Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
12-phub-ar-mhaith-liom-pionta-a-ol-iontu-nuair-a-bheidh-an-phaindeim-dhamanta-seo-thart-<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>

12 phub ar mhaith liom pionta a ól iontu nuair a bheidh an phaindéim dhamanta seo thart

| Aedin Ni Thiarnaigh |

Dá ndéanfainn iarracht alt a scríobh ar na rudaí uilig a bhraith mé uaim ó thosaigh an phaindéim seo, bheimis anseo go tús 2022  — agus drochghiúmar ar chibé duine bocht a léifeadh alt dá leithéid. Mar sin san alt seo ní bhacfaidh mé ach le rud amháin, nach beag, a bhraith mé go géar uaim ó cuireadh faoi chos Covid muid; pionta ceart Guinness.

Cé go bhfuil na pubanna dúnta orainn fós, tá dóchas agam go mbéarfaidh 2021 léi deis scúpanna sona sásta a bheith agam sna pubanna úd arís agus nuair a thiocfaidh an lá sin, beidh mé réidh.

Tá mo phlean gnímh réidh agam agus seo agaibh é;

12 theach tábhairne ar mhaith liom pionta Guinness a ól iontu nuair a bheidh an phaindéím dhamanta seo thart

Uimhir 1: Tigh Ned, Inis Oírr

Chuir mé eolas ar Thigh Ned agus mé ag freastal ar an bhFéile Idirnáisiúnta Bodhrán, ‘Craiceann’ san oileán gainmheach cúpla bliain ó shin agus tá sé ar na pubanna is ansa liom ó shin. Ceol breá le clos, binsí breátha lasmuigh agus an rud is tábhachtaí, piontaí blasta!

Uimhir 2, 3 & 4: O’Connell’s, Tí Neachtain agus Barr an Chaladh, Cathair na Gaillimhe

Is deacair rogha a dhéanamh idir na tithe tábhairne i gCathair na dTreabh, áit a bhfuil clú cruinne uirthi mar gheall ar chraic agus ceol sna pubanna. Is iomaí oíche shona a chaith mé ag ól piontaí cúracha in O’Connell’s ar an bhFaiche Mhór ach ní fhéadfainn dearmad a dhéanamh ar na dea-phiontaí dubha i gcúinne cluthar Tigh Neachtain ná cois tine i mBarr an Chaladh ach oiread. 

Uimhir 5: Murphy’s Bar, Cé Bhréanainn

Seoid amach is amach é tábhairne Uí Mhurchú agus mura mbainfidh milseacht na bpiontaí deora asat, déanfaidh scothradharc na farraige nó cluthaireacht na tine an beart!

Uimhir 6: The Feale Bar, Baile an Bhuinneánaigh

Tá an áit seo gar do chroí mhuintir Thiarnaigh uilig agus iliomad oícheanta scléipeacha caite againn ann san áit is ansa linn ar domhan, Baile an Bhuineánaigh. ‘Nóisin’, anseo ní bhfaighidh tú, ach neart meidhre agus ceoil. Go simplí, aoibhneas na bhflaitheas. 

Uimhir 7: Tábhairne Tig na Cúirte, an Daingean

Agus an oiread pubanna iontacha i mBaile an Daingin; Dick Mack’s, Tigh Mhic Cárthaigh agus Foxy John’s ar chuid acu, is fusa dearmad a dhéanamh ar Thábhairne Tig na Cúirte. Ní hamhlaidh a dhéanfaidh mise áfach agus tá mé ag súil go mór le hoíche shuaimhneach a chaitheamh ann arís le pionta i mo lámh is ceol binn i mo chluasa.

Uimhir 8: Rackards Bar, Inis Córthaidh

Ón taobh amuigh, is beag rud speisialta a thabharfaidh tú faoi deara maidir le Rackard’s Bar, ach domsa, tá an pub seo ar maos le cuimhní deasa de chomhráite le cairde nach bhfaca mé le fada. Cuireann maoithneachas mar seo go mór le milseacht na bpiontaí agus is fada liom go mblaisfidh mé iad an athuair i gcuideachta na gcairde céanna. 

Uimhir 9,10 & 11: Katie Daly’s, The Curragower Bar agus JJ Bowles’, Cathair Luimnigh

As go brách linn go Luimneach anois chun tabhairt faoi Thríonóid Naofa na dTithe Tábhairne. Ag tosú amach faoi scáil Chaisleán Luimnigh, ólfar pionta so-bhlasta den stuif dhubh i dtigh Katie Daly sula rachaidh muid trasna an droichid chuig an Curragower clúiteach. Críochnófar an turas leis an bpionta Guinness is fearr a bhfuil fáil air i Luimneach, sa teach tábhairne is sine sa chathair; Tigh JJ Bowles. 

Uimhir 12: An Beár ag Aerfort BÁC

Faoi dheireadh thiar thall, is beag rud atá níos blasta ná piontaí sciobtha caite siar ag an mbeár in Aerfort Bhaile Átha Cliath roimh mhóreachtra thar lear. Go raibh deis taistil againn arís go luath lena léithéid de phiontaí a bhlaiseadh, ach ná raibh muid chomh tógtha leis na piontaí céanna go gcaillfidh muid na heitiltí chun na móreachtraí féin…

Níos mó