Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-laochra-ar-lar-agus-amhras-faoina-bhfuil-romhainn

Laochra ar lár agus amhras faoina bhfuil romhainn

| John Allen | ,

Shuigh mé síos mí na Nollag chun alt a scríobh do Tuairisc.ie do chéad Shatharn na bliana. Bhí cúrsaí Covid sa nuacht gach lá mar a bhí ó mhí an Mhárta. Agus mé i mbun pinn ní raibh leagan amach shéasúr 2021 fógartha go fóill ag Cumann Lúthchleas Gael ach bhí ráflaí ann le tamall roimhe sin go mbeadh an séasúr idirchontae á rith roimh cheann an chlub agus go mbeadh comórtais na mionúr agus faoi-20 na bliana 2020 á gcríochnú mí Eanáir. Ghlac mé leis na ráflaí agus chuaigh mé sa seans agus mé ag scríobh mo choda.

Faraor d’athraigh cúrsaí an ghalair an-tapaidh agus d’athraigh an saol agus an domhan an-tapaidh dá bharr. Deineadh fógra ansin go mbeadh cead ag na foirne idirchontae filleadh ar an lántraenáil ioan deireadh seachtaine seo agus go mbeadh na cluichí sraithe ag tosú an deireadh seachtaine deireanach mí Feabhra. Dúradh linn freisin go mbeadh cluiche ceannais iomána na hÉireann á himirt ar an 10/11 Iúil 2021. Go sábhála mac Dé sinn agus Féile Cheoil Willie Clancy i Sráid na Cathrach ag teacht go ceann scríbe an deireadh seachtaine céanna!

An dtarlóidh ceachtar ócáid?

Mar is eol dúinn tá mórán athraithe le cúpla seachtain. Táimid i lár na stoirme arís. D’fhógair CLG nach mbeadh cead ag foirne dul ar ais ag traenáil le chéile go dtí deireadh na míosa ar a thúisce. Ach i rith na tréimhse tubaistí seo, tháinig scéalta chun solais go raibh roinnt contaetha ag briseadh na rialacha agus ag traenáil le chéile. Bhí peileadóirí an Dúin agus Chorcaí sa nuacht agus é curtha ina leith go raibh na rialacha á mbriseadh acu. Ina dhiaidh sin bhí cáineadh go leor ar na meáin shóisialta agus mórán ag iarraidh go gcuirfí pionós géar ar aon chontae a bhrisfeadh na rialacha.

Dar ndóigh tá cúrsaí na paindéime an-tromchúiseach faoi láthair agus ní ceart na rialacha ó thaobh na traenála a bhriseadh.

Bhí an t-ádh glan orainn go raibh na cluichí go léir againn roimh Nollaig. Tá cúrsaí Covid i bhfad níos measa anois agus caithfidh CLG a bheith an-dian ar aon chontae a bhriseann na rialacha.

Is beag eile a bhí sna meáin ó thosach na bliana taobh amuigh de chorrimreoir a bhí ag imeacht den stáitse.

Bhain cúpla scéal na ceannlínte amach. Tháinig an chéad cheann ó champa na nDéise agus an cúl báire iontach Stephen O’Keefe ag fógairt go raibh sé ag tógaint briseadh ón iomáint idirchontae i mbliana. Ní dúirt se go raibh sé críochnaithe ar fad. Tá an-seirbhís tugtha ag Stephen ó 2012 agus bhí sé ar fheabhas sa chraobh anuraidh. Braithfidh a fhoireann uathu é.

Cúpla lá ina dhiaidh d’fhógair James Skehill na Gaillimhe go raibh deireadh déanta aige féin sa chúl. Sin fear eile a thug an-seirbhís agus é ar fhoireann a chontae, agus é di, ó 2007.

Stephen McDonnell Chorcaí an chéad laoch eile a d’fhógair go raibh a chuid déanta aige leis an fhoireann idirchontae. Cúlaí den chéad scoth a bhí ann nuair a bhí sé i mbarr a réime.

Agus inné d’fhógair Paul Murphy Chill Chainnigh go raibh a rás féin rite. Cúlaí den scoth a bhuaigh ceithre bhonn uile-Éireann agus ceithre ghradam All Star idir 2011 agus 2015. Dóthain ráite.

Ansin seachtain ó shin tháinig an scéala go raibh an t-imreoir iontach sin, Theo English ar shlí na fírinne agus nócha bliain caite aige. Bhí Theo ar cheann de laochra móra na hiomána nuair a bhí mise i m’ógánach sna seascaidí. É féin, Tony Wall, Liam Devaney, Mackey, McKenna, Donie Nealon a chuir faoi gheasa sinn agus sinn ag éisteach leis an raidió. Bhuaigh Tiobraid Árann craobh na hÉireann cúig uaire idir 1958 agus 1965. Chonaic mé ag imirt cúpla uair Theo agus sheas sé amach mar gheall ar an scil dhraíochta a bhí aige.

Tá fear uasal iontach eile imithe uainn freisin. Fuair Éamonn Ryan Chorcaí bás Déardaoin. Cad é mar churiarracht a bhí aige le banpheileadóirí Chorcaí agus é mar bhainisteoir buacach deich n-uaire. Ach taobh amuigh de sin rinne sé éachtaí go leor lena scoil náisiúnta i gCnocán na Biolraí agus le cuid mhaith clubanna eile timpeall an chontae.

D’imir sé peil le Corcaigh agus bhí sé ina bhainisteoir leis an bhfoireann shinsir freisin. Bhí d’onóir agam féin imirt faoina stiúir go luath sna hochtóidí.

Mar fhocail scoir, i ndiaidh seachtain chraiceáilte agus scéal an Covid ag athrú ó lá go lá, fógraíodh nach dtiocfadh aon athrú ar rud amháin nár athraigh ó 1999.

Beidh Brian Cody ag caitheamh bib an bhainisteora do Chill Chainnigh arís i mbliana.

Plus ça change plus c’est la même chose.

Níos mó