Seal le Seán | Podchraoladh na Seachtaine
Is sraith nua í Podchraoladh na Seachtaine ina roghnaítear podchraoladh Gaeilge gach seachtain. Roghnaigh PEIG.ie ‘Seal le Seán’ mar phodchraoladh na seachtaine seo.
Téann Seán Ó Dubhchon ar fud fad na tíre ag labhairt le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Is láithreoir raidió é Seán le Raidió Rí-Rá (Seal le Seán/Ceapaire Ceoil) agus le Raidió na Life (Bothán na bhFear).
Tá Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie agus is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh ar Spotify freisin.
Tá podchraoladh nua againn!🎙
Tá agallaimh ón gclár Seal le Seán ar fáil anois ar Spotify, Google Podcasts, Anchor FM, Pocket Casts, Breaker & Overcast 🎧
Tá 40+ agallamh ann faoi láthair 🗯
Ó, & fuair an clár ainmniúchán ag Gradaim Chumarsáide @OirnaGaeilge 2020 🏆 pic.twitter.com/DCKTYjjGuQ
— Raidió Rí-Rá (@RaidioRiRa) September 7, 2020
Is féidir Seán a leanúint ar Twitter agus Instagram chomh maith.