Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fleadh-scannan-na-gaillimhe-agus-imeachtai-eile-baile

Fleadh Scannán na Gaillimhe agus imeachtaí eile baile

| Sinead Ni Uallachain |

Ceardlann: Bàrd, File, Bardd, Dé Máirt 7 Iúil @ 18:00

Arís an tseachtain seo tá tagairt á déanamh agam d’imeachtaí Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, a bhfuil obair na gcapall ar siúl acu i rith aimsir seo an choróinvíris.

An chéad ócáid eile a mheall mé, ná an cheardlann a bheidh ar bun acu an tseachtain seo chugainn, bunaithe ar theangacha dúchais. Na filí Ifor ap Glyn, de bhunadh na Breataine Bige, Pàdraig MacAoidh ó Eilean Leòdhais agus Ciara Ní É na tíre seo a bheidh le clos agus amach anseo cuirfidh siad saothar os ár gcomhair, bunaithe ar na comhráití a tharlóidh le linn an tseisiúin seo. bronagh@culturlann.ie don eolas ar fad.

Fleadh Scannán na Gaillimhe, 7-12 Iúil 2020

De ghnáth an t-am seo bliana, bheadh cathair na Gaillimhe faoi dháir agus Fleadh Scannán na cathrach faoi lán seoil. Ná ceap áfach go bhfuil sé ligthe i ndearúd… níl ná é! Beidh an fhéile ar siúl, ar líne, áit a mbeidh tú in ann féachaint ar 73 gearrscannán; 40 scannán; 35 ócáid, (a chraolfar beo) agus 10 scannán nach bhfacthas riamh cheana, ach go mbeidh an première ag #FilmFleadh – sin an haischlib le húsáid dála an scéil! 

Bí ag faire don scannán A Maverick Islander, faoi Sheán Ó Loingsigh ó Chonamara, fear a n-éiríonn leis cúrsa gailf a chruthú sa phortach! Craolfar ar an 12 Iúil é agus beidh Q&A leis an gcriú agus cliar le feiscint ina dhiaidh!

Ranganna amhránaíochta, eagraithe ag Cairde Teo, gach Luan @15:00

Ar chuala tú trácht ar an eagraíocht Cairde Teo riamh? Is grúpa atá ann d’oibrithe pobail, taighdeoirí acadúla, lucht ceardchumainn agus feachtasóirí Gaeilge atá lonnaithe in Ard Mhacha. 

Tá siad gníomhach agus faoi láthair tá ranganna amhránaíochta ar bun acu ar Zoom. Tá cúpla rang déanta acu go dtí seo, ach é i gceist acu leanúint leo go dtí an 20 Iúil (uair sa tseachtain, gach Luan). Tá fáilte roimh rannpháirtithe nua, ach teagmháil a dhéanamh le sean@cairdeteo.com nó dul chomh fada lena leathanach Facebook!

Coirm do Mholli, ar son ‘Le Chéile do Mholli’, Dé Sathairn 4 Iúil @ 19.00

Tá liosta le háireamh de cheoltóirí a bheidh ag teacht le chéile do choirm chun airgead a bhailiú do Mholli de Búrca, cailín óg ó Ros Muc a bhfuil an galar SMA uirthi. Lé Chéile do Mholli ainm an fheachtais agus is tríd sin atá go leor airgid bailithe chun cabhrú lena cuid costais maireachtála. 

Go laethúil teastaíonn aire mhaith ó Mholli agus d’fhéadadh idir trí agus cúig choinne dochtúra a bheidh aici gach aon seachtain toisc an galar seo a bheith uirthi, galar a mbíonn tionchar aige ar a cuid matán. 

Amárach beidh scata ceoltóirí i mbun siamsaíochta chun airgead a bhailiú – leithéidí Mhíchíl Uí Chonghaile, Fóidín Meara, Briocán Bairéad, Aerach – i measc scata eile! 

Craolfar an choirm ó Choláiste Cuimhneacháin an Phiarsach i Ros Muc agus is í Fiona Ní Fhlaithearta a bheidh ina bean an tí don ócáid! Is féidir síntiús a thabhairt ach cuairt a thabhairt ar an leathanach seo.

Níos mó