Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-leathmhilliun-duine-ag-foghlaim-na-gaidhlig-ar-duolingo

Leathmhilliún duine ag foghlaim na Gàidhlig ar Duolingo

| Maitiu O Coimin |

Bhain lucht na Gàidhlig cloch mhíle eile amach an deireadh seachtaine seo caite agus leathmhilliún duine anois ag foghlaim na teanga ar an aip foghlama teanga Duolingo.

Fágann sé sin go bhfuil níos mó daoine ag foghlaim na Gàidhlig ar Duolingo anois ná mar atá ag foghlaim na Breatnaise (460,000), teanga atá ar fáil ar an aip le fada an lá.

D’éirigh le lucht feachtais in Albain an teanga a chur ar fáil ar an aip anuraidh i ndiaidh brú mór a chur ar Duolingo freastal ar dhaoine ar mhaith leo an teanga Ghaelach a fhoghlaim. Seoladh an cúrsa Gàidhlig i mí na Samhna 2019, beagán níos lú ná bliain ó shin.

“Táimid ar mhuin na muice go bhfuil breis agus 500,000 duine cláraithe ar an chúrsa. Is léiriú é seo, gan amhras ar bith, ar a thábhachtachaí is atá sé a bheith ag tabhairt deiseanna do dhaoine an teanga a fhoghlaim. Tá dúshláin go leor romhainn i saol na Gàidhlig agus tá sé tábhachtach go mbeidh muid ag stad agus ag aithint buanna mar seo in amanna.

“Tá daoine ar an eolas go gcaithfear iarracht mhór a dhéanamh an Ghàidhlig a chosaint agus tá feachtais mar seo ina bpáirt de sin. Tá Duolingo agus Learn Gaelic á dhéanamh níos fusa ná a bhí riamh an teanga a fhoghlaim. Buíochas mór croíúil leo siúd uile atá ag ag obair ar an chúrsa go deonach. Táimid ag súil go bhfuil an cúrsa taitneamhach do lucht na Gaeilge agus is iad ag feiceáil chomh cosúil is tá an dá theanga le chéile,” a dúirt urlabhraí ón bhfeachtas ar son an chúrsa Gàidhlig ar Duolingo le NÓS.

Chláraigh breis agus 6,700 duine leis an gcúrsa an lá a seoladh é agus seachtain ina dhiaidh sin bhí os cionn 57,000 ag foghlaim na Gàidhlig ar Duolingo – níos mó daoine ná mar atá cainteoirí Gàidhlig in Albain.

Bíonn sé á mhaíomh ar an aip foghlama teanga go bhfuil níos mó daoine ag foghlaim na Gaeilge ar Duolingo ná mar atá cainteoirí dúchais in Éirinn. Ní léir cé mhéid den 57,000 cainteoir Gàidhlig in Albain atá ina gcainteoir dúchais. 

Is í an Ghàidhlig an tríú teanga Cheilteach a cuireadh le Duolingo — tá an Ghaeilge agus an Bhreatnais ar fáil le fada an lá. Níl aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh an Mhanainnis ar fáil go luath, ceal spéise ó ghníomhaithe teanga sa tír sin, agus níl aon chaint ar fheachtas ar son na Coirnise ná na Briotáinise ach an oiread.

Tá os cionn milliún duine cláraithe leis an gcúrsa Gaeilge ar Duolingo anois, méadú ar líon na ndaoine a bhí i mbun an chúrsa i mí Nollag na bliana seo caite.

Dheimhnigh Duolingo do Tuairisc.ie in 2017 gurbh iad an Tuircis agus an Ghaeilge an dá theanga is lú a ndéanann lucht úsáide na haipe dul chun cinn leo. Thug urlabhraí de chuid Duolingo le fios gur 15% d’úsáideoirí na haipe a chríochnaíonn na cúrsaí teanga ach go bhfuil an Ghaeilge i measc na gcúrsaí is lú a chríochnaítear.

Níos mó