Oíche Chultúir 2020: Scoth na n-imeachtaí Gaeilge ar siúl ar líne
Beidh Oíche Chultúir ar siúl Dé hAoine 18ú Meán Fómhair 2020. Den chéad uair riamh beidh rochtain ag daoine ar imeachtaí beo ar fud fad na tíre i mbliana, cibé áit ina bhfuil siad.
Caith súil ar na himeachtaí ar fad atá ar siúl i mbliana d’Oíche Chultúir 2020.
Gig Oíche Chultúir le Club Chonradh na Gaeilge
Cuireann Club Chonradh na Gaeilge fáilte romhat chuig Gig (fíorúil) ar a mbeidh roinnt aíonna cáiliúla ó pobal na Gaeilge, lucht an Chlub agus eile maraon. “Ina measc beidh Róisín Seoighe, Junior Brother, TADHG agus an-chuid eile ar Ghig álainn.”
Thar Youtube Premier a bheidh an Gig, beo @ 19.30 ar an oíche agus roinnfear an-chuid eolais faoi athoscailt an Chlub é féin le linn an fhíseáin.
Tuilleadh eolas: YouTube Premier | 083 306 8331
Oíche Chultúir le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich: Bàrd, File, Bardd
Le file náisiúnta na Breataine Bige, Ifor ap Glyn, file Éireannach Ciara Ní É agus an file Albanach Peter MacAoidh. “Léiríonn triúr file saothar nua ó pheirspictíochtaí Gaelach, Albanach agus Breathnach.”
Thar Facebook agus YouTube a bheidh sé @ 20:00 – 21:30.
Tuilleadh eolais: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
Oíche Chultúir le TG4, CUMAR: A Galway Rhapsody
Gné-scannán faisnéise ó Aodh Ó Coileáin. Arna scannánú thar bhliain iomlán, tá seisear ealaíontóirí atá lonnaithe i nGaillimh le feiceáil i #CUMAR agus déanann sé iniúchadh ar a n-áit dhúchais mar fhoinse spreagtha d’iarracht ealaíonta.
Beo ar Shéinnteoir TG4 @ 21:30 – 23:00.
Tuilleadh eolais: TG4
Turas Fíorúil Spéir na hOíche le Caisleán na Carraige Duibhe
Tabharfar mionsonraí daoibh faoi spéir na hoíche ar Oíche Chultúir ionas gur féidir libh gach rud a d’fhoglaim sibh a chur i bhfeidhm ar bhealach praiticiúil… ag brath ar an aimsir dár ndóigh. Beidh an eispéireas realteolaíochta seo ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Beo ar líne @ 16:00 – 00:00.
Tuilleadh eolais: Caisleán na Carraige Duibhe
Gearscánnan Faoi Stair Chonradh na Gaeilge d’Óiche Chultúir
Gearscánnan faoi stair Chonradh na Gaeilge agus Athbheochan na Gaeilge, ar fáil do chách saor in aisce ar líne. Gheobhfar léargas ar stair an fhoirgnimh agus faoin áit ina mbíodh lucht na saoirse ag obair ag tús na fichiú haoise. “Is deis iontach í seo tuilleadh a fhoghlaim faoin bhfoirgneamh agus na scéalta a tharla ann, agus tú ar do chompord sa bhaile.”
Beo ar YouTube @ 18:00.
Cláraigh anseo: Eventbrite
Tonn-Fuaime | Sound-Wave
Beidh dhá scannán mar gheall ar cheol agus ealaín ag dul amach ar líne.
Amhrán Dóchais: Scannán ceoil curtha le chéile ag Muireann Nic Amhlaoibh le Emma Ní Fhíoruisce, Ciarán Ó Gealbháin, Gerry O’Beirne agus Niamh Varian-Barry. Beidh sé beo ar Facebook @ 16:00
Tonnta: Beidh scannán mar gheall ar na healaíontóírí Dhuibhneach Deirdre McKenna, Ciara McKenna, Áine Ní Chíobháin, Tomáisín Ó Cíobháin, Honora O’Neill agus Dómhnal Ó Bric beo ar Facebook @ 18:30.
Léigh tuilleadh faoi imeachtaí #OícheChultúir a bheidh ar siúl ar fud fad na tíre anseo.
Tuilleadh ábhar PEIG.ie le feiceáil anseo.