Tá TG4 ag lorg tairiscintí i mBéarla amháin ar chonradh margaíochta ar fiú €1.5 milliún é, rud a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar an dlí teanga.
I mBéarla amháin atá an fógra ina lorgaíonn an stáisiún teilifíse Gaeilge tairiscintí ar chonradh chun cur lena lucht féachana agus a mbranda a neartú i measc an phobail.
Chomh maith leis sin, tugtar le fios sa bhfógra ar an suíomh etenders.gov.ie nach ceadmhach d’iarrthóirí ach tairiscint nó iarratas a dhéanamh i mBéarla.
Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag ball den phobal go bpléifeadh eagraíocht stáit leis nó léi ina rogha féin teanga, Béarla nó Gaeilge.
D’fhéadfadh, mar sin, iarratasóir nach n-éireodh leis i bpróiseas tairisceana poiblí ina lorgófaí iarratais i mBéarla amháin, mar atá déanta ag TG4, dúshlán cúirte a thabhairt sa chás go gcruthófaí go raibh amhras ann go raibh lúb ar lár sa phróiseas.
Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc.ie nach nós leo labhairt faoi chásanna aonair ach dheimhnigh siad nach bhfuil cead ag aon chomhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla a éileamh gur i dteanga oifigiúil amháin a dhéanfaí cumarsáid leis an gcomhlacht.
Dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara go bhfuil an dualgas reachtúil seo i bhfeidhm ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla ar dtús in 2003 agus gur deimhníodh in athuair é in imscrúdú a rinneadh in 2008.
Leagadh síos san imscrúdú sin gur ar an gcomhlacht poiblí féin a thiteann an dualgas a chinntiú go bhfuil córais chuí acu chun aistriúchán cruinn a dhéanamh sa chás go dteastódh sin uathu.
Tá Tuairisc.ie ag fanacht ar ráiteas a d’iarramar ar TG4 faoin scéal seo.
Deir TG4 san fhógra ar shuíomh na hOifige um Sholáthar Rialtais: “The Contracting Authority proposes to engage in a competitive process for the establishment of a contract for the channel’s Marketing & Communication Services, with the purpose of driving awareness and viewership to TG4’s channels.
“The purpose of our Marketing effort is to communicate TG4’s brand and content, to raise awareness amongst both the community of Irish speakers and the majority of the population of the country who have an affinity with the language and who recognise its distinctiveness and fundamental importance as part of their culture.”
Tá dhá chuid i gceist leis an gconradh agus luach €750,000 an ceann luaite leo.
Baineann ceann le seirbhísí cumarsáide agus margaíochta chun cur le lucht féachana an stáisiúin agus chun feachtais a chruthú chun branda agus sceidil TG4 a chur chun cinn. Cúrsaí fógraíochta atá i gceist sa mhír eile.
Conradh trí bliana atá luaite leis an dá mhír agus rogha ann síneadh dhá bhliain eile a chur leo.
Cuireadh an fógra in airde ar an 19 Deireadh Fómhair agus an 18 Samhain an spriocdháta atá luaite chun tairiscintí a chur isteach.