Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ba-mhaith-liom-an-deis-a-tugadh-domsa-a-thabhairt-do-dhaoine-oga’

‘Ba mhaith liom an deis a tugadh domsa a thabhairt do dhaoine óga’

| Maitiu O Coimin |

Tá a chomhlacht léiriúcháin féin bunaithe ag Mícheál Ó Ciaraidh, a d’éirigh as a phost le TG4 níos luaithe i mbliana. 

MÓC² (‘M Ó C Cearnaithe’) is ainm don chomhlacht nua, agus dúirt Mícheál le NÓS go bhfuil súil aige na deiseanna a tugadh dósan agus é i dtús a ghairme le TG4 sé bliana ó shin a thabhairt don ghlúin nua atá ag teacht ina dhiaidh. 

Tá roinnt oibre déanta cheana féin ag Mícheál ó d’éirigh sé as a ról ar an stáisiún Gaeilge i lár an tsamhraidh agus tá pleananna móra aige don chomhlacht sna míonna agus blianta amach romhainn. 

“Nuair a tháinig an phaindéim ar dtús, thosaigh mé ag obair le cuid mhór comhlachtaí agus cainéil teilifíse, agus le grúpaí eile ar nós na Roinne Talmhaíochta agus mé ag cuidiú leo mar láithreoir agus giotaí físe a chur le chéile. Tá go leor taithí agam ó BLOC ag plé le criúnna, ag léiriú, agus ag stiúradh rudaí, agus dúirt mé, liom féin ar dtús agus ansin leis na grúpaí eile seo ‘caidé faoi má thugann sibhse an brief dom agus déanfaidh mise an tsraith iomlán daoibh?’

“Ghlac sé go leor ama, agus bhí mé fós ag obair le TG4 nuair a thosaigh mé á dhéanamh, mar sin bhí sé deacair, ach bhí éileamh níos mó air de réir mar a chuaigh Covid ar aghaidh agus dreamanna difriúla ag iarraidh rudaí a chur ar líne. Tháinig Féile Ealaíon an Earagail chugam agus chabhraigh mé leo an fhéile a chur ar líne, agus bhí an fhéile sin an-deas i mí Iúil,” a dúirt sé. 

Dúirt Mícheál go raibh air “an cinneadh mór a dhéanamh” faoina raibh amach roimhe, agus go raibh sé “ar chúl a intinne” le tamall anuas éirí as an obair le hardáin óige TG4 agus an deis sin a thabhairt do dhuine den chéad ghlúin eile. 

“Bhí mé ag obair le BLOC ó bunaíodh é, agus bhí sé i gcónaí ar chúl m’intinne rud eile a dhéanamh nuair a thiocfadh an t-am ceart. Tá mé féin ag éirí níos sine, tá glúin nua ann, glúin an TikTok. Tá mé féin 33 bliain d’aois anois, agus tá sé thar am agam an deis a thabhairt do dhuine eile.

“Bhain mé féin le glúin Snapchat cúpla bliain ó shin, ach na daoine atá ar TikTok agus a leithéid anois, tá siad idir 18 agus 25 bliain d’aois. Tá sé in am do dhuine inteacht nua an ról sin a ghlacadh, agus in am agamsa an cinneadh mór a dhéanamh agus comhlacht a bhunú,” a dúirt Mícheál. 

Chrom sé ar an obair sin agus tá an comhlacht bunaithe agus ag feidhmiú le cúpla seachtain anuas. Seoladh an branda go hoifigiúil an tseachtain seo, agus tá Mícheál thar a bheith gnóthach ó shin. 

“Tá MÓC² ar an bhfód anois, agus é ag déanamh go maith. Tá muid lonnaithe sa Ghaeltacht, agus é mar aidhm againn cur le hearnáil na Gaeilge sna meáin chumarsáide. Tá mé ag iarraidh tallann úr a chothú, agus teacht ar Ghaeilgeoirí óga, nua, atá ag iarraidh na ndeiseanna a fuair mise le Cúla4, agus na deiseanna sin a thabhairt dóibh.

“Tá earnáil na meán cumarsáide ina cíor thuathail faoi láthair le Covid, agus tá cúrsaí teilifíse ag athrú go han-sciobtha ar aon nós. Beidh MÓC² ag oibriú le daoine nua ar mhaith leo a bheith os comhair an cheamara agus le daoine ar mhaith leo a bheith ar chúl an cheamara agus i mbun na meán nua fosta,” a dúirt sé. 

Tá trí léiriúchán curtha i gcrích ag MÓC² cheana féin agus rudaí eile ar na bacáin. Ar na rudaí sin, beo seó beo ag an ESB Tech Space ag deireadh na míosa seo chugainn. Beidh MÓC² ag craoladh an tseó beo ó cheithre cheantar Gaeltachta ar an lá, agus ag cur daoine óga Gaeltachta atá bainteach leis an Tech Space ar an ardán digiteach. Clár 90 nóiméad a bheidh ann, agus é á chraoladh go huile is go hiomlán ar líne.

Leagann Mícheál an-bhéim ar an “tallann úr” agus ar “an chéad ghlúin eile” agus é ag labhairt faoi MÓC², ach deir sé go mbeidh sé féin le feiceáil os comhair an cheamara corruair freisin. 

“Thosaigh mé san earnáil seo mar bhí mé ag iarraidh a bheith i mo láithreoir. Beidh mé oiriúnach do rudaí áirithe agus ní bheidh do thograí eile, ach ní hé seo deireadh mo shaoil láithreoireachta! Bhí an t-ádh dearg orm an deis a fuair mé a fháil, agus tá a fhios agam go bhfuil daoine óga eile ann ar fud na tíre — agus b’fhéidir ar fud na cruinne — a bhfuil na deiseanna céanna tuillte acu,” a dúirt sé. 

Beidh béim ar an nGaeilge sa chomhlacht nua, ach deir Mícheál go mbeidh tograí dátheangacha agus tograí Béarla idir lámha aige freisin. Tá criúnna páirtaimseartha ag obair do MÓC² i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, agus i gCorca Dhuibhne faoi láthair ach tá súil ag Mícheál foireann lánaimseartha a fhostú amach anseo, agus scéimeanna meantóireachta agus traenála a chur ar fáil do dhaoine óga. 

Níos mó