Iarratais á lorg don Slam Filíochta agus duaischiste £700 ann i mbliana
Tá duaischiste £700 ar fáil do Slam Filíochta Liú Lúnasa a bheidh ar siúl ar líne ag deireadh na míosa seo chugainn. £400 a bhuafaidh an té a thiocfaidh sa gcéad áit sa gcomórtas mór a bhíonn mar chuid den fhéile imill Liú Lúnasa chuile bhliain.
D’fhógair lucht na féile aréir go mbeifear ag glacadh le hiarratais idir seo agus an 20 Lúnasa. Beidh an comórtas féin ar siúl seachtain ina dhiaidh sin ar an 28 Lúnasa. Ní mór d’fhilí slamfhilíocht dá gcuid féin a reic agus a thaifeadadh i modh tírdhreacha agus a chur isteach ar ríomhphost go liulunasa@gmail.com. Tá táille iontrála £5 i gceist.
Tá duaiseanna na bliana seo urraithe ag An Nasc (£400 don chéad áit), Raidió na Life (£200 don dara háit) agus an iris An tUltach (£100 don tríú háit).
Tá an Slam Filíochta ag dul ó neart go neart ó thosaigh sé ceithre bliana ó shin agus é anois ar cheann de mhór-imeachtaí Liú Lúnasa. Reáchtáladh an imeacht sa gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál agus sa Black Box i lár chathair Bhéal Feirste roimhe seo, ach is ar líne a bheidh comórtas na bliana seo á reáchtáil.
Bhuaigh Colm Mac Gearailt comórtas na bliana seo caite lena dhán ’Deor-(a)íocht’, agus rinne NÓS físeán de mar chuid den mhórdhuais.