Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-john-hume-1937-2020:-rinne-se-cion-fathaigh-ar-son-mhuintir-na-heireann-agus-na-siochana

JOHN HUME 1937-2020: Rinne sé cion fathaigh ar son mhuintir na hÉireann agus na síochána

| Poilin Ni Chiarain | ,

Tá John Hume, iarcheannaire an SDLP ar bronnadh Duais Nobel na síochána air, tar éis bháis.

Bhí sé 83 bliain d’aois.

Státaire na hAoise. Fear físe, ailtire na síochána, iarTheachta in Stormont, iarfheisire Parlaiminte, iarfheisire Eorpach.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin rian atá fágtha ag iarcheannaire an SDLP ar shaol na hÉireann. Ní de sheans a tharla gurb é an t-aon duine ar bronnadh na trí mhórghradam síochána air, an Duais Nobel, Duais Martin Luther King agus Duais Gandhi. Roghnaigh pobal na hÉireann é mar státaire na 20ú aoise i suirbhé agus bhí tionchar aige sa bhaile agus i gcéin.

Bhí a fhís d’Éirinn chomhroinnte ina n-aontófaí na daoine á craobhscaoileadh aige go luath sna seascaidí agus shaothraigh se go dian chun an fhís a fhíoradh.

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn gur athraigh John Hume polaitíocht na hÉireann ó bhonn agus gur sheas sé an fód ar son phrionsabail an daonlathais in ainneoin na mbagairtí a rinneadh air.

Dúirt an tUachtarán gur chóir don uile dhuine a bheith buíoch go raibh John Hume ann chun “solas an dóchais” a lasadh le linn an ghéibhinn.

“Ní áibhéil ar bith é a rá go ndearna John Hume an pholaitíocht in Éirinn a athrú ó bhonn agus a athmhúnlú, trína chuid focal, trína thaidhleoireacht chríonna agus trína bheith sásta éisteacht leis an tuairim ‘Eile’, rud ba dheacair glacadh leis uaireanta agus lorg sé an tsíocháin lena chrógacht phearsanta agus a cheannaireacht chomh maith leis an gcreideamh daingean a bhí aige i bprionsabail agus i luachanna an fhíordhaonlathais,” arsa an tUachtarán.

Dúirt Micheál D Ó hUigínn gur chóir don uile dhuine a bheith buíoch go raibh John Hume ann chun dóchas a thabhairt do dhaoine le linn an ghéibhinn.

“Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom a rá gur cheart dúinn a bheith buíoch go raibh leithéid John Hume againn chun léas dóchais a thabhairt dúinn le linn tréimhse a bhí fíordheacair.”

Dúirt Ó hUigínn go raibh John Hume inchurtha “le Parnell agus Dónall Ó Conaill”.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin, gur “laoch mór agus fear déanta síochána curthanta” a bhí ann.

“Tá sé dodhéanta cur síos ceart a dhéanamh ar scála agus ar thábhacht shaol John Hume. Bhí sé ar dhuine d’fhathaigh an tsaoil phoiblí in Éirinn sa chéad seo seo caite. A fhís agus a dhuthracht a shábháil an tír seo,” arsa an Taoiseach.

David Trimble agus John Hume agus a nduaiseanna Nobel bronnta orthu i Halla Pobail Oslo mí na Nollag 1998

Rugadh John Hume i nDoire é i 1937, an duine ba shine de sheachtar clainne. Bhí an teaghlach bocht, fearacht an chuid ba mhó de mhuintir Dhoire. Bhí se ar an gcéad ghlúin den phobal a fuair saoroideachas tríú leibhéal. Mar mhúinteoir óg sa chathair roghnaigh se a dhul i ngleic leis an mbochtanas; bhí sé gníomhach i bhfeachtas tithíochta agus bhí sé ar dhuine bhunaitheoirí an Chomhar Chreidmheasa. Bhí se ina chathaoirleach ar an bhfeachtas chun Ollscoil nua a bhunadh i nDoire agus thug míshástacht an phobail le cinneadh na nAontachtach í a lonnú i gCúil Raithin chuig gluaiseacht na gcearta sibhialta é.

Bhí se i measc bhunaitheoirí an SDLP in 1970 agus ba é an dara ceannaire ar an bpáirtí é ó 1979 go 2001. Sheas sé go tréan in aghaidh an fhoréigin i gcónaí agus theastaigh uaidh a áiteamh ar ghluaiseacht na Poblachta go mbeadh bealach na síochána níos córa agus níos éifeachtaí ná an lámh láidir. Ina theannta, sin chreid se gur bhotún é leagan amach rialtas na Breataine gur cheist a bhain le cúrsaí slándála a bhí le fuascailt i dTuaisceart Éireann. Rith sé feachtas idirnáisiínta i Meiriceá agus san AE chun tacaíocht a fháil don gcur chuige polaitiúil. Be an tUachtarán Jimmy Carter i Meiriceá an chéad duine a ndeachaigh sé i bhfeidhm air agus d’fhorbair sé an caidreamh le Meiriceá go dtí aimsir Clinton nuair a bhí seisean an-ghníomhach i bpróiseas na síochána.

John Hume agus Gerry Adams i gCaisleán Bhail Átha Cliath i 1994 Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Dúirt Gerry Adams liom blianta ó shin nach mbeadh próiseas síochána ann murach John Hume, moladh mór.

Dúirt Adams inniu go raibh sé de mhisneach ag iarcheannaire an SDLP dul sa seans ar son na síochána nuair a bhí daoine eile sáinnithe i polaitíocht “an achasáin”.

Cáineadh Hume go géar i ngeall ar a chainteanna le Adams as ar eascair idirbheartaíocht na síochána agus Comhaontú Aoine an Chéasta. Ghoill na hionsaithe ar Hume agus a mhuintir ach bhí se meáite de gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid da mbainfí síocháin amach.

Tá lorg a chuid smaointe ar gach socrú a rinneadh ó Sunningdale i 1973, go caisleán Hillsborough i 1985 agus Stormont i 1998. Rinne sé cion fathaigh ar son a mhuintire.

Bhí éifeacht ag an síorobair ar a shláinte. D’éirigh se as an bpolaitíocht ar fad in 2004. Bhí néaltrú air agus fuair sé bás in ionad cúraim Owenmore i nDoire aréir agus a bhean, Pat, a chrann taca, agus a gclann, Aine, Therese, John jnr, Aidan, agus Mo, ina fhochair.

Níos mó