Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-plean-e5-billiun-chun-spreagadh-a-thabhairt-do-chursai-eacnamaiochta-seolta

Plean €5 billiún chun spreagadh a thabhairt do chúrsaí eacnamaíochta seolta

| Tuairisc.ie |

Tá a bplean €5 billiún chun spreagadh a thabhairt do chúrsaí eacnamaíochta seolta ag an Rialtas.

Deirtear sa phlean, ‘July Jobs Stimulus 2020’, go gcuirfear €40 milliún ar fáil mar infheistíocht chaipitil “i réimse tionscnamh a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta, ealaíon, turasóireachta agus Gaeltachta” ach seachas sin níl aon tagairt shonrach d’aon chaiteachas breise ar an nGaeltacht.

Tá an maoiniú do chúrsaí Gaeltachta luaite faoi ‘Investment in Communities and Job’ sa phlean mar a bhfuil €500 milliún geallta “to accelerate capital works across a wide range of areas”.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh tús á chur cheana féin ag ranna rialtais leis an 50 beartas atá sa phlean chun borradh a chur faoi chúrsaí eacnamaíochta atá buailte go dona ag an bpaindéim Covid-19.

Dúirt sé gur beartais “nár facthas a leithéidí cheana” a bhí sa phlean toisc go bhfuil ré “nár facthas a leithéid cheana” buailte linn.

“Táimid anois sa riocht gur féidir linn pleanáil don bhóthar atá romhainn. Is é mian ár gcroí obair i gcomhar le muintir na hÉireann,” arsa an Taoiseach.

Dúirt sé nach raibh “teaghlach, pobal ná gnó sa tír seo nár chuir an víreas seo isteach orthu”.

“Tá clár oibre atá soiléir agus práinneach leagtha amach sa bpacáiste spreagtha seo. Bealach atá ann a chuideoidh leis an tír seo teacht chuici féin ar bhealach a rachaidh chun tairbhe do gach cuid di.”

Faoin bplean spreagtha gearrfar an ráta VAT ó 23% go dtí 21% ar feadh sé mhí.

Gealltar €450 milliún mar thacaíocht do ghnóthaí.

Tá cúnamh breise, ar chostas idir €18 milliún agus €20 milliún, á chur ar fáil sa phlean do dhaoine atá ag ceannach a gcéad áit chónaithe. Faoi láthair 5% de phraghas an tí nó €20,000 an méid is mó a gheobhaidh duine ach tá an deontas sin á ardú go 10% de luach an tí nó €30,000.

Tá €100 milliún le cur ar leataobh do chlár athoiliúna agus feabhsú scileanna a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú le 47,500 duine a chaill a bpostanna de bharr an Covid-19.

Faoin bplean, leanfar ar aghaidh le híocaíochtaí dífhostaíochta na paindéime go dtí Aibreán na bliana seo chugainn cé nach nglacfar le haon iarratas nua ó mhí Mheán Fómhair 2020.

Ón 17 Meán Fómhair amach, aistreofar na daoine a bheidh ag fáil na híocaíochta sin go dtí an gnáthliúntas leasa shóisialaigh.

Beidh trí ráta liúntais ann – an t-uasráta nua €300 sa tseachtain, an ráta sa lár €250 sa tseachtain, agus an bunráta €203 sa tseachtain, an gnáthliúntas dífhostaíochta.

Beidh ‘dearbhán saoire sa mbaile’ le fáil faoi scéim nua chun spreagadh a thabhairt do ghnó na turasóireachta agus an fháilteachais agus muintir na tíre a mhealladh le saoire a chaitheamh ina dtír féin.

Beidh an lucht saoire in ann aisíocaíocht chánach €125 a éileamh má chaitheann siad suas le €625 ar lóistín, bia agus deochanna neamhalcólacha. Sa bplean chomh maith tá iasachtaí ísealchostais agus deontais bhreise chun cuidiú le gnóthaí dul i mbun oibre arís.

Deir an Rialtas gurb í an aidhm atá leis an bplean seo fostaíocht a chosaint agus a chruthú.

Níos mó