Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ardu-261%-ar-lion-na-ndaoine-a-thug-faoi-ranganna-gaeilge-i-mbliana

Ardú 261% ar líon na ndaoine a thug faoi ranganna Gaeilge i mbliana

| Maitiu O Coimin |

Tá ardú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine fásta a thug faoi ranganna Gaeilge i mbliana, de réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag ionaid éagsúla oideachais do NÓS. 

Is iad Gaelchultúr, Conradh na Gaeilge, agus Gael Linn na heagraíochtaí is mó a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil d’fhoghlaimeoirí fásta in Éirinn. Chláraigh níos mó daoine leis na ranganna sin i mbliana ná mar a chláraigh le cúpla bliain anuas — suas le 261% i gcás Ghaelchultúr. 

“D’éirigh linn na cúrsaí a chur ar líne den chéad uair riamh i mí na Bealtaine, mar gheall ar shrianta Covid-19, agus chláraigh an líon is mó daoine riamh ar na cúrsaí a reáchtáil muid an téarma sin. Bhí méadú 261% ar chlárúcháin théarma an tsamhraidh i gcomparáid le 2019. 

“Níl treocht ar leith tugtha faoi deara againn ó thaobh inscne ná aois na bhfoghlaimeoirí de, ach is cinnte go raibh méadú suntasach ar líon na ndaoine as tíortha eile a thug faoi na cúrsaí. Bhí muid in ann freastal ar dhaoine nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn den chéad uair riamh. Is léir go bhfeileann an fhoghlaim ar líne go mór do dhaoine agus go ndeachaigh go leor daoine in Éirinn agus thar lear i ngleic leis an gcineál foghlama sin,” a dúirt Niamh Ní Chadhla, Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Ghaelchultúir le NÓS. 

Bhí an tionchaire Gaeilge Múinteoir Meg, a bhfuil na mílte leantóirí aici ar na meáin shóisialta, agus an t-údar mór le rá Louise O’Neill i measc na ndaoine a chláraigh le ranganna Ghaelchultúir i mbliana. Labhair Louise faoina cinneadh tabhairt faoin gcúrsa le Gaelchultúr leis an nuachtán Tuairisc.ie ag tús na míosa.

Méadú 41% a bhí i gceist i gcás Chonradh na Gaeilge, agus 586 duine cláraithe do ranganna leis an gceanneagraíocht i mbliana. Dála Ghaelchultúir, mheall an Conradh foghlaimeoirí as Éirinn as tíortha eile dá dtéarmaí ar líne. 

“Tá foghlaimeoirí th’éis teacht ar ranganna ar líne ó 13 tír taobh amuigh d’Éirinn: an Ghearmáin, an Pholainn, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Meicsiceo, an Bhreatain Bheag, Sasana, an Iodáil, an Bheilg, an Eilvéis, an Astráil, an Nua-Shéalainn, agus an Spáinn. 

“Ghlac 417 foghlaimeoir páirt i ranganna linn in 2019, agus tá chláraigh 586 linn i mbliana — sin 169 foghlaimeoir sa bhreis nó méadú 40.5%. Tá dhá théarma iomlán críochnaithe againn ar líne agus ceann amháin eile idir lámha faoi láthair,” a dúirt Róisín Ní Mhaoláin, Feidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge le NÓS. 

Ar deireadh, tháinig méadú 198% ar líon na ndaoine a ghlac páirt i ranganna le Gael Linn. Chláraigh 84 duine le ranganna Gael Linn anuraidh, agus 167 i mbliana. Bhí an méadú ba shuntasaí ann i don dara téarma, a reáchtáladh idir Márta agus Meitheamh. 

“Bhí ardú spéise ann ag tús na chéad dianghlasála, ach táim den tuairim anois go bhfuil roinnt daoine bréan den scáileán ag an bpointe seo. Bhí cúrsa inár n-oifigí in ainm is a bheith ag tarlú faoi láthair do Théarma 3, ach tharraing roinnt mhaith foghlaimeoirí amach nuair a bhí orainn iad sin a aistriú go cúrsaí ar líne,” a dúirt Ian Mac Gabhann, Oifigeach Aosoideachais Ghael Linn le NÓS. 

Níos mó