Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘na-creid-daoine-a-chuirfeadh-an-dubh-ina-gheal-ort-i-dtaobh-na-vacsaine’-<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>

‘Ná creid daoine a chuirfeadh an dubh ina gheal ort i dtaobh na vacsaíne’

| Maire Treasa Ni Cheallaigh |

Fadó an lá bhíodh sé ina imní go mbeadh gasúir scriosta ag an raidió, nó ag an teilifís, nó ag cluichí ríomhaireachta nó ag an idirlíon. Feictear dom féin go bhfuil na gasúir ceart go leor agus go bhfuil inchinn na ndaoine fásta á scriosadh ag Facebook. 

Is mar gheall ar Facebook agus na bréaga a scaipeadh air gur tharla vóta na Breatimeachta, gur cuireadh Donald Trump isteach sa Teach Bán, agus go gcreideann daoine ciallmhara go bhfuil ceallaí féatais sa vacsaín in aghaidh COVID-19.

Níl a fhios agam céard atá chomh deacair a thuiscint. Nó cén fáth a gceapann daoine go bhfuil fios níos fearr acu mar gheall ar rud a léigh siad ar Facebook, seachas saineolaithe, eolaithe agus dochtúirí a chaith a saol ag treabhadh gort tinnis agus víris éagsúla. Nuair atá idir 80-100 uair a chloig in aghaidh na seachtaine caite ag daoine ag obair in ospidéil, agus galair agus an bás feicthe acu le blianta agus nuair a deir na daoine céanna seo nach raibh tada ar bith beo níos deacra le déileáil leis ná COVID-19, ba cheart cluas a thabhairt dóibh. 

Anois agus vacsaín againn, tá deis againn deireadh a chur leis an tinneas agus tá daoine ag scaipeadh bréag a facthas ar Facebook, in áit éisteacht le daoine a bhfuil scil acu san ábhar.

Ní saineolaí mise. Ach tá muinín agam as na saineolaithe. Tá duine as gach míle duine a tholg an galar th’éis bháis sa mBreatain. Tá na mílte ag fáil bháis leis chuile lá sna Stáit Aontaithe. Tá na mílte eile go dona tinn, gan trácht ar an bhail atá curtha ag an ngalar ar chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta. Caithfidh muid a bheith muiníneach as an vacsaín seo. Má tá drogall ort, tug chun cuimhne cuid de na fíricí seo.

1: Baineann fo-iarmhairtí le chuile dhruga beo ar an margadh. Tá iobúpróifein in ann poll a chur i do bholg agus i do chuid putóg, agus in ann deireadh a chur le do chuid duán. Fós, slogann muid iad uair ar bith a bhíonn cloigeann tinn againn. Níl aon druga gan riosca. Ach tá an baol an-bheag go deo. Tá sé níos lú arís leis an vacsaín seo. Is mó seans go mbeadh droch-thimpíste bóthair agat, ach níl aon dhrogall orainn bóthar a bhualadh. 

2: Níor cíoradh aon vacsaín chomh dian agus an ceann seo. Glactar leis go mbeidh duine as chuile dheichniúr i bpian san áit a bhfuair siad an snáthaid, nó cloigeann tinn. Sin comhartha go bhfuil sé ag obair. Agus b’fhearr liom i bhfad géag tinn ar feadh dhá lá, ná coicís san ospidéal. Nó duine eile a chur den tsaol leis dá scaipfinn COVID19 i ngan a fhios dom féin. 

3: Seachain nuacht Facebook. Chonaic mé ceann maith inné. Is cosúil go bhfuil VEID ar leath de dhaonra na Nua-Shéalainne. Agus é slogtha agus roinnte ag daoine éirimiúla. Seo fíric duit: chuile chúig nóiméad, buaileann taom croí nó stróc duine éicint in Éirinn nó sa mBreatain. Is mór an seans mar sin go gearr go mbeidh an vacsaín faighte ag créatúr éigin agus a bheidh básaithe an tráthnóna sin mar gheall ar a gcroí. Ní hin le rá gurbh é an vacsaín a rinne é. Ná creid daoine a dhéanfaidh iarracht an dubh a ina gheal ag rá go bhfuil an vacsaín ag marú daoine. COVID19 atá ag déanamh an slada.

4: Má tá ceist agat, lorg freagra. Ach ná téigh ar Facebook. Labhair leis an dochtúir, faigh eolas ón WHO nó áisíneachtaí nuachta ar féidir braith orthu. 

Níos mó