Tá triúr drámadóirí ainmnithe ar ghearrliosta ‘Gradam Joe Steve’ .
Is iad Eoin Ó Dubhghaill, as Indreabhán i nGaeltacht Chonamara, Seán Ó Dubhchon, as Machaire Rabhartaigh i nGaeltacht Thír Chonaill agus Susanne Colleary, as Baile Easa Dara i gContae Shligigh atá san iomaíocht sa chomórtas drámaíochta a bunaíodh i mbliana in ómós do Joe Steve Ó Neachtain, an scríbhneoir agus aisteoir aitheanta Gaeltachta as an Spidéal a bhásaigh mí Eanáir seo caite.
Gearrdhrámaí Gaeilge comhaimseartha bunaithe ar scéalta miotais nó staire na hÉireann a bhí á lorg don chomórtas, atá á reáchtáil ag an chomhlacht Fíbín chun spreagadh a thabhairt do dhrámadóirí na Gaeilge
Beidh deis ag an triúr a bhain áit amach ar an ghearrliosta a gcuid saothar a fhorbairt faoi stiúir mholtóirí an chomórtais Philip Doherty, stiúrthóir ealaíne le Fíbín, Cillian Ó Donnachadha, léiritheoir Fíbín, agus Seán Ó hÉanaigh, craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Athinsint nua ar scéal ‘Oisín i dTír na nÓg’, scéalta béaloidis faoin Mhaighdean Mhara agus saothar greanntraigéide a bheas á bhforbairt don chomórtas.
€500 atá sa duaischiste do bhuaiteoir an chomórtais agus bronnfar dhá dhuais €200 freisin.
Tá sé i gceist ag Fíbín na drámaí a léiriú ar stáitse na Taibhdheirce agus a chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
RTÉ Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus An Taibhdhearc atá ag déanamh urraíochta ar Ghradam Joe Steve.
Agus an comórtas á fhógairt ag tús an tsamhraidh, dúirt Philip Doherty, Stiúrthóir Ealaíne Fíbín go rabhadar ag iarraidh “glúin nua scríbhneoirí a bhfuil rud éicint le rá acu” a aimsiú agus saothar a fhorbairt don raidió agus don stáitse.