Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-imni-faoi-choilineacht-naitsioch-i-‘ngaidhealtachd-cheanada’-


Imní faoi choilíneacht Naitsíoch i ‘nGàidhealtachd Cheanada’ 


| Maitiu O Coimin |

De réir tuairisce a foilsíodh ar an nuachtán Gearmánach Der Spiegel le deireanas, táthar in amhras faoi roinnt Gearmánach a bhfuil ‘meon donn’ — sofhriotal a úsáidtear le tagairt do dhaoine a bhfuil bá acu le smaointeoireacht na Naitsithe — atá á lonnú féin i gCeap Bhreatainn Cheanada, ceantar a luaitear go minic le pobal na Gàidhlig sa tír sin. 

Sa ngné-alt a foilsíodh ar Der Spiegel, tá na céadta Gearmánach tar éis aistriú chuig an oileán ach tá cuid de mhuintir an oileáin in amhras faoin bpolaitíocht atá ag roinnt de na hinimircigh nua. 

Dúirt “fear gnó as an nGearmáin” atá ina chónaí san oileán le nuachtán a thíre dúchais go bhfuil “deutsche Staatsbürger mit braunem Gedankengut” (saoránaigh Ghearmánacha a bhfuil meon donn acu), radacaigh na heite deise, agus “idéalaithe comhcheilge” i mbun iarrachta “coilíneacht a bhunú” i gCeap Bhreatainn.

I measc na ndaoine is mó a chothaíonn conspóid, tá Frank Eckhardt, fear as an nGearmáin a dhíolann réadmhaoin i gCeap Bhreatainn, agus Andreas Popp, céile an phearsa teilifíse Eva Herman, bean a chosain polasaithe de chuid na Naitsithe cheana. Maíonn Der Spiegel  gur “idéalaí comhcheilge” é Eckhardt, agus de réir a shuímh idirlín féin tá “coilíneacht” cruthaithe aige san oileán do “dhaoine a bhfuil an dearcadh céanna acu” — an tátal a bhaineann Der Spiegel as sin ná gur daoine a bhfuil an “meon donn” sin acu. 

Bhunaigh Popp, atá 59 bliain d’aois eagraíocht d’acadóirí na heite deise thart ar 15 bliain ó shin — an Wissensmanufaktur. Tá an eagraíocht lonnaithe in Niedersachsen na Gearmáine, ach tá Popp ag oibriú as Ceanada le fada an lá, ag iarraidh infheisteoirí ón nGearmáin a mhealladh chuig an oileán. 

Tá Eva Herman, a chaill a post mar láithreoir teilifíse ar an stáisiún Norddeutscher Rundfunk in 2007 nuair a thacaigh sí go poiblí le polasaithe de chuid na Naitsithe maidir leis an teaghlach agus ról na mban sa tsochaí. Tá sí ag obair anois ina hoifigeach cumarsáide leis an Wissensmanufaktur

Reáchtálann an eagraíocht cúrsaí bliantúla, a mhaireann thart ar mhí ar fad, in óstán Dundee gar don áit a bhfuil cónaí ar Popp agus Herman. Tugtar cuirí do rannpháirtithe a roghnaíonn Popp féin a bhfuil “intinn ghrinn” acu, agus freastalaíonn suas le 30 de na daoine seo ar “sheimineáir, léachtaí, agus plé” a thugann “dúshlán na meán claonta”. 

Andreas Pop agus Eva Herman

Anuas ar Herman agus Popp, bíonn aoi-chainteoirí i láthair ag na hócáidí seo (a mbíonn costas €3,000 orthu idir eitiltí, óstáin, agus sheimineáir) agus is iondúil gur teoiricithe comhcheilge de chuid na heite deise agus “Eurokritikern” (daoine atá in amhras faoin Aontas Eorpach) ar nós Michael Vogt agus Karl-Albrect Schnachtschneider. 

Tá go leor leor scríofa ag Popp i gcaitheamh a shaoil faoin ngeilleagar agus faoi rialú na Gearmáine agus an domhain. Maítear ar Der Spiegel go léiríonn sé meas ar na heacnamaithe céanna a raibh meas ag Adolf Hitler orthu, agus go bhfuil tagairtí do na polasaithe a chum an Naitsí Gottfried Feder. Thagair Hitler do na polasaithe céanna níos mó ná uair amháin ina leabhar Mein Kampf

Anuas air sin, tuairiscítear go bhfuil rian den smaointeoireacht frith-Sheimíteach le fáil i saothar Popp. Ní hé go séanann sé gur tharla an tUileloscadh, mar shampla, ach ní úsáideann sé an téarma riamh agus déanann sé beag is fiú den mhéid a d’fhulaing na hIúdaigh i nGearmáin na Naitsithe. Maíonn sé freisin nár cheart do na hIúdaigh ná d’Iosrael stát na Gearmáine a cháineadh a thuilleadh. 

Agus na hócáidí seo ar siúl sa samhradh, bíonn deis ag na rannpháirtithe breathnú ar thithíocht sa gceantar agus casadh lena “gcomhthírigh Eorpacha” a cheannaigh teach ann cheana. 

Maíonn Popp féin nach bhfuil baint ar bith ag an Wissensmanufaktur leis an gcomhlacht réadmhaoine, ach mar sin féin tá físeán a rinne Popp agus Herman ar leathanach baile an Cape Breton Real Solutions ina labhraíonn an bheirt acu ar feadh uair an chloig faoi na buntáistí a bhaineann le teach a cheannach in Albain Nua — an “áit is sábháilte ar domhan”, nach bhfuil aon “bhaol polaitiúil” ann. 

Maidir le Frank Eckhardt, bhíodh sé féin ag obair i gcomhar leis an mbeirt eile le Gearmánaigh a mhealladh go Ceanada ach tá sé ag obair as féin le tamall de bhlianta anuas. Ní bhíonn seimineáir á reáchtáil aige, ach bíonn sé gníomhach ar fhóraim ar líne a mbíonn antoiscigh de chuid na heite deise orthu go rialta. Tuairiscítear ar Der Spiegel go dtéann Eckhardt i dteagmháil leis na daoine seo faoi thalamh a cheannach i gCeanada. 

Ó thosaigh na hEorpaigh á lonnú féin i Meiriceá Thuaidh, is le pobal Gàidhlig na hAlban a shamhlaítear Albain Nua agus go mór mór Ceap Bhreatainn agus is ann atá Colaisde na Gàidhlig, an t-aon institiúid i Meiriceá Thuaidh atá dírithe ar chultúr Gaelach na hAlban. 

Ba í an Ghàidhlig a chloistí den chuid ba mhó ar an oileán dhá chéad bliain ó shin, agus tá traidisiún láidir Gaelach ann sa lá atá inniu ann. 

Níos mó