Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-duine-gan-albainis-a-scriobh-formhor-na-n-alt-albainise-ar-an-‘wikipaedia’

Duine gan Albainis a scríobh formhór na n-alt Albainise ar an ‘Wikipaedia’

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Bhí lámh ag “déagóir Meiriceánach gan Albainis” i scríobh agus i gcur in eagar fhormhór na n-alt Albainise ar an Vicipéid, dar le húsáideoir Reddit.

D’fhoilsigh an t-úsáideoir ‘Ultach1’ postáil fhada ar Reddit an tseachtain seo inar maíodh gur duine gan Albainis a scríobh na mílte alt ar an suíomh ciclipéide agus nach Albainis a bhí ann ar chor ar bith ach “Béarla nár litríodh i gceart agus corrfhocal Albainise caite ann go fánach”. 

Tá cáil mhór i measc chainteoirí na hAlbainise ar a dhona is atá caighdeán na Vicipéide sa teanga sin. De réir an mhéid a scríobh ‘Ultach1’ ar Reddit, áfach, is féidir an chuid is mó den locht sin a leagan ar eagarthóir amháin — déagóir Meiriceánach nach n-ainmnítear sa phostáil, ach atá éasca a aimsiú ar an Vicipéid. 

Bhí ‘Ultach1’ ag póirseáil na Vicipéide nuair a tháinig sé ar alt a bhí gann ar “stór focal na hAlbainise” agus a raibh “gramadach an Bhéarla” i bhfeidhm air. Sheiceáil sé stair na n-athruithe ar an alt agus chonaic sé nach raibh ach duine amháin tar éis eagarthóireacht ar an alt riamh. Nuair a chliceáil sé ar leathanach an eagarthóra seo, taibhsíodh dó go ndearna an duine céanna eagarthóireacht ar na mílte leathanach eile. 

“Bhí gach leathanach a chruthaigh sé ar an gcaoi chéanna. Díreach mar a chéile leis an leagan Béarla den alt ach an litriú athraithe anseo agus ansiúd, agus uair sa chéad bhí focal Albainise caite isteach ina lár,” a dúirt sé. 

Tugtar le fios ar leathanach próifíle an eagarthóra gur scríobh sé 20,000 alt agus go ndearna sé 200,000 athrú ar leathanaigh eile faoin mbliain 2018. Tá na mílte eile déanta aige ó shin, agus gan ach 60,000 alt Albainise ar an Vicipéid in 2020. 

“Is é sin le rá gur féidir aon trian den ábhar Albainise atá ar an Vicipéid i láthair na huaire a luaigh leis an duine seo, agus tá mé a cheapadh go mbeadh an figiúr sin i bhfad níos airde dá gcoinneodh sé air ag foilsiú na gcloch míle eagarthóireachta, mar choinnigh sé air ag scríobh agus ag déanamh eagarthóireachta idir 2018 agus 2020. 

“Dá ndéanfaí i gceart é éacht amach is amach a bheadh ann. Tá sé á dhéanamh le beagnach deich mbliana, agus naoi n-alt sa lá ar an meán á ndéanamh aige. Anuas air sin, is é príomhriarthóir na hAlbainise ar an Vicipéid féin, agus sa ról sin le seacht mbliana. Scríobhadh gach alt de réir an chaighdeáin a leag seisean amach,” a dúirt ‘Ultach1’. 

Maíonn sé gur léir nach bhfuil an Albainis ar a thoil ag an eagarthóir seo agus gur minic nach mbacann an duine ailt atá i mBéarla aistriú go hAlbainis ar chor ar bith.

“Baintear an úsáid mhícheart as gnéithe den Albainis atá coitianta sa teanga, agus a fhaightear i mBéarla na hAlban fiú…agus cumtar focail a bhfuil an chosúlacht orthu gur focail Bhéarla iad scríofa deir fhoghraíocht na hAlban…agus uaireanta coinnítear frásaí agus abairtí iomlána Béarla sna hailt gan iarracht dá laghad Albainis a chur orthu, gan chaint ar fhocail chuí Albainise a úsáid,” a deir sé.

Tá go leor cainte tarraingthe ag an bpostáil ar Reddit ar na meáin shóisialta, go mór mór in Albain agus i measc na gcainteoirí Albainise.  

Níos mó