Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-hughlan-ar-bloc-agus-imeachtai-eile

Hughlán ar BLOC agus imeachtaí eile

| Sinead Ni Uallachain |

Hughlán, cuntas instagram BLOC, uair sa tseachtain, 6 Samhain agus gach Aoine @ 13:00

Tá tús curtha le seachtain le Hughlán, ar ardán Instagram BLOC. Is éard atá i gceist leis ná Hugh Carr – as Dún na nGall – agus dúshláin á dtabhairt aige do leantóirí an ardáin go seachtainiúil, ar feadh na míosa. Cuireadh tús leis Dé hAoine seo caite, nuair a labhair Hugh le bean Chonradh na Gaeilge Róisín Ní Mhaoláin, Matt Ó Baoill ó Tebi Rex, an Corcaíoch Darragh Ó Caoimh agus Cassie McKenna, múinteoir scoile atá ag úsáid na meán sóisialta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Thug sé dúshlán an duine dóibh – amhrán Nollag a chumadh cuirim i gcás, nó geansaí Árannach a chniotáil! Cífimid amach anseo, conas mar a éireoidh leo….

Ní gá go mbeadh tú ag féachaint beo ar an lá féin, má chailleann tú aon chuid den gcaint, téir chomh fada le IGTV Bloc, chun na comhráití ar fad a chlos!

Tús arís le cóisirí tí ATT, Dé hAoine 6 Samhain @ 22:00

Ní rófhada ó shin bhíos ag labhairt leat mar gheall ar An Taobh Tuathail agus sraith chláracha a bhí beartaithe ag fear na Gráige, Cian Ó Ciobháin chun a phobal éisteachta a thabhairt le chéile i rith ré seo an víris. Cóisirí tí a bhí i gceist aige, a bheadh ar siúl an chéad Aoine de gach mí i rith an tsamhraidh agus téama éagsúil ag gach clár. Bhuel, tá a leithéid le tarlú arís, ag tosú an Aoine beag seo. Italo-Disco atá roghnaithe mar théama/stíl aige, agus do chuid tuairimí, a éisteoir, á lorg aige! Cad iad do roghasa sár-thiúin Italo ó na hochtóidí? Nó an bhfuil aon mholtaí agat do cheol comhaimseartha gur léir go bhfuil tionchar ag an gceol Italo air? Inis do Chian ag att@rte.ie agus bí ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 22:00 ar an Aoine.

Córchantain i nGaeilge na hAlban le Joy Dunlop, Dé Sathairn 7 Samhain @ 11.00

Chuir Joy Dunlop tús le ceardlanna córchantana i rith na paindéime, ionas nach n-ídeoidh spéis na n-amhránaithe go háirithe nuair a cuireadh Am Mòd Nàiseanta Rìoghail, (macsamhail Oireachtas na Samhna), ar ceal. Chuir sí tús le ceardlann sheachtainiúil do dhaoine a raibh spéis acu sna hamhráin agus sa chanadh, beag bean ar thaithí ná ar cháilíochtaí na rannpháirtithe.

Beidh sí thar n-ais á stiúradh arís an Satharn seo óna 11.00. Díreoidh sí ar na hamhráin atá múinte aici go dtí seo: Sìos Dhan Abhain, Tillidh Mi, agus Cearcall a’ Chuain, i measc eile. Ainneoin gur achoimre ar na hamhráin seo a bheidh i gceist, tá fáilte fós roimh bhaill nua. Ní gá go mbeifeá i do shaineolaí ar cheol ná fiú go labharfá an teanga le bheith páirteach. Díreach seol teachtaireacht chuig info@joydunlop.com agus seol £5 chuici ag an nasc seo. Seolfar sonraí Zoom chugat ansin, le bheith sa rang!

Rith Cuimhneacháin, 8 Samhain, ar fud na tíre

Tugtar cuireadh duit siúl nó rith a dhéanamh i gcuimhne ar dhuine nó daoine faoi leith, an deireadh seachtaine seo. Moltar na bróga reatha a chur ort féin d’ócáid dár teideal Rith Cuimhneacháin, atá á eagrú ag Athlethics Ireland agus á chur chun cinn ag Oifigigh Pleanála Teanga sna ceantair Ghaeltachta timpeall na tíre. Má mian leat is féidir teachtaireacht phearsanta a fhágaint ar fhalla fíorúil, ach an nasc seo a leanúint. 

Ceangal | Dolen, Comhdháil trí lá, 10-13 Samhain 20

Ceangal | Dolen II teideal na comhdhála a bheidh ar siúl go luath, ina dtabharfar le chéile ealaíontóirí agus lucht léirithe atá ag obair i nGaeilge, i Gaeilge na hAlban, agus i mBreatnais . Is ar líne a bheidh sé ar bun, thar thrí lá. I measc aidhmeanna an lucht eagraithe, ba mhaith leo labhairt faoi mhodhanna nuálacha úra oibre, samplaí den dea-chleachtas a chíoradh agus a roinnt, agus lucht amharclannaíochta a choimisiúnú chun saothair nua sna trí theanga a chruthú – Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus an Bhreatnais. Páirteach, ar shlite éagsúla, beidh Ciara Ní É, Seán Ó Fearraigh, Marina Ní Dhubháin, Darach Mac Con Iomaire, Aodh Ó Coileáin agus Darach Ó Tuairisg. Cífidh tú an clár ar fad ach cuairt a thabhairt ar an leathanach seo.

Níos mó