Bhí foireann iomlán 123 duine fostaithe i mbun seirbhísí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ag deireadh na bliana seo caite, de réir meamram eolais nuafhoilsithe don Aire agus don Aire Stáit nua a ceapadh i Roinn na Gaeltachta sé seachtaine ó shin.
Tá 34 den fhoireann Ghaeilge ag obair i gCoimisiún na hEorpa, 29 sa Rúnaíocht Ghinearálta, 23 i bParlaimint na hEorpa agus 10 sa Chúirt Bhreithiúnais.
Tá an chuid eile ag obair mar oibrithe aonair nó i ngrúpaí beaga i measc institiúidí eile de chuid an Aontais.
Cruthaíodh cuid mhór de na poist sin de thoradh an chinnidh stádas a thabhairt don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2007.
De thoradh an stádais sin, caithfear an reachtaíocht ar fad a nglacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon léi a aistriú go Gaeilge agus caithfidh ateangaireacht ó Ghaeilge a bheith ar fáil ag aon seisiún iomlán de Pharlaimint na hEorpa agus ag roinnt cruinnithe de chuid na Comhairle.
Ceadaíodh maolú ar chuid de na dualgais teanga sin go dtí go mbeadh foireann iomlán aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge oilte le dul i mbun oibre.
Tá sé tugtha le fios sa mheamram eolais do na hairí nua-cheaptha gur “tosaíocht” aitheanta é “leanúint ag oibriú go dlúth le hinstitiúidí an AE, le córas oideachais na hÉireann agus le páirtithe leasmhara eile” chun go mbeadh daoine le cumas dóthanach Gaeilge ar fáil ionas go bhféadfaí deireadh a chur leis an maolú faoi 2022.
Ar na tosaíochtaí eile atá aitheanta ag Roinn na Gaeltachta don tréimhse romhainn tá:
- Tús a chur le hathbhreithniú ar struchtúr rialachais Údarás na Gaeltachta de réir an ghealltanais atá i gClár an Rialtais (3 mhí)
- Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a achtú agus na Rialacháin ghaolmhara a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. (6 mhí)
- Dréachtchaighdeáin nua a fhoilsiú don cineál seirbhíse trí Ghaeilge a chuirfidh comhlachtaí poiblí ar fáil in áit na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair (3 mhí)
- Cathaoirleach agus comhaltaí boird nua a cheapadh ar bhord Fhoras na Gaeilge agus ar an Bhord Ultaise (6 mhí)
- Pleananna gnó Fhoras na Gaeilge agus an Bhoird Ultaise le ceadú ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas (3 mhí)
- Athbhreithnithe ar Scéim na gCúntóirí Teanga agus an Scéim Folláine a fhoilsiú (3 mhí)
- Cead an Rialtais a fháil don chéad tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an Phlean Gníomhaíochta 5 bliana don Ghaeilge, 2018 go 2022, agus í a fhoilsiú (3 mhí)
- Pleananna teanga i ngach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga a cheadú agus a chur i bhfeidhm chomh maith leis na chéad 3 Líonra Gaeilge (6 mhí)
- Cead an Rialtais a fháil do Phlean Digiteach don Ghaeilge agus é a fhoilsiú (6 mhí)
- Cuidiú leis na gealltanais ó thaobh na Gaeilge a leagtar amach san chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua faoinar athbhunaíodh an Feidhmeannas ó thuaidh a sheachadadh (6 mhí)