Tá a gcuid imeachtaí uile curtha ar fionraí ag Naomh Conaill i nGaeltacht Dhún na nGall agus iad ag fanacht ar thoradh tástála Covid-19 a cuireadh ar bhall den chlub.
Bhí seaimpíní 2019 lena gcéad chluiche sa Chraobh Shinsir Peile a imirt Dé Sathairn in aghaidh Bhaile na nGallógach.
Rinneadh an cinneadh stop a chur le himeachtaí uile an chumainn, ag gach grád agus gach aoisghrúpa, agus iad ag fanacht ar thoradh na tástála.
Dúirt CLG Dhún na nGall go mbraitheann tréimhse na fionraíochta ar thoradh na tástála.
Is iad Naomh Conaill an tríú cumann i nDún na nGall a chuir a gcuid imeachtaí ar fionraí le cúpla seachtain anuas.
Chuir Naomh Colmcille stop le himeachtaí nuair a d’imir ceann d’fhoirne an chumainn cluiche dúshláin i gcoinne na Glaice as Doire. D’fhógair cumann Dhoire cúpla lá i ndiaidh an chluiche go raibh faoi dhuine d’imreoirí an chumainn tástáil Covid-19 a fháil. Tá tús curtha le himeachtaí arís ag an dá chumann sin ó shin.
Bhí ar Chloich Cheann Fhaola stop a chur le himeachtaí an deireadh seachtaine seo caite chomh maith agus tástáil le déanamh ar dhuine d’imreoirí an chumainn. Ní raibh Covid-19 tolgtha ag an imreoir, áfach, agus d’éirigh le Cloich Cheann Fhaola cluiche sraithe a imirt Dé Domhnaigh.