Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tuairisc-on-spainn:-juan-carlos-i-ar-a-theitheadh-agus-a-chail-scriosta

TUAIRISC ÓN SPÁINN: Juan Carlos I ar a theitheadh agus a cháil scriosta

Go tobann Dé Luain seo caite, d’fhógair iar-Rí na Spáinne, Juan Carlos I na mBúrbónach, go bhfuil sé chun an Spáinn a fhágáil agus cur faoi thar lear. Tháinig an scéala aniar aduaidh ar mhuintir na Spáinne agus níl tada eile ach é sna meáin ó shin.

Is ar mhaithe lena mhac Rí Pilib VI, a tháinig i gcomharbacht air in 2014, atá sé ag fágáil na tíre dar leis. Níl sé ag iarraidh go mbeadh a mhí-chlú féin ag teacht salach ar obair a mhic mar cheann stáit, a scríobh sé i litir a d’eisigh an chúirt ríoga.

Tá Juan Carlos I i mbéal an phobail anseo le roinnt mhaith blianta, agus is ag dul i laghad atá a cháil an t-am ar fad. Bhí meas air tráth. Bhí ról lárnach aige i bpróiseas aistrithe na Spáinne ó dheachtóireacht go daonlathas agus sa mhonarcacht bhunreachtúil a bunaíodh tar éis bhás Franco.

Tugadh isteach leasuithe chun go mbeadh glacadh le páirtithe sóisialacha agus cumannacha a bhíodh ina bpáirtithe toirmiscthe.

Cé go raibh an pobal an-tógtha leis mar rí an fhad agus a bhí sé i gcumhacht, thosaigh sé ag tarraingt trioblóide ar féin sna blianta deireanacha.

In 2012, nuair a bhí an tóin ag titim as eacnamaíocht na Spáinne agus méadú ollmhór ag teacht ar an líon na ndaoine dífhostaithe, dúirt an Rí go raibh a chroí briste go raibh daoine óga as obair agus go raibh a gcruachás á choinneáil ó choladh na hoíche. Ach cúpla lá ina dhiaidh sin, tháinig an scéala amach go raibh an rí sínte ar a thóin i bPoblacht na Botsuáine agus a chorróg briste aige. Céard a thug ann é? Ag oscailt dílleachtlainne nó ospidéal? Ag oibriú go deonach? Ní hea, ach ag cur piléar in eilifintí.

€40,000 a chosain an safari agus ba é Mohammed Eyad Kayali, comhairleoir de chuid theaghlach ríoga na hAraibe Sádaí, a d’íoc as. Más sea féin, ba é Juan Carlos a d’íoc as nuair a tháinig sé abhaile. Bhí muintir na Spáinne spréachta leis.

Sceith an scéala freisin nach í an Bhanríon a bhí ina chuideachta san Aifric ach a leannán uaslathach Corinna zu Sayn-Wittgenstein. Thosaigh an pobal ag éirí níos fuarchúisí ina leith ina dhiaidh sin agus tháinig laghdú ar an tacaíocht a léiríodh dó. Sa deireadh thug sé suas a choróin agus is dócha gur shíl an teaghlach ríoga go ndéanfaí dearmad ar a bhaois agus a dhí-chéile go luath.

Bhí go maith nó gur thosaigh na húdaráis sa Spáinn agus san Eilvéis ag fiosrú cúrsaí airgeadais.

Nuair a thug sé suas an choróin, chaill sé a dhíolúine ó ionchúiseamh.

De réir cosúlachta, thug  teaghlach ríoga na hAraibe Sádaí $100 milliún d’fhondúireacht sna Bahámaí, agus ba é Juan Carlos a bhí i dteideal an airgid a fháil. D’aistrigh sé €65 milliún isteach i gcuntas bainc Corinna zu Sayn-Wittgenstein, ach dúirt sise nach raibh ann ach bronntanas agus nach raibh baol ar bith gur ag cur airgid i bhfolach a bhí sé.

Cibé fírinne atá sa méid sin, is é Juan Carlos féin anois atá i bhfolach agus na paparazzi á fhiach.

Níos mó