna a dhíríonn ar chomhráití Gaeilge, amhránaíocht, agus cruinneas na teanga, gan trácht ar bhlaiseadh a fháil ar leithinis aoibhinn Chorca Dhuibhne! 

Tá dhá rogha ann, 31 Lúnasa – 04 Meán Fómhair, nó 7-11 Meán Fómhair. Is féidir breis eolais faoi chostais, lóistín, srl a fháil ach teachtaireacht a sheoladh chuig Caitríona eolas@cfcd.ie nó glaoch a chur ar 066 9156100.

Dála an scéil, má tá tú sa dúthaigh faoi láthair bí ar an eolas go bhfuil Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh ar oscailt arís, ó Chéadaoin go Domhnach, 11.00-16.00!

Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill 2020, 17-19 Iúil 2020

Ní fada uainn Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill 2020! Trí lá de chomhráití, ceol, ceardlanna, cúrsaí agus caint! Tá tuairim is 16 imeacht ar fad beartaithe idir 17-19 Iúil, le formhór acu ag tarlú ar líne mar aon le ranganna Gaeilge, (Ard-, Meán-, Meán- Íochtarach agus Bun-rang). Tá réimse leathan d’ócáidí samhlaíocha eile beartaithe. Ceardlanna scríbhneoireachta cruthaitheacha le hIan McMillan, ceardlann chócaireachta le Josephine Dunbar, comhrá agus ceol le Mairéad Ní Mhaonaigh, Gráinne Holland & Ciara McCrickard, agus caint ó Phól Mac Cana faoi Éanlaith na hÉireann: Meantáin agus Smólaigh, i measc eile!

Níos mó