I mBéarla amháin a bhí an t-iarratas pleanála a rinne Údarás na Gaeltachta i dtaobh Pháirc na Mara i gConamara, ceann de na tograí is mó i stair na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga.
Cuireadh an t-iarratas don pháirc thionscail mhara atá le bunú i gCill Chiaraín faoi bhráid na Rannóige Pleanála i gComhairle Chontae na Gaillimhe mí an Mheithimh.
I mBéarla amháin a bhí an t-iarratas pleanála.
Comhairleoirí seachtracha a chuir an t-iarratas i mBéarla i dtoll a chéile don eagraíocht agus tá athbhreithniú le déanamh ar chóras an Údaráis maidir le fostú comhairleoirí lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís.
Ghéill an tÚdarás “gur chóir treoir shonrach” a bheith tugtha do na comhairleoirí an t-iarrtas pleanála a dhéanamh i nGaeilge.
Is mar thoradh ar cheist Dála a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ar an Aire Catherine Martin a tháinig sé chun solais gur i mBéarla a rinneadh an t-iarratas pleanála i dtaca leis an mórthogra Gaeltachta.
Agus í ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt Catherine Connolly gur chuir sé “iontas” uirthi gur i mBéarla a bhí iarratas an Údaráis agus nach bhféadfaí glacadh lena leithéid ó eagraíocht “atá chomh tábhachtach sin don Ghaeltacht”.
Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar gur maith an rud é go bhfuil sé admhaithe ag an Údarás nár chóir go dtarlódh a leithéid agus go bhfuil athbhreithniú le déanamh acu ar a gcóras comharliúcháin.
“Tá sé ráite go minic agam go bhfuil níos mó dualgais ar Údarás na Gaeltactha ná mar atá ar aon eagraíocht eile, cosúil leis an IDA nó Enterprise Ireland.Tá dualgais orthu maidir le fostaíocht, maidir le pobal na Gaeltachta agus maidir leis an teanga.
“Tá dualgais bhreise orthu ach ba chóir dóibh na dualgais sin a chomhlíonadh agus ní raibh siad comhlíonta acu anseo,” arsa an Teachta Dála neamhspleách.
“Ag léamh an fhreagra a fuair mé, an rud a bhain mise as ná go bhfuil geallúint ann nach dtarlóidh sé arís. Sin an rud is tábhachtaí.”
Meastar go bhfuil os cionn €600,000 caite ag Údarás na Gaeltachta ar an obair chomhairliúcháin agus saineolais atá ag baint leis an iarratas ar chead pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.
Maítear go bhféadfadh an pháirc thionscail mhara atá i gceist beochan agus croí a chur i gceantar Chill Chiaráin agus Charna – Iorras Aithneach – agus go mbeadh a buntáiste le feiceáil ar fud Ghaeltacht iarthar Chonamara.
Maítear go gcruthóidh an Pháirc nua 200 post go díreach agus 400 post go hindíreach agus tá spéis léirithe cheana ag 25 comhlacht nó duine a ngnó a lonnú ar Pháirc na Mara, de réir an Údaráis.