Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-faisean-inbhuanaithe-le-caoimhe-ni-chathail-agus-imeachtai-eile

Faisean inbhuanaithe le Caoimhe Ní Chathail agus imeachtaí eile

| Sinead Ni Uallachain |

Ceardlann amhránaíochta le Lillis Ó Laoire agus Conor Ó Gallachóir, Dé Domhnaigh 11 Deireadh Fómhair @ 19:00

Beirt amhránaithe bhreátha ó Ghort an Choirce a bheidh i mbun ceardlanna ar an gceird, an Domhnach beag seo. Is iad Lillis Ó Laoire agus Conor Ó Gallachóir a bheidh ar dualgas don rang dátheangach seo do dhaoine a bhfuil taithí acu a bheith ag canadh – meán leibhéal agus ard leibhéal. 

Cuirfear béim ar an nasc atá idir an ceol agus an fhilíocht, ar rithim na filíochta sna línte agus ar fhuaimniú dúchasach Thír Chonaill. Déanfar idirdhealú idir fuaimniú na filíochta agus fuaimniú na cainte. I measc na n-amhrán a leagfar béim orthu beidh ‘Sliabh a Liag’, ‘An Fial Athair Dónall’, ‘Neansaí Bhán Nic Giobarlaí’, ‘Úna Ní Chonchúir Bháin’, agus ‘Róisín Dubh (leagan Rann na Feirste)’. Más mian leat a bheith ina measc (go fíorúil), téir chomh fada leis an nasc seo

Taispeántas ealaíne, Dánlann Dillon, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, faoi láthair… go tús mhí na Nollag

Bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich geall le 30 bliain ó shin agus tá sraith spéisiúil imeachtaí beartaithe acu chun comóradh a dhéanamh ar an dáta sin. Ar cheann de na himeachtaí, tá bailiúchán ealaíne an ionaid – a bhíonn de ghnáth scaipithe timpeall an fhoirgnimh – bailithe le chéile in aon áit amháin acu, Dánlann Dillon. I measc na saothar, tá líníochtaí, priontaí agus pictiúir ó chuid de na healaíontóirí is aitheanta in Éirinn. Cheannaigh lucht na Cultúrlainne cuid acu, agus fuarthas cuid eile ó chairde an ionaid, mar bhronntanais. Leanfaidh an taispeántas go tús mhí na Nollag.

Glór an Fhómhair – Faisean inbhuanaithe le Caoimhe Ní Chathail, 12 Deireadh Fómhair @ 19:00 (Facebook Ghlór na nGael) 

Luaigh mé leat an tseachtain seo caite ar an leathanach seo go mbeadh tús á chur le sraith cainteanna go luath ag Glór na nGael, faoi chathaoirleacht Shiún Ní Dhuinn. Bhí an chéad sheisiún ar siúl Dé Luain seo caite agus í ag labhairt le beirt a bhí ag plé le cúrsaí meabhairshláinte.

Is í an léiritheoir, láithreoir agus bean atá thar a bheith eolach ar an bhfaisean inbhuanaithe, Caoimhe Ní Chathail a bheidh in éineacht léi an Luan beag seo. Ag labhairt di leis an Irish Times i rith na seachtaine, luaigh Siún gur mhaith léi labhairt le Caoimhe faoi ‘cad é go díreach atá i gceist le níos lú a bheith agat i do shaol agus cén fáth go bhfuil sé tábhachtach aire a thabhairt don rud atá agat seachas gach rud a chaitheamh amach agus a cheannach in athuair’. Táim ag súil cheana féin leis an gcaint! 

Ceardlann faoi cheol agus scéalta Dhún na nGall le Máiréad Ní Mhaonaigh, Dé Sathairn 17 Deireadh Fómhair

Dáta don dialann!

Bhí an-rath ar cheann d’eagráin na seachtaine seo caite don gclár Nationwide (RTÉ 1), nuair a thug Bláthnaid Ní Chofaigh cuairt ar cheoltóirí oilte cumasacha ár linne – Colm Mac Con Iomaire agus Máiréad Ní Mhaonaigh.

B’álainn a bheith ag éisteacht leo i mbun cainte agus i mbun an cheoil. Beidh Máiréad ag tabhairt faoi cheardlann go luath, mar chuid d’imeacht atá eagraithe ag Ionad na nÉireannach i Nua-Eabhrac, (Irish Arts Centre). Seachtain ón Satharn, roinnfidh sí scéalta traidisiúnta óna contae dúchais, mar aon le ceol na fidle sa cheardlann atá eagraithe acu. Leagfar béim ar stair na bpíosaí, comhthéacs, teicníc agus stíl, i measc eile.  Chun a bheith mar chuid den rang, tabhair cuairt ar an suíomh seo.

Níos mó