9 nDéantóir eile ar Etsy a bhfuil táirgí Gaelacha ar díol acu
Seo daoibh 9 ndéantóir eile a bhíonn táirgí Gaelacha dá gcuid ar Etsy.
Chuir PEIG.ie alt amach an tseachtain seo caite faoin ábhar seo agus bheartaigh muid ceann eile a fhoilsiú mar gheall ar scoth na ndéantóirí Gaelacha atá amuigh ansin. Caith súil ar an liosta thíos.
1) WhatTaraDesigned
Cártaí spraíúla Gaelacha inoiriúnaithe ar fad déanta i gCill Chainnigh. Féach ar na táirgí ar fad anseo
2) CloverRua
Réimse iontach leathan cártaí agus priontaí le séadchomharthaí cáiliúla na harchathrach agus na hÉireann mar aon le roinnt ábhar eile. Féach ar na táirgí ar fad anseo
3) TankaAndHaikuPosters
Póstaeir dhátheangacha le stíl ealaíne faoi leith a bhfuil Mahatma Gandhi mar inspioráid orthu. Féach ar na táirgí ar fad anseo
4) LepsPlace
Póstaeir agus priontaí le béim ar mhóreachtraí spóirt mar aon le comharthaí bóthair agus contae sa stíl a aithnímid ar fad. Féach ar na táirgí ar fad anseo
5) GlowingWithGaeilge
Cártaí deasa Gaelacha le healaín uathúil agus seanfhocail aitheanta. Féach ar na táirgí ar fad anseo
6) Mireog
Cártaí, t-léinte agus leabhair nótaí ón gcomhlacht aitheanta atá lonnaithe i nDún Garbhán sna Déise. Féach ar na táirgí ar fad anseo
7) LAINEYKSHOP
Cártaí i nGaeilge do gach cineál ócáide. Féach ar na táirgí ar fad anseo
8) SuaimhneasCo
Cártaí agus comharthaí lámhdhéanta ar adhmad agus ar cloch. Féach ar na táirgí ar fad anseo
9) OghamArt
Réimse leathan táirgí ina bhfuil ogham in úsáid agus focail Ghaeilge in éineacht leis. Féach ar na táirgí ar fad anseo
Agus ceann breise le GullionGraphics
Níl ach táirge Gaeilge amháin ag an ndéantóir seo agus taitníonn sé go mór linn. Is prionta é leis an nath aitheanta atá ar eolas againn ar fad. Féach ar an táirge anseo