Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-buaic-ghradam-cumarsaide-an-oireachtais-le-bronnadh-ar-aine-ni-churrain

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Áine Ní Churráin

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide Oireachtas na Gaeilge ar an gcraoltóir aitheanta as Gaeltacht Thír Chonaill Áine Ní Churráin ag searmanas ar líne ag deireadh na míosa. 

Chuaigh Áine ar scor níos luaithe i mbliana i ndiaidh di dhá scór blianta a chur isteach le RTÉ Raidió na Gaeltachta, áit a raibh sí ina láithreoir ar chlár irise an tuaiscirt Barrscéalta le fada an lá. Thosaigh sí leis an stáisiún mar chlár-reachtaire in 1980, agus chaith sí tréimhsí fada i mbun cúrsaí nuachta ar an stáisiún.

 Bhí lámh aici i gcláir irise freisin, agus í ina láithreoir agus léiritheoir ar shraitheanna éagsúla. Ina measc sin bhí an clár Líon Tí, clár a bhí dírithe ar mhná den chuid ba mhó. In 1996 a chuir sí an clár Barrscéalta, atá ar an aer go fóill, i láthair den chéad uair. 

Dúirt Áine gur “onóir mhór” di féin agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam a fháil ó Oireachtas na Gaeilge.

“Tá cuimhní iontacha agam a bheith ag freastal agus ag craoladh ó na hOireachtais i gcaitheamh mo dhaichead bliain i mbun craoltóireachta. Is páirt thábhachtach de shaol na Gaeilge é an tOireachtas agus tá súil agam ionchur a bheith agam agus freastal ar an Oireachtas sna blianta atá le teacht. Míle buíochas le coiste an Oireachtais as an onóir seo a bhronnadh orm,” a dúirt sí. 

Ba ag an Oireachtas i nGaoth Dobhair in 1980 a rinne Áine a céad agallamh beo, agallamh a rinne sí leis an scríbhneoir aitheanta Joe Steve Ó Neachtain a d’imigh ar shlí na fírinne níos luaithe i mbliana. 

“Craoltóir cumasach a raibh sé sa mhianach aici scéal an phobail a insint agus tacú leis an bpobal áitiúil i gcónaí. Bhí an t-ádh linn oibriú le hÁine ag féile Oireachtais agus ag féilte Pan-Cheilteacha thar na blianta agus tá sé tráthúil, agus Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais á bhronnadh uirthi gur ag an Oireachtas a rinne sí a céad agallamh beo,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. 

Fógraíodh an gearrliosta do na rannóga eile sna Gradaim Chumarsáide níos luaithe i mbliana, agus tháinig deireadh leis an vóta poiblí do Réalta Óg na Bliana an tseachtain seo caite. Fógrófar buaiteoir Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais uilig ag ócáid ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais ar an 28 Deireadh Fómhair ag 19.30. 

Níos mó