Canbhás Uí Chiaraidh | Podchraoladh na Seachtaine
Tá podchraoladh Gaeilge ‘Canbhás Uí Chiaraidh’ roghnaithe againn mar phodchraoladh na seachtaine seo.
“Sa chéad phodchraoladh riamh ó TG4, caithfidh Micheál Ó Ciaraidh seal le gaeil aitheanta, Maitiú Ó Coimín, Clisare, Petrol Rose, Daniel Twomey, Jeaic O’Conghaile, Doireann Ní Ghlacáin agus Síomha Ní Ruairc.”
Tá BLOC ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na bPodchraoltaí 🎤 🎧 #InternationalPodcastDay
Is féidir éisteacht leis an chéad phodchraoladh RIAMH ag @TG4TV , Canbhás Uí Chiaraidh le @MOCiaraidh , ar Spotify, Acast, srl. nó breathnú ar na buaicphointí ar YouTube 💛 pic.twitter.com/KNdVwgrEeU
— BLOC (@BLOCTG4) September 30, 2020
Tá Canbhás Uí Chiaraidh ar fáil ar Spotify, Anchor, Acast agus is féidir breathnú ar na buaicphointí ar YouTube freisin.
San eagrán thíos labhair Síomha Ní Ruairc faoi “chúrsaí faisin, faoin stíl mhaireachtáil iontach atá aici, cúrsaí teilifíse agus an chúis gur chuir sí an postáil úd sin ar Instagram, postáil a tharraing go leor airde!”
Má tá podchraoladh lán le craic á lorg agat is fiú an deis seo a thapú. Éist leis an gclár is déanaí ar Spotify thíos. Labhair Micheál le Maitiú Ó Coimín faoi chúrsaí Tinder agus “an oíche ab fhearr a bhí ag Maitiú riamh.”
Caith súil ar na podchraoltaí Gaeilge ar fad anseo