Bean Gaeltachta i mbun feachtas bailiúcháin airgid ar mhaithe le láthair machnaimh i dTír Chonaill.
Tá sé mar sprioc ag Bríd Nic Suibhne, de bhunadh Ghaoth Dobhair, ag dul amach ag siúl achan lá ar feadh bliana.
Téann Bríd amuigh ag siúl go rialta lena cara Ella, Deireann sí go bhfuil sé maith don chorp agus don intinn.
Aithníonn Bríd go bhfuil carthanachtaí agus grúpaí pobail thíos go mór leis de bharr an CVOID 19 agus go mbeidh sé níos deacra orthu anois ná riamh airgead a chruinniú.
Chinn Bríd tús a chur le feachtas bailiúcháin airgid ar mhaithe a hionad pobail áitúla, Ionadh Naomh Pádraig Dobhair.
Ba mhaith le Ionad Naomh Pádraig láthair machnaimh a fhorbairt sa phobal, i ndíl chuimhne ar dhaoine óga a fuair bás agus orthu sin a cailleadh go tobann, tubaisteach i mbláth na hóige, fríd na blianta.
Tearmann síochána, spioradálta agus foinse faoisimh agus sóláis do thuismitheoirí, chaomhnóirí, baill teaghlaigh agus cairde an aos óg, nach maireann ach i gcuimhne agus i gcroithe a muintir agus a bpobail.
Creideann siad go láidir go bhfuil géarghá le leithid de thearmann le haird a dhíriú ar chúrsaí meabhair shláinte agus folláine. Áit suaimhnis agus scríste ó challán agus clampar na saoltaí seo ina maireann muid.
Tá €5,230 cruinnuithe go dtí seo. Meastar go gcosnóidh costas iomlán an togra thart ar € 12,000
Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le Bríd Nic Suibhne ar na mallaibh agus i mbun a dushlán siúl.
Tuilleadh eolais ANSEO