Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-866-cas-nua-deimhnithe-inniu,-seanadoir-ar-dhuine-de-thriur-o-shinn-fein-ata-eirithe-as-de-bharr-iocaiochtai-covid

866 cás nua deimhnithe inniu, seanadóir ar dhuine de thriúr ó Shinn Féin atá éirithe as de bharr íocaíochtaí Covid

| Tuairisc.ie | ,

Seisear eile atá básaithe de dheasca an Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte agus 866 cás nua deimhnithe acu inniu.

Bhain 166 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 56 cás nua a bhí i nDún na nGall, 54 cás a bhí i nGaillimh agus 44 cás a bhí i gcontae na Mí.

24 cás a bhí i bPort Láirge, 21 cás a bhí i gCiarraí agus 10 gcás nua a bhí i Maigh Eo.

242 den 866 cás inniu a bhí i mBaile Átha Cliath.

“Déanaim an achainí chéanna arís ar chuile dhuine, déan tú féin a iompar amhail is gur gartheagmhálaí tú. Fan sa mbaile ach amháin i gcás riachtanais,” a deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan.

Tá ráta coicíse an ghalair tite arís ó 299 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír inné go dtí 292 inniu agus 5.4% de na daoine a cuireadh tástáil orthu a raibh an galar tolgtha acu, laghdú ó 5.9%.

Ráta coicíse 562 atá i gcontae na Mí, an dara ráta is airde sa tír, taobh thiar de chontae an Chabháin mar a bhfuil ráta 754 ann.

Ráta 355 atá i nGaillimh, 331 atá i gCorcaigh agus 317 atá i nDún na nGall.

Tá an ráta coicíse anois ag 271 i gCiarraí, 248 atá i Maigh Eo agus 228 atá i bPort Láirge.

328 othar atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 43 acusan in aonad dianchúraim.

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte i dTuaisceart Éireann go bhfuil ochtar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. Bhí toradh deimhneach ar thástáil a cuireadh ar 822 duine eile ansin le 24 uair an chloig.

Tá 361 othar curtha in ospidéil ó thuaidh den teorainn ag an víreas agus 44 díobhsan in aonad dianchúraim. Bhí 103% de na leapacha ansin lán inné ach tá fuarú beag ansin inniu agus 99% atá lán.

D’éirigh triúr ball de Shinn Féin as an bpáirtí inniu nuair a tháinig sé chun solais nár cuireadh ar ais maoiniú as ciste tacaíochta Covid-19 a fuarthas.

Beirt oifigeach de chuid an pháirtí agus an Seanadóir Elisha McCallion an triúr atá i gceist. Tá sé fógartha ag Elisha McCallion go mbeidh ag éirí as an Seanad láithreach. Is amhlaidh a íocadh £30,000 as ciste tacaíochta Covid-19 an rialtais le hoifig an pháirtí go hearráideach i dtús an Aibreáin. Deontas faoisimh a bhí anseo do mhionghnóthaí a raibh rátaí faoi bhun  £15,000 sa mbliain á n-íoc acu trí dhochar díreach.

Ní raibh oifigí polaitíochta ina theideal ach níor íocadh ar ais é go dtí tús na seachtaine seo, 6 mhí ó íocadh leis an oifig é.

Ghabh ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald a leithscéal faoin scéal agus ghlac sí le héirí as an triúir.

“Is tromchúiseach an scéal é nár íocadh ar ais deontas a íocadh go hearráideach. Admhaím gur tharla seo agus gabhaim mo leithscéal go ndearnadh rud nár cheart,” a dúirt sí

Níl Elisha McCallion, a bhí tráth ina feisire parlaiminte, sa Seanad ach ó mhí an Aibreáin.

Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Bhanna Uachtair agus oifigeach de chuid an pháirtí in iarthar Thír Eoghain an bheirt eile a d’éirigh as páirtí Shinn Féin.

Níos mó