Tá amhras ann faoi cé atá freagrach as an chéad chéim eile d’aistear an bhille teanga trí Thithe an Oireachtais.
Tá Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge, ag fanacht ar shoiléiriú ó Oifig an Cheann Comhairle faoi cá rachaidh an reachtaíocht teanga dá tríú céim.
Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go mbeadh sé “tubaisteach” dá leagfaí cúram an bhille ar choiste Oireachtais eile – An Coiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
“Céim síos amach is amach a bheadh sa chinneadh cúram an Bhille a thabhairt don choiste eile. Ceann de na fáthanna ar bunaíodh Coiste na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chéad dul síos ionas go mbeadh muid in ann reachtaíocht a chíoradh,” arsa urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.
Dúirt Ó Snodaigh gur “coiste reachtaíochta” é Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge, a bhfuil “stádas ar leith aige”.
Céim an-tábhachtach é céim an choiste den bhille agus meastar go bhféadfadh na scórtha leasú a bheith á moladh an tráth sin ag polaiteoirí, leasuithe a dtiocfadh a bhformhór ó eagraíochtaí teanga amhail Conradh na Gaeilge.
Agus an coiste atá faoi chathaoirleacht Uí Snodaigh á bhunú, tugadh le fios go gcoimeádfadh an coiste an ról a bhí aige maidir le scagadh a dhéanamh ar reachtaíocht, an bille teanga san áireamh, ach fógraíodh sa Dáil le déanaí gur chuig an choiste eile a rachadh an bille.
Is nuair a glacadh leis an bhille ag a dhara céim sa Dáil tar éis díospóireacht a mhair breis is trí uair an chloig, a dúirt an Teachta Dála neamhspleách Mattie McGrath, a bhí i ról an Cheann Comhairle ag an am, go rachadh an reachtaíocht ar aghaidh go dtí an Coiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh Julian de Spáinn na Gaeilge nach ndéanfadh sé “aon chiall” cúram an bhille a leagan ar an Choiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus go raibh sé ag súil gur “botún” a bhí i gceist.
“Aon uair a raibh an Bille á phlé agam leis an Roinn agus le polaiteoirí, glacadh leis i gcónaí go mbeadh an bille á phlé ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge,” a dúirt Julian de Spáinn.
Deirtear sna téarmaí tagartha do choiste na Gaeilge go mbeidh sé ag plé le reachtaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge, le straitéis an stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge, le ceisteanna a bhaineann le litríocht agus le cultúr na Gaeilge agus le cur chun cinn na teanga i dTithe an Oireachtais féin.
Pléifidh an coiste chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge sa státchóras agus le dualgais na gcomhlachtaí poiblí i dtaobh soláthar seirbhísí Gaeilge.
Beidh an chéad chruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge ar siúl Dé Céadaoin, tráth a mbeidh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill os a chomhair.