Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bronntanais-ghneasula-–-moltai-an-chailin-sa-chathair

Bronntanais ghnéasúla – moltaí an Chailín sa Chathair

| An Cailin sa Chathair |

Ba bhliain aisteach an bhliain seo. Níl a fhios agam an mé féin amháin atá ar an gcaoi seo, ach tá sé níos deacra bronntanais Nollag a cheannach i mbliana. Ní féidir linn ticéid amharclainne a cheannach do dhaoine, ná iad a thabhairt amach chun béile, ná iad a thabhairt thar lear ar feadh deireadh seachtaine. Agus céard is féidir a cheannach don duine nach ndéanann tada anois ach suí sa bhaile ag breathnú ar Netflix agus é ag iarraidh a mheabhair a choinneáil ó mheath? 

Dála go leor rudaí eile i mbliana, beidh orainn a bheith cruthaitheach agus muid ag ceiliúradh, ag tabhairt cuairte ar a chéile, agus ag ceannach bronntanas. Is fíor sin i gcás ár gcéilí agus i gcás ár gcarad craicinn, freisin! Más maith leat an tréimhse is fuaire den bhliain a théamh beagán, seo duit moltaí bronntanas duit féin agus do do chéile. 


Bosca Bronntanas

An raibh tú féin agus do chéile scartha óna chéile le linn na dianghlasála? Bíonn tréimhsí a chaitear óna chéile crua ar lánúin, go háirithe ó thaobh an chaidrimh chollaí de, ach tá bealaí ann fós an teasghrá atá agat don duine eile a léiriú. Smaoinigh ar na rudaí a chuireann drúis ar do chéile agus cuir bosca pearsantaithe le chéile dó. Ola suathaireachta, coinnle collaíochta, éadaí cnis, clampaí siní, riteoga mogallacha, mascanna…do rogha rud. 

Má tá tú in aontíos le do chéile, cinnteoidh bosca bronntanas gnéasúil nach ndéanfaidh sibh dearmad ar Oíche Lae Nollag na bliana seo. Má tá cónaí oraibh i dtithe éagsúla, cuirfidh bosca mar é go mór leis an teannas collaíochta agus beidh an chéad oíche eile a chaithfidh sibh le chéile ar fheabhas.

Aimsigh The Joy of Sex

An bhfuil an Kama Sutra nó The Joy of Sex ar an ‘liosta le léamh’ atá agat féin nó ag do chéile, ach gan an deis faighte agat go dtí seo tabhairt faoi? Is í 2020 an bhliain is fearr lena léamh. Is mór an spreagadh é a bheith ag léamh faoi chúrsaí craicinn agus cuirfidh sé splanc the in oícheanta fuara na Nollag. Is maith iad na clasaicí ar nós Kama Sutra, The Joy of Sex nó Delta of Venus le Anaïs Nin mar fhéiríní stoca, ach is fiú súil a chaitheamh ar litríocht chomhaimseartha na collaíochta freisin. 

Insítear mianta collaíochta os cionn 100 Éireannach mná in Bare: Irish Women’s Sexual Fantasies (ar fáil ó Sex Siopa ar €15), lena n-áirítear na daoine a bhíonn ina n-aislingí, an chaoi a mbíonn siad ag smaoineamh faoin gcollaíocht, agus na háiteanna ar mhaith leo a bheith ag bualadh craicinn. Anuas air sin, tá cúpla scéal Gaeilge ann! 

Treoirleabhar léaráidí é How to Have Feminist Sex ina bhfreagraítear gach ceist a bhí agat riamh faoin gcollaíocht. 

Agus más maith le do chéile níos mó den teoiric a léamh, tumtar go domhain isteach i bpolaitíocht na pornagrafaíochta agus sa ghníomhú gnéasach baineann sa leabhar The Feminist Porn Book.

Tá ról tábhachtach ag an intinn sa macnas, cad chuige nach spreagfadh tú do chéile leis an bhfocal scríofa? 

Creathóir lánúna 

Roinn an gliondar faoi Nollaig le creathóir lánúna. Níl sárú an Satisfyer Endless Fun Couples Vibrator ann agus é ar fáil ón siopa Éireannach Sex Siopa ar €55. Fágann an dearadh uathúil atá ar an ngléas nach dírithe ar inscne ar leith atá sé agus gur féidir é a úsáid asat féin nó le do chéile. Tá cloigeann rothlach air a fhágann gur féidir é úsáid ar go leor bealaí éagsúla idir creathóir brillín, spreagthóir G-spota, nó creathóir tóna. Soiprígí le chéile sa leaba le creathóir lánúna agus bainígí taitneamh as a chéile. 

Salann folctha 

Ta géarghá againn uile faoiseamh agus suaimhneas a aimsiú i ndiaidh na bliana uafásaí seo. Bíonn sé an-deacair an fonn collaíochta a mhúscailt ionat féin agus tú faoi strus, agus níos measa fós déanann sé obair chrua den bhualadh craicinn. Tabhair bronntanas an tsuaimhnis do do chéile le go mbeidh siad in ann an intinn a cheansú agus an strus a laghdú sa bhaile. Tá salann folctha, sobal folctha, coinnle, agus níos tábhachtaí ná rud ar bith, am leo féin, i measc na mbronntanas is fearr is féidir a thabhairt do dhuine agus an saol mór faoi strus. Dá luaithe is a bheidh siad ar a sáimhín só, is ea is fearr a bheidh siad in ann díriú ar chúrsaí leathair seachas brúnna móra na bliana 2020. 

Dearbhán óstáin nó spá

B’fhéidir go gceapfá go bhfuil mé aisteach dá luafainn mo mhamó agus moltaí bronntanas craicinn á scríobh agam, ach tá údar maith leis, mar sin fan liom. Deireadh mo mhamó liom i gcónaí gur cheart rud a choinneáil i mo bhosca isteach – is é sin le rá ócáid nó imeacht éigin a bheidh ar an bhféilire ar féidir liom a bheith ag súil léi. Déanaim an-iarracht i gcónaí cloí lena comhairle chríonna, agus cé nárbh í 2020 an bhliain ab fhearr le bheith ag breathnú ar an bhféilire, tá an dea-scéala anois ann go bhfuil muid ag druidim i dtreo dheireadh na paindéime. Cén fáth nach gcuirfeá rud éigin ‘sa bhosca isteach’ duit féin agus do do chéile le haghaidh an lae a bheidh an saol ina cheart? 

Tabharfaidh dearbhán do lá spá, deireadh seachtaine in óstán, nó saoire thar lear rud éigin daoibh le bheith ag súil leis, agus nuair a thiocfaidh an lá cabhróidh sé libh athaithne a chur ar a chéile taobh amuigh de shaol strusmhar na paindéime.


Bí cruthaitheach leis na bronntanais do do chéile i mbliana, tabhair spás dá chéile bhur scíth a ligean, agus sna hoícheanta fada fuara, soiprígí isteach le chéile ar an tolg nó sa leaba, agus beidh an Nollaig geal, géimiúil agus gnéasúil.

Níos mó