Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-seoladh-albaim-eoghain-ui-cheannabhain-agus-ultan-o’brien-agus-imeachtai-eile

Seoladh albaim Eoghain Uí Cheannabháin agus Ultan O’Brien agus imeachtaí eile

| Sinead Ni Uallachain |

 I gCuimhne Mháirtín Uí Chadhain: Polaitíocht, Litríocht agus Teanga, plé painéil, Dé Céadaoin 4 Samhain @ 19:00

Beidh cruinniú ar líne ar siúl i gcuimhne ar Mháirtín Ó Cadhain, a cailleadh leathchéad bliain ó shin, an tseachtain seo chugainn. Is plé painéil a bheidh i gceist as Gaeilge, le haistriúchán comhuaineach ar fáil más mian le daoine leas a bhaint as a leithéid.

I measc na gcainteoirí beidh Aoileann Nic Gearailt (údar Sairséal agus Dill: 1947-1981 Scéal Foilsitheora) agus Ruairí Ó hUigínn (Cathaoirleach Iontaobhas Uí Chadhain). Breis eolais ar fáil ach cuairt a thabhairt ar an leathanach seo

Seoladh albam na beirte Eoghan Ó Ceannabháin agus Ultan O’Brien, Facebook Live, Déardaoin 5 Samhain @ 20:30

Chuala blaiseadh d’albam nua na beirte Eoghan Ó Ceannabháin agus Ultan O’Brien i rith na seachtaine, agus singil úr eisithe acu i dteannta a chéile. Cúirt Bhaile Nua an teideal atá air, amhrán a chualadar ó Threasa Ní Mhiolláin. Más ea, tá a rian féin curtha acu ar an leagan seo. Beidh sé seo le fáil ar Solas an Lae, albam a sheolfar Déardaoin beag seo, ag baint úsáide as Facebook Live. Bí leo óna 20:30 chun a thuilleadh ón albam a chlos!

‘I wish I could speak Irish… but….’ Plé Painéil, Dé hAoine 6 Samhain @ 13:00

‘I wish I could speak Irish… but…’, ar dúradh a leithéid riamh leat? Pléifear seo agus moltaí a d’fhéadfaí a thabhairt mar fhreagra ar an ráiteas ag plé painéil a bheidh ar siúl seachtain ó inniu.

Aontas na Mac Léinn in Éirinn atá á eagrú agus is faoi chathaoirleacht Osgur Uí Chiardha a bheidh an chaint. Páirteach beidh an file dátheangach Ciara Ní É, Ciarán Wadd ó Chonradh na Gaeilge agus Rút Ní Theimhneáin, múinteoir Gaeilge atá lonnaithe i gCeanada. Gach eolas maidir le clárú agus a raile le fáil ar shuíomh an Aontais.

Ceardlann scríbhneoireachta le Cló Iar-Chonnacht, 7 Samhain, ar-líne

Writing

Tá ceardlann scríbhneoireachta á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht don Satharn 7 Samhain. Is dírithe ar ghearrscéalta, úrscéalta agus splancscéalta a bheidh an tseisiún seo, faoi stiúir Mhichíl Uí Chonghaile agus Mhíchíl Uí Ruairc, (beirt a bhfuil fios a gcúram go maith acu!)

Is ar scríbhneoirí óga/nua is mó atá sé seo dírithe, agus orthu siúd nach bhfuil aon leabhar dá gcuid foilsithe. Mar sin féin, fáilteofar roimh dhornán scríbhneoirí aitheanta chomh maith, más mian leo tabhairt faoi. Má tá suim agat ann, seol sliocht as úrscéal de do chuid (5-8 leathanach) nó cúpla splancscéal chuig stiúrthóir CIC, Mícheál Ó Conghaile ag moccic22@outlook.com

Beidh ceardlann eile á reáchtáil acu ag tús na míosa seo chugainn… ach beidh a thuilleadh eolais agam daoibh faoi sin i gceann cúpla seachtain!

Seimineár an Oireachtais: Na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht, ar líne 15.00 31 Deireadh Fómhair, á óstáil ag Conradh na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge

Is ar chás na gcoláiste samhraidh sa Ghaeltacht a bheidh cainteoirí Sheimineár an Chonartha ag díriú a n-airde i mbliana. Ar ndóigh, bhíomar ceaptha a bheith le chéile ag Oireachtas na Samhna i gCathair na dTreabh an tseachtain seo, ach buíochas le foireann an Oireachtais agus dreamanna eile beidh imeachtaí fíorúla ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine.

Is í Máirín Ní Ghadhra, láithreoir An tSeachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Seacht Lá ar TG4, a bheidh ina cathaoirleach ar an bpainéal agus is iad an tAire Stáit don Ghaeltacht Jack Chambers, Uachtarán an Chonartha Niall Comer, agus Máire Denvir ó Choláiste Chamuis a bheidh i mbun cainte ann. Bí leo ar líne anseo.

Níos mó