Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘theastaigh-uaim-mo-phobal-a-cheiliuradh-agus-omos-a-thabhairt-do’-–-eoin-mcevoy,-realta-reic

‘Theastaigh uaim mo phobal a cheiliúradh agus ómós a thabhairt dó’ – Eoin McEvoy, réalta Reic

| Maitiu O Coimin |

Thug Eoin McEvoy an chraobh leis sa chomórtas a reáchtáil Reic ar líne ag an deireadh seachtaine dá rap Gaelach ‘Seo Mo Spás’. Labhair Eoin le NÓS faoina cháil nua mar rapálaí Gaelach. 

“Rud a spreag go mór mór mé ná an rud a rinne Gaylgóirí i gcaitheamh an tsamhraidh, Slay sa Bhaile nó Slay at Home. Chuir cúpla duine físeán amach agus spreag an misneach a bhí le feiceáil iontu mé tabhairt faoi mo rud féin. A bhuí le Ciara Ní É atá an rud críochnaithe, seachas a spreagadh sin bheadh sé fós leathdhéanta agam agus gan an físeán curtha leis,” a dúirt sé. 

Bunaithe ar rithim an amhráin mhóir rap a tháinig amach níos luaithe i mbliana ‘Bitch Boss’ le Doja Cat atá fuaim rap Eoin, ach na liricí athraithe aige lena ómós a léiriú do lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn. 

“Theastaigh uaim an pobal a cheiliúradh, ómós a thabhairt dár bpobal agus na héachtaí atá déanta againn a chomóradh. Thosaigh mé sa samhradh, agus d’fhág mé ar leataobh é ar feadh tamaill. Bhí mé ag iarraidh an líne ab fhearr a aimsiú don churfá agus an oiread tagairtí a chur isteach agus a d’fhéadfainn. Ní raibh mórán ama agam an físeán a chur le chéile sa deireadh, bhí sé i bhfad níos casta ná an rud a dhéanfainn ag an obair,” a dúirt sé. 

Lorg eagraí Reic Ciara Ní É iontrálacha do chomórtas Reic cúpla seachtain ó shin, agus reáchtáladh an comórtas féin oíche Dé hAoine ar líne. Ghlac os cionn 20 duine páirt sa chomórtas ó cheann ceann na tíre, ach ba é físeán Eoin ba mhó chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal. Scaipeadh an rap ina loscadh sléibhe ar na meáin shóisialta agus moladh mór tugtha d’fhear UCD. 

“Thuig mé go raibh sé maith, ach ní bheadh a fhios agat céard eile a bheadh sa chomórtas. Bhain mé an-sult as an seó sin, bhí an oiread sin éagsúlachta as na píosaí ar fad, agus ba léiriú é ar cé chomh bríomhar is atá an pobal s’againne. 

“Fuair mé freagraí iontacha ó dhaoine ar Twitter faoi. Chuir mé Tweet amach faoi i mBéarla agus i nGaeilge agus bhí an t-aiseolas go hiontach den chuid ba mhó. D’fhág fear amháin trácht ar an Tweet Béarla uaim, ina ndúirt mé rud éigin ar nós ‘Dopes: Irish is a dead language. Mise:’ agus nasc chuig an bhfíseán. Dúirt sé ‘it’s not dead it’s just irrelevant’ – agus caithfidh tú a bheith ag gáirí faoi na daoine seo. Cur amú fuinnimh a bheith ag argóint leis na daoine sin,” a dúirt Eoin. 

Níl aon phlean ag Eoin a ndúshlán a thabhairt do rapálaithe móra Bhéal Feirste Kneecap i láthair na huaire, agus dúirt nach raibh sé cinnte an mbeadh spéis aige aon rud eile mar é a chur amach arís. 

“Fágfaidh mé acu é. Bheifeá buartha freisin, mar tá brú ag baint leis sin, agus cheana féin tá daoine ag fiafraí díom ‘cén uair a bheidh an chéad rud eile agat?’. Níl a fhios agam an dtarlóidh sé! Dúirt cara liom an lá cheana gur rap an rud is lú a raibh súil aige leis uaim — the most soft-spoken man in Ireland!

“Caithfidh mé buíochas mór a ghabháil le Reic agus le Ciara Ní É as mé a spreagadh. Tá rud iontach cruthaithe ag Ciara i Reic agus, mar a deirtear sa bpobal s’againne, it gives me life,” a dúirt sé. 

Níos mó