Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-learscail-tolkien-each-ghaeilge-d’eirinn-cruthaithe-ag-‘lord-of-maps’

Léarscáil Tolkien-each Ghaeilge d’Éirinn cruthaithe ag ‘Lord of Maps’

| Maitiu O Coimin |

Tá léarscáil ealaíonta den tír seo, i stíl cháiliúil an údair JRR Tolkien, cruthaithe ag ‘Lord of Maps’, agus logainmneacha na tíre i nGaeilge uirthi. Is é Isaac Dushku, as Centerville in Utah, Tiarna seo na Mapaí, agus le sé mhí anuas tá a cháil bainte amach aige as feabhas a chuid léarscáileanna. 

Cé nach bhfuil an ghnólacht ‘Lord of Maps’ ar an bhfód ach le sé mhí anuas, tá na mílte leantóirí ag Isaac ar na meáin shóisialta, agus tá an chartagrafaíocht ealaíonta seo anois ina gnó lánaimseartha. 

Dúirt sé le NÓS gur chinn sé léarscáil den tír seo a tharraingt mar gheall ar an gcáil atá ar mhuintir na hÉireann i Meiriceá as an mbród atá acu dá dtír dhúchais. Níor thuig sé nuair a thosaigh sé ar an togra go raibh teanga dár gcuid féin againn anseo, ach a luaithe is a chuala sé faoin nGaeilge, bheartaigh sé an dara léarscáil a dhéanamh sa teanga sin.

“Ba í an Nua-Shéalainn an léarscáil idirnáisiúnta a rinne mé. Bhí mé ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine a bhí ina gcónaí i dtíortha áille agus a bhí bródúil astu. An cháil atá ar na hÉireannaigh i Meiriceá ná gur mór an grá atá acu dá dtír. 

“Chroch mé pictiúr den dul chun cinn a bhí déanta agam ar léarscáil na hÉireann ar Instagram. Bhí  ‘CONNAUGHT’ agus ‘MUNSTER’ agus na cúigí eile ann, agus dúirt roinnt daoine liom — agus is mé atá buíoch go ndúirt — fáil réidh leis na hainmneacha coilíneacha agus é a dhéanamh i nGaeilge,” a dúirt Isaac le NÓS. 

Dúirt sé nár thuig sé gur ann don Ghaeilge ar chor ar bith go dtí go ndearna sé an leagan Béarla den léarscáil, agus gur theastaigh cúnamh mór uaidh an leagan Gaeilge a dhéanamh i gceart. 

“Nach mé an t-amadán, nár thuig gur ann don Ghaeilge. Iontas na n-iontas, is ann agus go leor cainteoirí fós ann freisin. Ach theastaigh cúnamh mór uaim, agus bhailigh mé an t-eolas tríd an sluafhoinsiú ó mhuintir na hÉireann. 

“Bhí an-eolas ag cuid acu ar an nGaeilge, agus bhí breaceolas ag daoine eile. Bhain mé an-spórt as a bheith ag labhairt le daoine na mílte mílte i gcéin faoi thír a raibh an oiread sin grá acu di. Ní bhfuair mé spreagadh mar sin ó aon léarscáil eile ná ó dhaoine eile ná mar a fuair ó léarscáil na hÉireann agus muintir na hÉireann,” a dúirt sé. 

Tá Isaac 22 bliain d’aois agus ina chónaí in Centerville in Utah lena bhean chéile, atá ag súil le páiste ag tús na bliana seo chugainn. Ba mhac léinn é nuair a chuir sé tús le ‘Lord of Maps’ níos luaithe i mbliana, ach tá an comhlacht anois ina ghnó lánaimseartha agus na céadta custaiméirí aige. 

“Ní chuirfinn síos orm féin mar ealaíontóir. Níor cheap mé go raibh mé chomh maith sin! Déanaim an chuid is mó den tarraingt ar chúl mo thascanna matamaitice, nuair a ba chóir dom a bheith ag breacadh nótaí ón rang. Mar sin féin, foghlaimím go tapa agus d’aithin mé deis iontach ann i saol na léarscálaíochta,” a dúirt Isaac le NÓS. 

Ba i mí Mhárta na bliana seo a chroch sé léarscáil dá chuid — a stát dúchais Utah — ar na meáin shóisialta, splanc a chuir tús le ‘Lord of Maps.

“Tharraing mé léarscáil an-simplí de mo stát dúchais i stíl Tolkien ar ghnáthleathanach printéara agus chroch go drogallach ar Facebook í, rud nach ndearna mé riamh. Nach orm a bhí an t-iontas nuair a dúirt cara liom go gceannódh sé an léarscáil gharbh sin. Ba ansin a thuig mé go mbeadh éileamh ar a leithéid! Tharraing mé léarscáil mionsonraithe ansin agus chuir ar Facebook Marketplace é. 

“Thosaigh daoine ag ceannach léarscáil Utah agus ag iarraidh orm stáit eile a dhéanamh. A mhac go deo, a dúirt mé liom féin! Níorbh fhada go mbíodh mé ag tarraingt a luaithe is a thagainn abhaile ón rang. Ní raibh mé i dtaithí air agus bhíodh mo lámh an-tinn!” a dúirt sé. 

Ba é a dheartháir, fostaí de chuid Facebook, a chuir ar bhóthar a leasa é agus a mhol dó iarracht a dhéanamh airgead ceart a thuilleamh óna cheird. 

“Ar dtús, ba bhealach deas é cúpla pingin bhreise a thuilleadh, go dtí go ndúirt mo dheartháir liom gur cheart dom fógraí a cheannach ar na meáin shóisialta — moladh a d’athraigh mo shaol ó bhonn. A luaithe is a chuaigh na chéad fhógraí amach, iompaíodh ina ghnólacht lánaimseartha é. 

“Tá 16 léarscáil déanta anois agam de stáit agus tíortha agus tá leantóirí agam ar fud an domhain. I mí an Mhárta bhí 140 duine do mo leanacht ar Instagram agus anois tá os cionn 14,000 duine ann, a dúirt Isaac. 

Mheall stíl cháiliúil Tolkien é an chéad lá mar gheall ar an ngrá atá ag Isaac do na scéalta féin. Domhan “aoibhinn, draíochta, réalaíoch” a chruthaigh JRR Tolkien sna leabhair The Lord of the Rings agus gur chuir na léarscáileanna, a tharraing an t-údar de lámh, go mór leis na leabhair. 

“Is breá liom a bheith ag breathnú ar na sléibhte a tarraingíodh de lámh, agus ag foghlaim ainmneacha na mbailte beaga agus na n-aibhneacha. Déanta na fírinne, is fearr an t-eolas atá agam ar thíreolas an Mheán-domhain ná mar atá agam ar aon tír sa domhan seo!” a dúirt sé. 

Tá sé i gceist ag Isaac léarscáileanna de stáit uile a thíre dúchais a tharraingt anois, chomh maith le tíortha eile san Eoraip, san Áise agus san Afraic. 

Is féidir an leagan Gaeilge dá léarscáil den tír seo a cheannach anseo agus ‘Lord of Maps’ a leanacht ar Instagram anseo

Níos mó