Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceannaigh-sa-ghaeltacht!-liosta-bronntanas-as-corca-dhuibhne

Ceannaigh sa Ghaeltacht! Liosta bronntanas as Corca Dhuibhne

| Slaine Ni Chathallain |

“Féiríní aoibhne na Nollag dá roinnt” (líne ón amhrán ‘Coinnle an Linbh Íosa’, a scríobh Caoimhín O Cinnéide ó Pharóiste Modhrach.)

Tá sé ráite linn bronntanais a cheannach go háitiúil an Nollaig seo, ach ní maith le héinne againn go ndéarfadh éinne eile linn cad ba cheart dúinn a dhéanamh! Mar sin féin, is dóigh liom go gceannóidh an formhór againn ár gcuid féiríní go háitiúil i mbliana, mar gur daoine soundáltha, deasa sinn, agus ní amháin san, ach go bhfuil rudaí aoibhne le ceannach anois ó shiopaií áitiúla agus ar a gcuid suíomhanna idirlín. 

Níl aon leithscéal againn. Braithfimid níos fearr as tacú le gnólachtaí áitiúla. Earraí iad seo a sheasfaidh agus atá déanta sa tír seo, tír atá gafa tríd a lán le beagnach bliain, mar sin bímís go maith dá chéile.

Seo chugaibh anois liosta de bhronntanais atá curtha le chéile agam d’earraí a d’fhéadfaí a úsáid ar fuaid an tí agus atá déanta nó curtha le chéile i gCorca Dhuibhne, ach a d’fhéadfaí a chur i bhfad ó bhaile, chucu sin atá thar lear agus iad maoithneach i ndiaidh a dtíre dúchais an Nollaig seo.


1) Dingle Dinners, leabhar cócaireachta Trevis L. Gleason (€25)

An cócaire Trevis Gleason

Agus sinn ag teacht is ag imeacht ó Leibhéal a 5, agus mórán saineolaithe den dtuairim gur ann a bheimid i ndiaidh na Nollag, caithfear dul i mbun cócaireachta arís mura mbeidh na bialanna oscailte! Chuige sin, d’fhéadfá an leabhar suimiúil  cócaireachta Dingle Dinners a cheannach mar bhronntanas an Nollaig seo, do mháthair nó d’athair do chéile, mar shampla. 

Dingle Dinners, leabhar Trevis

Is é Trevis L. Gleason, ó Mheiriceá ó dhúchas, ach atá buailte fé laistiar den Daingean anois, údar an leabhair, agus an tríú heagrán ar fáil faoi láthair, toisc oiread éilimh a bheith air ó foilsíodh ar dtús é in 2017. Miasa ó 26 cócaire dhifriúla atá ag obair i gCorca Dhuibhne atá sa leabhar seo, agus a gcuid scéalta ó bheith ag obair i gcistineacha an Daingin, ach miasa iad a dhéanfadh na cócairí san aige baile, dá gclann is dá gcairde, ní sna bialanna féin — miasa simplí, dá réir. Tá gach oideas oiriúnach do sheisear agus na tomhais dos na comhábhair ann i dtrí chaighdeán dhifriúla. Is féidir an leabhar seo a cheannach ar an suíomh, nó é a ordach ó do shiopa leabhar áitiúil. Táimid an-bhuíoch de Trevis, a thug cóip den leabhar seo dúinn le bronnadh ar léitheoir amháin de chuid NÓS, agus cóip dá leabhar cócaireachta eile “Burren Dinners” chomh maith. Coinnigh súil ar chuntais NÓS ar na meáin shóisialta!

2) Cluiche Fichille le Fir Bolg Designs (€36)

Seo cluiche boird an-saindéanta ar fad agus níl sé le fáil in aon áit ach ón bhfear a dheineann iad! Sin é John Sheehy ó Arda Mór, Baile na nGall a chuireann figiúirí beaga an chluiche seo le chéile as phoirceallán. Deintear an clár ar a dtéann na píosaí beaga i dTrá Lí. Mínítear go beacht ar chárta deas conas an cluiche seo a imirt, i mBéarla agus i dteanga ársa na nGael! Is mó rud is féidir le John a dhéanamh a bheadh oiriúnach don dtig, dála an scéil; lampaí agus mugaí a dheineann sé ag baint úsáide as cré óna ghairdín féin. A leithéid de shamhlaíocht agus de scil! Cuireann sé ualach poill bheaga sna lampaí agus tagann an solas amach tríd na poill ar fuaid na bhfallaí. Nach iontach, álainn a bheadh aon cheann acu sin mar bhronntanas do do dheirfiúr nó do dheartháir ina dtig nua? Ní bheidh a shuíomh idirlín ullamh ar feadh cúpla seachtain eile. Idir an dá linn, glaoigí ar John (0863688467) chun cluiche a cheannach, a chiorróidh Lá Nollag duit féin nó don té a dtabharfaidh tú dóibh mar bhronntanas é.

3) Coinneal La Bougie (€25)

Coinneal La Bougie

Caithfidh mé mo chaincín a chur sa scéal seo, mar is í seo an choinneal is ansa liom ar domhan. D’íosfainn í. Is í seo coinneal La Bougie, agus ní déanta sa Fhrainc atá sí, ach i gCionn tSáile i gCorcaigh, ag baint úsáide as ábhar nádúrtha, a chiallaíonn ná saileoidh a cuid deataigh na fallaí ort. Maireann an boladh ón gcoinneal seo, fiú nuair ná fuil sí lasta. Beidh tig an té go dtugann tú di í ar dhála tí an rí, agus boladh uasal, domhain, saibhir ar fuaid na háite. 

Níl a leithéid de bholadh ó aon choinneal eile atá feicthe agam. 5 as 5. An bhféadfainn 6 as 5 a thabhairt? Ná caill do sheans, lascaine 10 % a fháil ar na coinnle seo, ar feadh tréimhse seachtaine ón siopa a dhíolann iad sa Daingean, sin The Coach House: cur isteach an cód speisialta NOS10 agus tú ag íoc as do choinneal. Táimid chomh buíoch d’úinéir an tsiopa, Gráinne Kavanagh as a bheith chomh flaithiúil linn, tar éis di a bheith iata le fada. 

Tá os cionn 230 earra (a bhformhór déanta in Éirinn) ar a suíomh aici. D’fhéadfá coinneal La Bougie a thabhairt do do mhúinteoir agus abair leo é a lasadh Lá Nollag! Tá compord éigin le braistint ó choinnle La Bougie. 

4) Cístí agus Cácaí Milis & Mil (€22.50)

Má tá tú ag dul go dtí tig do chomharsan i mbliana, nó fiú ag seasamh sa doras, mura bhfuil fonn orthu tú a ligint isteach ar eagla na haicíde, beir leat bácáil bhlasta, freiseáilte an chomhlachta Milis & Mil, atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne. Beidh cístíní cupa Shinéad Sheehy ullamh le bailiú uaithi idir an 16 agus an 23 Nollaig. Sé cinn de chístíní a bheidh sa bhosca deas agus blas difriúil orthu, mar shampla, arán sinséir, caramal agus barra cainéil air nó cad fé sheacláid, uachtar siúcra Baileys agus uachtar ime Baileys. Uisce le m’fhiacla ag cuimhneamh orthu. Mmmmmm. Beidh píosaí beaga den Nollaig scaipthe ar a mbarra agus cuma an tséasúir orthu! Má táid seo uait do do chomharsa, nó duit féin, seol ríomhphost go Sinéad: milisandmil@gmail.com .

5) Ornáid chrainn Jin Dhrioglann an Daingin (€18)

Féirín don gcrann déanta as jin. (Cathain a cuireadh an litir j in aibítir na Gaolainne?)

Cé hiad sa teaghlach atá fiáin chun jin? Mam? Daid? Is dócha nach n-admhódh Daid é! Tabhair dóibh féirín le crochadh ar an gcrann. Féirín ciorclach gloine é seo, atá lán suas go barra de jin iomráiteach, milis, blasta an Daingin. Cuir ar crochadh ar an gcrann é, agus ná hól go dtí Lá Nollag é, má sheasann sé an fhaid sin! 50 ml ar fad atá sa sorcóir. Is féidir é a cheannach anseo. Is féidir leat iad a ordach agus a sheoladh go dtí do chara atá san Astráil nó in Cape Cod nó in Milwaukee. Táid i bhfad níos saoire ná an buidéal jin féin, ach má tá na pinginí agat chuige sin, seo leat! Is féidir leat gob an bhuidéil jin a úsáid nuair atá sé folamh chun coinneal fada a chur isteach ann. #Cruthaitheach PS: Beidh ceannín acu seo le buachtaint ag léitheoir NÓS, a bhuíochas le muintir na drioglainne! Caith siar é!

6) Seit bhoird Louis Mulcahy €374

Ná tit i laige mar is fiú na haon phingin agus a thuilleadh lena chois na táirgí seo. Má tá ceathrar agaibh ann, agus sibh sásta €93.50 an duine a chaitheamh ar bhur máthair agus bhur n-athair, bheadh seit don mbord ó Photaireacht Louis Mulcahy go haoibhinn. Samhlaigh, an t-áthas a bheadh ar do mhuintir ag oscailt an bhosca aoibhinn agus na hearraí lámhdhéanta, galánta seo istigh ann. D’fhéadfaí iad a úsáid Lá Nollag, nó pé uair a thiocfadh a gcairde chun béile a ithe leo. 

Bheadh pláta dinnéir, pláta beag agus babhla leathan an duine ag ceathrar, ar €374. D’fhéadfá babhla mór chun do thorthaí a chur ann a cheannach ar €108 mura bhfuil na plátaí uait. Ná dearúd gur bailiúchán saoil iad píosaí Louis. I gCloichear, Baile an Fheirtéaraigh a déantar na hearraí tí seo, idir lampaí, crúiscíní, babhlaí móra torthaí agus miasa bácála. Tá gach píosa ar an suíomh agus a gcuid dathanna, níos deise ná a chéile. Infheistíocht atá sna bronntanais seo, agus beid agat go deo. Cliceáil anseo le dul chuig an suíomh idirlín. Titfidh tú i ngrá leis na hearraí luachmhara! Go dtí meán oíche Dé Luain an 30 Samhain, tá lascaine Aoine na Siopadóireachta le fáil ar an suíomh. Mura bhfuil ráta poist don dtír ar mian leat na hearraí a sheoladh chucu ar líne, glaoigh ar an siopa ag 066 9156229. A bhuíochas le Louis, tá dhá dhearbhán €50 againn do dhuine éigin a bhí an-an-mhaith i rith na bliana!

7) Tromán páipéir Dingle Crystal €70

Tá cáil Chorca Dhuibhne amuigh ar mórán cúiseanna ach ceann de na fáthanna is mó, le cúpla bliain anuas, ná go ndeineadh cuid de scannáin Star Wars a thaifead ann. Is fadó riamh roimhe sin, má tá, a thosnaigh Dingle Crystal ag dearadh tromáin páipéir, agus earraí eile gloine, de dhéanamh an chloicheáin choirceogaigh, a bhí chomh feiceálach sin i scannáin Star Wars.  Tromán páipéir é seo, a bheadh an-áisiúil mar bhronntanas do d’uncail nó d’aintín nó go deimhin comhghleacaí duit san oifig, ar nós aturnae, iriseoir nó cuntasóir. Tá Seán Daly agus a chlann ag gearradh gloine sa Daingean le nach mór 25 bliain agus an iliomad táirgí le ceannach. Ta réimse táirgí leis acu, bunaithe ar Shliabh an Fhiolair. Cuireann siad earraí sa phost ar fuaid an domhain, ach ordach óna suíomh

8) Ciseán na Nollag ar do rogha praghas ó Shiopa Uí Lúing:

Tá ciseáin aoibhne, le téamaí difriúla agus ar chostais éagsúla á gcur le chéile faoi láthair i Siopa Oifig Poist Cheann Trá. Cad fé chiseáinín lán d’earraí a chiúnóidh d’aigne agus do chorp? Earraí ar nós íle labhandair, gallúnach nádúrtha agus coinneal déanta ag an Dingle Druid? Nó ciseán le fíon, cáis agus brioscóga difriúla? Nó ciseán le bia orgánach amháin? Nó ciseán le bia cheardaithe na hÉireann? Nó ciseán le bia saor ó ghlútan? Níl aon teora leis na hearraí d’ardchaighdeán atá le fáil sa tsiopa seo. 

Ina theannta san, tá málaí fíona agus páipéar na Nollag le Nollaig Shona scríte orthu ar fáil, mar aon le mugaí caifé le ráitis Ghaolainne orthu, ar nós “Caith Siar É”! Bheadh na bronntanais seo an-oiriúnach dóibh siúd atá tar éis oibriú go crua, gan stad gan staonadh ó thús na géarchéime, nó do dhuine éigin nach bhfuil ar fónamh ag tinneas b’fhéidir, nó atá in ísle brí ag an slí atá rudaí faoi láthair sa saol. Bheadh sé deas iad a thabhairt leat go dtí gaolta eile ar fuaid na tíre leis, blaiseadh de Chorca Dhuibhne! Dein teagmháil le Róisín sa tsiopa trí Instagram @ventrypostofficeceanntra nó ar Facebook: Siopa Uí Lúing/Ventry Post Office !

9) ‘Whiskey-barrel aged coffee’ Bean in Dingle €12.50

Tá na héinne fiáin ar fad chun caifé na laethanta seo. Tá daoine agus criothán iontu toisc nach féidir leo taisteal chuig an Daingean agus cupán den gcaifé is cáiliúla amuigh a cheannach agus a bheith ag dul timpeall an Daingin is an cupán buí ina láimh acu is iad á chur ar Instagram ag Ceann a Ché!

Cad eile ach caifé Bean in Dingle. (Ní fada uainn Bean in Killarney). Bhuel, éist leis seo. Nuair a d’fholmhaigh Drioglann an Daingin an bairille fuiscí a bhí á bheathú acu cúpla seachtain ó shin le cur i mbuidéil,  thóg leaideanna Bean an bairille ar láimh uathu agus chuireadar a gcuid pónairí caifé isteach ann ar feadh trí seachtaine. “Whiskey Barrel Aged Coffee” atá baiste air seo. Dúirt Justin ón gcomhlacht liom gur saghas caife Éireannach gan an t-alcól atá ann, agus é foirfe don Nollaig. 

Tá na pónairí anois curtha i málaí deasa agus le ceannach ón suíomh ach tapaíg bhur ndeis, mar ná fuil ach 60 mála acu ar fáil. Cuirfidh an duine sin ar do sheanléim thú Lá an Dreoilín tar éis an iomarca Caife Éireannach LE halcól a bheith ólta agat an oíche roimis sin! Duit féín an bronntanas seo mar go mbeadh sé go hálainn le tabhairt do chuairteoirí a gheobhaidh chugat um Nollaig.


Mar is eol d’éinne a léann mo phíosaí ar NÓS, táim chomh mórálach as mo cheantar, agus chomh buíoch d’úinéirí agus lucht stiúrtha na gcomhachtaí seo ar fad a labhair chomh hoscailte liom agus iad faoi bhrú mór ag Covid agus ag orduithe na Nollag. #ArScáthAChéile …

Níos mó