Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bronntanas-na-leitheoireachta-–-moltai-leabhar-don-nollaig!

Bronntanas na léitheoireachta – moltaí leabhar don Nollaig!

| Maitiu O Coimin |

Bliain mhór léitheoireachta a bhí in 2020 domsa, a bhuí sin leis an Dianghlasáil Mhór. D’éirigh liom roinnt leabhar mór tiubh Béarla a léamh, ar nós The Tenants of Time (Thomas Flanagan, 1989), Lucifer’s Hammer (Larry Niven agus Jerry Pournelle, 1979), agus Gone With The Wind (Margaret Mitchell, 1936), chomh maith le leabhair i nGaeilge ar nós Thríológ na Litreach (Liam Mac Cóil, 2011, 2014, 2020), Scairt an Dúthchais (Jack London, 1905), agus Súil Eile (Seán Tadhg Ó Gairbhí, 2017).

Bliain mhór a bhí ann do na foilsitheoirí Gaeilge freisin, agus saothair den scoth curtha amach acu i gcaitheamh na bliana., Tá gach cosúlacht ar an scéal go gcuirfear dianghlasáil arís ar an tír i ndiaidh na Nollag, agus ní fhéadfá bronntanas níos fearr a thabhairt do dhuine nach mbeidh cead aige an teach a fhágáil ar feadh míosa ach beart mór leabhar Gaeilge!

Seo duit liosta de na leabhair is mó ar mhaith liom féin a fheiceáil faoin gcrann Nollag i mbliana.


Ficsean

Máchail – scéal díoltais (Ré Ó Laighléis Móinín, €12.95)

Bhuaigh an leabhar seo gradam mór Leabhar na Bliana agus Ghradaim Fhoilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge níos luaithe i mbliana.

Is fear óg é Cormac Mac Guidhir atá tiomanta go hiomlán do bhaint amach an díoltais as a bhfuil déanta ag na baincéirí ar a athair. Scrios, cliseadh meabhrach, dúnadh gnólachta agus an-chuid dochair eile atá mar thoradh ar chaimiléireacht lucht an airgeadais. Ach ní mhaithfear an feall dóibh. Íocfar as ar bhealach nach bhféadfadh na hairgeadóirí a shamhlú riamh – bealach nach bhféadfadh Cormac féin a shamhlú, go deimhin.

Ar fáil ón Siopa Leabhar anseo.

Bealach na Spáinneach (Liam Mac Cóil, Leabhar Breac €15)

An leabhar deireanach i dTríológ na Litreach, mórscéal staire Liam Mhic Cóil. Foilsíodh an chéad leabhar sa tsraith, An Litir, sa mbliain 2011, agus an dara leabha, I dTír Strainséartha, in 2014. B’fhada an fanacht é do lucht leanta Lúcáis Uí Bhriain go bhfeicidís céard a thitfeadh amach nuair a bhainfeadh an laoch óg Gaillmheach Mór-Roinn na hEorpa amach faoi dheireadh sa leabhar seo. Foilsíodh léirmheas ar an leabhar seo ar NÓS níos luaithe i mbliana.

Ar fáil ó Leabhar Breac anseo.

Cnámh (Eoghan Mac Giolla Bhríde, Éabhlóid €14)

Bhuaigh an cnuasach gearrscéalta seo gradam Leabhar na Bliana ag The Irish Book Awards an mhí seo caite. Seo an chéad mhórshaothar ó pheann Mhic Giolla Bríde, scríbhneoir, foilsitheoir agus aisteoir as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall.

Ar fáil ó Éabhlóid anseo.

Éadaoin (Diarmuid Johnson, Leabhar Breac €16)

An leabhar deireanach i dTríológ na Teamhrach le Diarmuid Johnson. Te sna sála ar dhá eipic eile a thagann an scéal seo. In 2017 a foilsíodh Conaire Mór, leabhar a dhéanann athinsint ar an seanscéal Togail Bruidne Da Derga. In 2018 foilsíodh Tuatha Dé Danann, leabhar a rianann gabháil na hÉireann sula dtáinig na Gaeil ar an bhfód.

Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar sin ar fad fite in aon scéal amháin ag Diarmuid Johnson — na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha —ionas gur sean-eipic nua atá againn atá inchurtha le scéal Héilin na Traí, nó le scéal Tristan agus Íosóid. Foilsíodh léirmheas ar Éadaoin ar NÓS níos luaithe i mbliana.

Ar fáil ó Leabhar Breac anseo.

Ceo Bruithne agus Scéalta Eile (Colin Ryan, Cló Iar-Chonnacht €10)

Seo an dara cnuasach gearrscéalta ó pheann Colin Ryan.

Valentina, bean óg de bhunadh na Rúise, ag dúnmharú daoine ar a pá, cúntóir bleachtaire príobháideach, Luciana Wu, ag fiosrú uachtanna agus rudaí nach iad, lámhscríbhinn i dteanga mharbh a goid agus á goid ar ais – cuid de na scéalta a ríomhtar anseo.

Ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht anseo.

Filleadh na nIarlaí (‘An Draoi Rua’, Móinín €12)

Leabhar é seo ina samhlaítear filleadh na nIarlaí ar Éirinn i ndiaidh a n-imeachta i ndiaidh Chath Chionn tSáile.

Ar fáil ón Siopa Leabhar anseo.

Gaillimh: Díolaim Cathrach (Brian Ó Conchubhair, Cló Iar-Chonnacht €25)

Bailiúchán álainn de ghearrscéalta, sleachta úrscéil, agus filíocht a scríobhadh i nGaillimh, faoi Ghaillimh, nó a scríobh lámha Gaillmheacha. Is comóradh í an díolaim seo ar litríocht na Gaeilge agus ar chathair na Gaillimhe a foilsíodh le ceiliúradh a dhéanamh ar Ghaillimh 2020.

Tagraítear anseo do dhealbh uí Chonaire, don Fhaiche Mhór, don Phóirse Chaoch, don Chladach, don Rinn Mhór, don Chaisleán Nua, do Chnoc na Cathrach, do Bhóthar na Trá, do Bhaile an Bhriotaigh, d’oileán Ealtanach, don Bhalla Fada, do Shéipéal an Chladaigh, don tSráid Ard, do Shráid Doiminic, don tSráid Láir, do Shráid na Céibhe, do Shráid na Siopaí, do Shráid Naomh Agaistín, do Shráid San Proinsias, don tSráid Trasna, do Bharr an Chalaidh, do Dhroichead an Chladaigh, don Droichead Beag, don Droichead Mór, do Dhroichead na mBradán, do Dhroichid Loch an tSáile, do Mhóinín na gCiseach agus d’áiteanna nach iad.

Ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht anseo.

Muintir an Ghleanna (Caitlín Bheití Ní Chuireáin, Éabhlóid €12)

Cuireann an t-úrscéal seo síos ar eachtraí agus ar imeachtaí theaghlaigh i lár an chéid seo caite in Iarthar Thír Chonaill. Insíonn sé scéal Bhríd agus a clann thar thréimhse corraitheach dá saol. Bíonn saol aoibhinn ag Bríd ag tús ach tarlaíonn eachtra dhorcha a chuireann cor ina cinniúint agus bíonn an tubaiste sin ina rún diamhair nach féidir léi a scaoileadh. Tarraingíonn an eachtra drochádh ar an teaghlach agus déanann siad a ndícheall éirigh as an drochádh le cuidiú a gcomharsa.

Ar fáil ó Éabhlóid anseo.

Feis Tigh Chonáin (Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac €16)

Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois. Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.

Am éigin sa 15ú haois a scríobhadh Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe, scéal i dtraidisiún mór na fiannaíochta ar nós Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus Agallamh na Seanórach. Le cúpla céad bliain anuas tá an scéal seo á bhreacadh ag scríobhaithe i lámhscríbhinní agus á léamh ag Gaeil cois teallaigh. Sa leagan nua seo le Darach Ó Scolaí tá an scéal curtha in oiriúint do léitheoirí ár linne.

Ar fáil ó Leabhar Breac anseo.

Aistriúcháin

Tinte na Farraige Duibhe (Tim Armstrong, Leabhar Breac €16)

Foilsíodh an t-úrscéal ficsean-eolaíochta seo i nGaeilge na hAlban in 2013 faoin teideal Ar Cuan Dubh Drilseach. Tá sé curtha in oiriúint do léitheoirí Ghaeilge na hÉireann ag Eoin P Ó Murchú.

Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu.

Ar fáil ó Leabhar Breac anseo.

Liam Ó Flaithearta – Rogha Gearrscéalta (Liam Ó Flaithearta, Cló Iar-Chonnacht, €15)

Cé nár foilsíodh ach bailiúchán amháin gearrscéalta dá chuid ina theanga dhúchais lena bheo, tá cáil an-mhór ar an gcnuasach céanna Dúil i measc lucht léite na Gaeilge toisc go mbíodh sé ar an siollabas scoile. Déantar staidéar fós ar Dúil sna hollscoileanna.

Sa leabhar seo tá Gaeilge curtha go paiteanta ag Micheál Ó Conghaile ar a rogha féin de scoth na ngearrscéalta, trí cinn agus tríocha, mar a gcíortar téamaí mar chruas agus ainnise shaol na n-oileánach Éireannach, ról na mban sa tsochaí sin, dearcadh suaithinseach Uí Fhlaithearta ar an gcléir agus ar an eaglais Chaitliceach, an spéis thar na bearta sa dúlra agus sa nádúr.

Ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht anseo.

Ar Luch agus Ar Dhuine (John Steinbeck, Leabhar Breac €16)

Eagrán álainn Gaeilge í seo den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Ghnóthaigh an t-aistriúchán seo, a rinne Colmcille Ó Monacháin, gradam de Bhaldraithe ag Oireachtas na Gaeilge 2020.

Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre’.

Ar fáil ó Leabhar Breac anseo.

An Capall agus a Ghiolla (CS Lewis, An Gúm €12)

Seo an dara leabhar sa tsraith Croinicí Nairnia a d’aistrigh Antain Mac Lochlainn go Gaeilge. Foilsíodh An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh in 2014. Foilsíodh léirmheas ar NÓS níos luaithe i mbliana.

Is Capall Cainte é Brí agus is giolla bocht é Seasta. Socraíonn siad arimeacht as tír na Calairméine agus saol an sclábhaí a fhágáil ina ndiaidh. Ní fada ar an bhóthar iad go gcastar beirt eile orthu atá ag éalú fosta – an cailín uasal Aravios agus a compánach féin, Capall Cainte eile darbainm Bhuin. Tiocfaidh an ceathrar seo i gcabhair ar Nairnia in am anéigin agus foghlaimeoidh Seasta nach bhfuil aon dul ón chinniúint.

Ar fáil ón nGúm anseo.

Óráidí a chuaigh i gcion (Leabhar Breac, €15)

Sa chnuasach seo, tá os cionn leathchéad óráid ar fad, óráidí a tugadh ó aimsir Mhaois anuas go dtí Éire na linne seo. Tá idir mhór-óráidí ann —  leithéidí Pheiricléas, Napoléon, Abraham Lincoln, an Phiarsaigh, Éamon de Valera, Franklin D. Roosevelt — agus óráidí nach bhfuil a gclú chomh mór sin ach a thugann léargas eile dúinn ar an saol agus ar an stair.

Neamhfhicsean

Croí Cine (Seán de Fréine, Cló Iar-Chonnacht €25)

Leabhar ar leith é seo, é níos mó agus níos cuimsithí ná an chéad eagrán a foilsíodh i 1990, agus a ghnóthaigh iomrá ag an am. Ar leibhéal amháin, is cnuasach é de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge – scothshamplaí de smaointe, den fhilíocht, de nathanna, agus de rudaí fiúntacha – a cumadh ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad. Pléitear ceisteanna iontu: mar shampla, meon an phobail sa saol Gaelach i leith na cléire, ról na gcineálacha éagsúla amhrán mar ábhar meanma agus misnigh i measc aicmí éagsúla den phobal, an náisiúntacht vs an náisiúnachas, tábhacht agus todhchaí na Gaeltachta, na trí mhórchúis a thug cúlú na Gaeilge sa naoú céad déag.

Ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht anseo.

An Ghaeilge sa Dlí (Dáithí Mac Cárthaigh, Leabhar Breac €30)

Stádas na Gaeilge faoin mBunreacht, faoin gcásdlí, agus faoi dhlí an Aontais Eorpaigh — go stairiúil agus faoi láthair — is ábhar don leabhar seo. Cuimsítear inti pleanáil agus pleanáil teanga, oideachas, craolachán, an tseirbhís phoiblí, cúrsaí Gaeltachta, Tithe an Oireachtais agus na Cúirteanna. Déantar mionphlé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus moltar leasuithe atá bunaithe ar scoth-chleachtais i gCeanada agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.

Ar fáil ó Leabhar Breac anseo.

Ag Útamáil Liom – Cuimhní Cinn (Pádraic Breathnach, Cló Iar-Chonnacht €15)

I gcéilíocht lena chleachtadh scríbhneoireachta déanann Pádraic Breathnach cur síos cuimsitheach sa leabhar seo ar mhórspéiseanna eile, dá chuid: an dúlra, an tsiúlóid, an taisteal aistreánach, an eachmharcaíocht agus an chuil-iascaireacht. 

Ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht anseo.

Siamsa an Gheimhridh (Domhnall Ó Fotharta, Cló Iar-Chonnacht €10)

Ba é Domhnall Ó Fotharta, oide scoile sa gCaladh i bparóiste Bhaile an Dúin, údar an leabhair seo. Cnuasach ilchineálach atá ann, amhráin, scéalta, orthaí, paidreacha, seanráite, cluichí agus tomhaiseanna. Chruinnigh scoláirí na scoile cuid den ábhar óna muintir. Tugann an leabhar léargas ar an litríocht bhéil agus ar an gcaitheamh aimsire a bhíodh ar bun in iarthuaisceart Chonamara sa dara leath den 19ú céad.

Thuig an Fothartach go raibh an teanga ar hoib imeacht sa gceantar agus go dtráfadh an chuartaíocht, an t-airneán agus an tsiamsaíocht cois teallaigh dá réir. Chronaigh sé an seansaol ach bhain sólás, mar a dúirt sé féin, as ‘cuimhneamh ar na daoine a bhíodh cruinn agus ar an gcaint agus ar an gcomhairle a bhíodh ar bun acu’. Foilsíodh an leabhar i dtosach sa mbliain 1892. Cóiríodh an t-eagrán seo do léitheoirí an lae inniu.

Ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht anseo.


Níl anseo ach blaiseadh de na leabhair iontacha Ghaeilge atá ar fáil díreach ó na foilsitheoirí féin agus ó na siopaí An Siopa Leabhar, An Ceathrú Póilí agus Litríocht.com.

Foilseofar liosta na leabhar do pháistí ar NÓS sna laethanta amach romhainn.

Níos mó