Céard a bhí i gceist le Gaeltacht X?
Mar is eol daoibh cuireadh na coláistí samhraidh ar ceal i mbliana ach bhí eispéireas nua Gaelach á reachtáil ar líne darbh ainm Gaeltacht X.
Cuireadh ‘ábhar siamsúil, spraíúil ar fáil do dhaoine óga leis an nGaeilge a choinneáil lárnach ina saol agus an domhan mór athraithe thart orainn.’
Bhí Síomha, Darragh, Chris agus Róisín mar chuid d’fhoireann Gaeltacht X. Bhí siad le feiceáil ar scéalta an chuntais gach seachtain agus ‘léargas á thabhairt acu ar an méid a bhí ar siúl go laethúil acu féin agus muintir Gaeltacht X i gcoitinne’.
‘Bheartaíomar blaiseadh éigin den eispéaras coláiste samhraidh sin a chur ar líne, áit dóibh leis an teanga a chloisteáil, idirghníomhu leis an teanga, agus deiseanna a thabhairt dóibh í a labhairt chomh maith’ – Síomha Ní Ruairc ó Chonradh na Gaeilge.
Mar chuid den eispéaras sin bhí agallaimh bheo ar Instagram, comórtais agus TikTokanna nua as Gaeilge san áireamh.
TikTok Gaeltacht X
View this post on Instagram
Am dinnéir sa Ghaeltacht is tú ag iarraidh a bheith béasach… #gaeilge #gaeltacht #gaeltachtx #tiktok
A post shared by Gaeltacht X (@gaeltachtx) on
Comórtas Amhrán Tí
Bhuaigh banna darbh ainm Burnchurch an Chomórtas Amhrán Tí, i gcomhpháirt le RTÉ 2FM. Is banna clainne as Cill Chainnigh iad; Éanna, Síofra, Ruairí agus Sadhbh.
‘Scríobhadar an t-amhrán seo tar éis dóibh an fíorscéal faoin Sultan a chloisteáil don chéad uair.’
Agallaimh Bheo
Oíche Mhór Gaeltacht X
D’eagraigh Gaeltacht X seó speisialta a chur i láthair ag Eoghan McDermott agus Niamh Ní Chróinín le ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh an tsamhraidh agus le deireadh Gaeltacht X. Bhí Oíche Mhór Gaeltacht X á craoladh beo ar Facebook Chonradh na Gaeilge, Instagram Gaeltacht X, YouTube RTÉ 2fm agus Raidió Rí-Rá.
Is féidir breathnú siar ar agallaimh le haoíanna spéisialta ar nós The Coronas, Lyra, Picture This agus eile thíos.
Dár ndóigh tá críoch ag teacht le Gaeltacht X ach ní dhéanfar dearmad ar an tréimhse seo dár saol. Is féidir súil a chaitheamh ar gach rud a rinne siad i mbliaina ar Instagram Gaeltacht X.