Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-nios-mo-i-gceist-le-‘pride’-na-bratach-a-chrochadh-uair-sa-bhliain’-–-certified-proud-bunaithe

‘Tá níos mó i gceist le ‘Pride’ ná bratach a chrochadh uair sa bhliain’ – Certified Proud bunaithe

| Maitiu O Coimin |

Seoladh fiontar nua sóisialta inné a bhfuil sé mar aidhm aige an saol a dhéanamh níos compordaí, sábháilte, agus éasca don phobal LATD+. Is é Liam Redmond, céimí de chuid Fiontar in DCU, agus a leathbhádóir Eve Kerton, a bhunaigh ‘Certified Proud’, eagraíocht a fhéachfaidh lena chinntiú go ndéanfaidh comhlachtaí beart de réir a mbriathair maidir le cearta LATD+ in Éirinn. 

Bronnfaidh Certified Proud stádas deimhnithe ar sholáthraithe seirbhíse agus ar chomhlachtaí príobháideacha a dhearbhaíonn gur eagraíochtaí iad a chuireann fáilte roimh an ‘Euro Pinc’ — custaiméirí ón bpobal LADT+. Beidh greamáin ó Certified Proud ar fhuinneog na hoifige agus meirg ar an suíomh idirlín a dheimhneoidh gur éirigh leis an eagraíocht critéir Certified Proud a chomhlíonadh. 

Tháinig Liam aníos leis an gcoincheap tamall ó shin, nuair a bhí drocheispéireas aige leis an homafóibe sa gcóras leighis.

“Bhí fear ar luí mé leis blianta roimhe sin i dteagmháil liom le mé a chur ar an eolas go raibh VEID air, agus mhol dom an tástáil a dhéanamh. Chuaigh mé chuig dochtúir i mBaile Átha Cliath, seanfhear a bhí ann, agus nuair a chuala sé go raibh an baol ann gur ó fhear eile a tholg mé an galar, dhiúltaigh sé glan a bheith ag plé liom agus chaith sé amach as a oifig mé. 

“Ag an am ní raibh mé ag smaoineamh ‘an bhfuil sé seo in aghaidh an dlí’, ní raibh uaim ach a fháil amach an raibh VEID orm. Níl, mar a tharlaíonn sé, ach b’uafásach an t-eispéireas é agus theastaigh uaim a chinntiú nach dtarlódh sé do dhuine eile. Tá ró-éileamh ar Sheirbhís Sláinte na bhFear Aerach, agus dúirt mé liom féin gur bhreá liom dá mbeadh comhartha éigin ann a léireodh go raibh comhlacht nó seirbhís sábháilte dom,” a mhínigh Liam do NÓS. 

Liam Redmond, comhbhunaitheoir Certified Proud

Tháinig an cheist aníos arís an samhradh seo caite, nuair a bhí Liam agus a chéile ag pleanáil a laethanta saoire. Bhí na fir ag smaoineamh faoi thuras bóthair in iarthar na hÉireann a dhéanamh, ach bhí imní ar Liam nach nglacfadh tithe áirithe lóistín le beirt fhear ag roinnt leapa sa teach. Sa deireadh, bheartaigh an lánúin dul go hóstán thar lear, ach arís chuir an t-eispéireas sin Liam ag smaoineamh faoi na bealaí a d’fhéadfaí a leithéid a sheachaint. 

“Bhí imní orm go mbreathnódh óstóir éigin orainn, beirt fhear sa leaba mhór chéanna, agus go gcaithfí amach ar thaobh an bhóthair muid. Bheadh muid fágtha ar an trá fholamh amuigh faoin tuath inár gcodladh faoin sceach.

“Tháinig mé aníos leis an smaoineamh mar gheall ar an gcóras leighis, ach chonacthas dom go bhféadfaí an córas deimhnithe a chur i bhfeidhm in earnálacha eile freisin — óstáin, bialanna, beáir, mar shampla. Áiteanna ina bhféadfadh lánúin aerach casadh le chéile go rómánsúil, breith ar lámha a chéile, agus gnáthshaol a chaitheamh le chéile gan imní a bheith orthu,” a dúirt Liam. 

Gheobhaidh comhlachtaí agus eagraíocht a chláraíonn le Certified Pride greamáin le cur ar dhoras nó ar fhuinneog a bhfoirgnimh, rud a léireoidh gur “áit shábháilte iad, a bhfuil meas acu ann ort féin agus ar do ghnó”. 

Eve Kerton, comhbhunaitheoir Certified Proud

Trí chéim ar fad a bheidh ann le stádas ‘Certified Proud’ a bhaint amach. Beidh ar chomhlachtaí ar spéis leo a bheith páirteach sa scéim teagmháil a dhéanamh le Certified Proud tríd an suíomh idirlíon. Beidh “comhrá beag” ann leis an rud a mhíniú ina iomlán, agus seiceálfaidh oibrithe Certified Proud cúlra an chomhlachta ó thaobh cúrsaí LADT+ de.

Ansin, beidh conradh le síneadh go gcloífidh an eagraíocht le seacht bprionsabal Certified Proud: meas, comhionannas, uileghabhálacht, tacaíocht, tiomantas, sábháilteacht, agus feiceálacht. 

Ar deireadh, íoctar táille ballraíochta bunaithe ar mhéid an chomhlachta le Certified Pride. Cuirfear 40% de na táillí caol díreach ar aghaidh chuig carthanais a chabhraíonn leis an bpobal LADT+ in ÉIrinn, agus caithfear an chuid eile de ar chláir agus ar riarachán Certified Proud féin.

“Beidh iniúchadh ann ag deireadh na tréimhse ballraíochta, dhá mhí dhéag, le deimhniú go bhfuiltear ag déanamh beart de réir briathair agus go bhfuil níos mó déanta acu ná an greamán a chur ar an doras.

“Beidh muid ag cur oiliúint agus traenáil ar fáil i gcaitheamh na bliana freisin maidir le cén chaoi prionsabail Certified Proud a chur i bhfeidhm sa chomhlacht agus cén chaoi ar féidir nasc níos fearr a chruthú leis an bpobal LADT+,” a dúirt Liam. 

Dúirt Liam go bhfuil athrú tugtha faoi deara ag an bpobal aerach in Éirinn le tamall de bhlianta anuas agus níos mó siopaí ag crochadh bratacha bogha ceatha le linn na féile Pride (a bhíonn ar siúl i mí an Mheithimh). Mhaígh sé gur minic nach mbíonn ann ach an “crochadh brataí” sin agus gur beag eile a dhéanann na comhlachtaí le tacú leis an bpobal aearach. 

“Cuireann sé isteach ar an bpobal go mbreathnaíonn cuid de na comhlachtaí seo ar Pride mar dheis brandála nó margaíochta. Is féidir leo bratach a chur amach i mí an Mheithimh agus é a bhaint anuas ar an gcéad lá de mhí Iúil, ach ní féidir linne ár ngnéasúlacht a athrú ó mhí go mí. 

“Léiríodh i dtaighde a rinneadh le deireanas go mbíonn an ‘Margadh Pinc’ 76% níos dílse do chomhlachtaí a thacaíonn leo agus le cúiseanna atá tábhachtach dóibh ná an gnáthphobal Éireannach. Is fiú €495,000,000 sa bhliain an Margadh Pinc sin, agus ba cheart do chomhlachtaí tacú leis ó cheann ceann na bliana,” a dúirt Liam.

Seoladh Certified Proud inné, agus tá an t-eolas ar fad ar fáil ar a shuíomh idirlín. 

Níos mó