Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘go-raibh-maith-agat,-a-dhaid,-as-an-saol-maith-a-chaith-tu’-–-sochraid-‘laoch-mor-na-heireann’-john-hume

‘Go raibh maith agat, a Dhaid, as an saol maith a chaith tú’ – sochraid ‘laoch mór na hÉireann’ John Hume

| Tuairisc.ie |

Dúradh ag aifreann sochraide John Hume inniu go raibh daoine ann nach mbeadh beo in aon chor murach “fís agus obair” iarcheannaire an SDLP.

“Ná bíodh dul amú ar aon duine, tá daoine beo inniu nach mbeadh beo ar chor ar bith murach an fhís a bhí ag John agus an obair a rinne sé. D’fhéadfadh aon duine againn a bheith i gceist,” arsa an tAthair Paul Farren, ceiliúraí Aifreann na sochraide.

Le linn an aifrinn in Ardeaglais Naomh Eugene i nDoire, dúirt an tAthair Farren nár loic riamh ar an gcreideamh a bhí ag John Hume sa tsíocháin ná ina chumas féin a chur ina luí ar dhaoine eile gurb í an tsíocháin “an t-aon bhealach” chun cinn a bhí ann.

“Má bhí fear riamh ann a chaith a shaol agus a shláinte ar son a thíre, ba é John Hume an duine sin. Tá a fhios ag an saol mór é sin.”

“Is é an t-aon duine ar domhan é ar bronnadh air Duais Nobel na Síochána, Duais Síochána Gandhi agus Duais Síochána Martin Luther King.

“Rinne an Pápa Benedict XVI Ceannridire ar Ord an Phápa Naomh Gréagóir Mór de.

“Lena linn sin go léir, thar aon rud eile, fear ab ea John a bhí mórtasach gurbh as Doire dó.”

Dúirt an tAthair Farren gurb í an sprioc a bhí ag John Hume ná go mbeadh rath ar a bhaile dúchais agus ar mhuintir Dhoire. Beidh áit ag John Hume agus a bhean, Pat, “i stair na hÉireann”, arsa an tAthair Farren.

“Laoch mór na hÉireann” ab ea John Hume, ar sé.

Dúirt John Hume Jr, mac John Hume nárbh “aon dóithín é achoimre a dhéanamh ar shaol Dhaid i gcúpla nóiméad”.

“D’fhear nach raibh in ainm is a bheith aige ach an t-aon óráid inaistrithe amháin, rinne Daid go leor rudaí éagsúla le linn a shaoil.

Pictiúr: Stephen Latimer Photography / RollingNews.ie / POOL

“Chuir sé ag gáire, ag brionglóidí agus ag machnamh sinn agus uaireanta d’fhág sé sinn ag féachaint air agus ár gceann á thochas againn le teann iontais.

“Chomh maith leis sin, choimeád sé brabús nach beag le tionscal na seacláide in Éirinn ar feadh blianta. Yorkies, Crunchies, Creme Eggs, Double Deckers, Wispas, ní raibh ceann ar bith acu nár bhreá leis é.

“B’ait linn go minic gur chreid  fear a raibh sé d’éirim ann Duais Nobel a bhuachan gur lú an meáchan a chuirfeadh na Crunchies ort toisc iad a bheith lán d’aer,” arsa John Hume Jr.

Dá mbeadh a athair ansin, a dúirt sé, bheadh sé ag iarraidh ar dhaoine féachaint ar na gaiscí a dhéanann cúramóirí óga gach lá agus ar an meas mór a bhíonn acu ar chách.

“Seo iad na bunchlocha atá riachtanach do gach pobal. Ráineodh go dtabharfadh an tUrramach Martin Luther King polaitíocht an ghrá air. Go raibh maith agat, a Dhaid, as an saol maith a chaith tú,” arsa John Hume Jr.

Orthu siúd a bhí i láthair ag aifreann na sochraide, a raibh srianta dochta Covid-19 i bhfeidhm aici, bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn, an Taoiseach Micheál Martin agus Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, Arlene Foster agus Michelle O’Neill.

Pictiúr: Stephen Latimer Photography / RollingNews.ie / POOL

Léadh amach teachtaireachtaí ómóis ó pholaiteoirí agus daoine aitheanta ar fud an domhain, ina measc An Pápa Proinsias, an Dalai Lama, Bill Clinton, Boris Johnson agus Bono.

Sa teachtaireacht ón bPápa a Proinsias a léadh amach ag tús an aifrinn, dúradh gur “údar bróin” don Phápa bás iarcheannaire an SDLP agus moladh a shaothar ar son na síochána.

Dúirt an Dalai Lama ina theachtaireacht siúd go mairfeadh teachtaireacht John Hume i dtaobh na síochána agus ról an neamhfhoréigin sa réiteach coinbhleachta.

“Saol fiúntach amach is amach a bhí aige,” arsa an Dalai Lama.

Dúirt Bill Clinton gurb ionann John Hume agus “Martin Luther King na hÉireann”.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson gur “fathach” ab ea John Hume mar pholaiteoir agus gur áit “níos sábháilte, níos láidre agus níos fearr” a bhí sa Tuaisceart de bharr a chuid oibre.

Léadh amach leagan ciorraithe de theachtaireacht ó phríomhamhránaí U2, Bono:

“Fathach a bhí á lorg againn agus fuaireamar fear a chuir go mór le saol an uile dhuine againn.

“Sárchumhachtaí a bhí á lorg againn agus fuaireamar grinneas smaointe, cineáltas agus diongbháilteacht.

“Réabhlóid a bhí á lorg againn agus fuaireamar í i hallaí pobail, le tae agus brioscaí agus cruinnithe déanach san oíche faoin sruthsholas.

“Idirbheartaí a bhí á lorg againn a thuig nach mbíonn an bua ag aon duine nó go mbíonn an bua ag cách agus gurb í an tsíocháin an t-aon bhua.

“Sonas a bhí uainn agus chualamar sin in amhrán fir a thug an-ghean dá bhaile agus gean níos mó fós dá bhean chóir.

“Ceannaire iontach a bhí á lorg againn agus fuaireamar seirbhíseach iontach.

” John Hume a fuaireamar,” arsa Bono.

Ag deireadh an aifrinn, dúirt an slua, a bhí teoranta de bharr an choróinvíris, Paidir Naomh Proinsias Assisi agus sheinn

Phil Coulter ‘The Town I Loved So Well’, an t-amhrán ab ansa le John Hume. 

Lasmuigh den Ardeaglais, tugadh bualadh bos mar chomhartha ómóis do John Hume agus a chónra á cur san eileatram dá thuras deireanach.

Níos mó