Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ni-ligfimid-do-seo-leanacht-ar-aghaidh’-–-rabhadh-ronan-glynn-faoi-ardu-ar-chasanna-covid-19

‘Ní ligfimid dó seo leanacht ar aghaidh’ – rabhadh Ronan Glynn faoi ardú ar chásanna Covid-19

| Tuairisc.ie |

‘Ní ligfimid dó seo leanacht ar aghaidh…’ B’in an rabhadh a bhí ag an bPríomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, aréir, nuair a fiafraíodh dó cad a tharlódh dá leanfadh ráta scaipthe an Covid-19 agus líon na gcásanna nua orthu ag ardú.

Tráth a bhfuil srianta dianghlasála nua á dtabhairt isteach ag tíortha eile san Eoraip, dúirt an Dr Glynn go nglacfaí “céimeanna” chun srian a chur le scaipeadh an ghalair anseo “dá mba ghá”.

Bhain 49 den 69 cás nua a fógraíodh aréir le contaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí agus thug NPHET le fios aréir nach bhféadfaí srianta dianghlasála do na ceantair sin amháin a chur as an áireamh.

Deir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí nach bhfuil aon scaipeadh forleathan feicthe go fóill acu i measc an phobail ach go bhfuil “baol suntasach” ann go dtarlódh a leithéid sna seachtainí seo amach romhainn.

D’fhógair an Roinn Sláinte aréir bás cúigear eile a raibh Covid-19 orthu agus deimhníodh 69 cás nua den ghalar.

Tugadh le fios chomh maith go mbeifí ag fógairt tráthnóna inniu thart ar 60 cás nua eile i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí amháin.

Dúirt an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh roinnt údar imní sna figiúirí is déanaí maidir le líon na gcásanna nua den ghalar, go háirithe sna trí chontae sin. 

Dúirt Príomhoifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte gur i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí a bhí beagnach leath na gcásanna le coicís anuas.

Údar imní é chomh maith, a dúradh, gur 1.8 anois ráta scaipthe an ghalair, nó an uimhir R. 1.3 a bhí ann an tseachtain seo caite.

Dúirt an Dr Glynn gurb é an rud is tábhachtaí faoi láthair ná a chinntiú nach scaipeann na ráigeanna den ghalar i measc an phobail sna trí chontae is mó a bhfuil imní fúthu.

“Le 14 lá anuas deimhníodh 226 cás nua i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí. Sna trí chontae sin a bhí beagnach leath na gcásanna ar fad a bhí againn in Éirinn sa gcoicís sin.

“Cé go mbaineann an chuid is mó de na cásanna sin le ráigeanna, is líon an-suntasach cásanna é agus is é an cúram is práinní atá orainn anois a chinntiú nach scaipfidh an víreas i measc an phobail ó na ráigeanna sin.

“Tá súil ghéar á coinneáil ag NPHET ar chúrsaí. Impím ar dhaoine sna contaetha sin a bheith fíorchúramach ionas go gcuirfear cosc le scaipeadh an víris níos measa sna ceantair sin,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Bhain 22 den 69 cásanna nua le hUíbh Fhailí, bhain 19 acu le Cill Dara agus bhain ocht gcinn acu le Laois. Sé chás a bhí i mBaile Átha Cliath agus bhí an 14 cás eile in ocht gcontae éagsúla – Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Luimneach, Lú, an Mhí agus Loch Garman.

Deimhníodh gur bhain 39 den 69 cás le ráigeanna nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Deimhníodh gur bhain dhá cheann de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal. Daoine faoi bhun 45 a bhí i gceist le 65% de na 69 cás nua.

Dúirt Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltú  Eipidéimeolaíochta NPHET, an Dr Philip Nolan, go raibh líon na gcásanna nua den ghalar dúbailte le seachtain.

Ráigeanna den ghalar i gceantar Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí a bhí i gceist le formhór na gcásanna nua. Bhain 60% de na cásanna le coicís anuas le ráigeanna nó le gartheagmháil. 20% de na cásanna a bhain, nó a mheastar a bhain, le scaipeadh sa phobal.

Dúirt Nolan chomh maith go raibh stop tagtha leis an laghdú ar líon na ndaoine a bhfuil an galar orthu atá á gcur sna hospidéil. 11 duine a bhí sna hospidéil inniu agus cúigear acusan a bhí in ICU.

Seisear othar a bhí sna hospidéil seachtain ó shin agus bhí ceathrar acusan in ICU.

Dúirt an Dr Philip Nolan:

“Tá ardú suntasach tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 le seachtain. Meastar go bhfuil ráta scaipthe an ghalair, an uimhir R, ag 1.8 faoi láthair. An-údar imní a bheadh ann an uimhir R a bheith ag 2 agus cé nach bhfuil aon scaipeadh forleathan feicthe go fóill againn i measc an phobail, tá baol suntasach ann go dtarlódh a leithéid sna seachtainí seo amach romhainn.

“Sin é an fáth go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeimis ar fad an-chúramach go deo ionas nach mbeimis féin ag cur le scaipeadh an víris seo.” 

2,319 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,763 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

32,421 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,372 cás ó dheas agus 6,049 cás ó thuaidh.

Níos mó