Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-na-dean-nos-a-shocraigh-duine-eile-ar-do-shon!

Ná déan nós a shocraigh duine eile ar do shon!

| Niamh Ni Shuilleabhain |

Is aoibhinn liom rúin athbhliana a leagan síos ar an 1 Eanáir. Is minic a bhíonn na laethanta idir dhá Nollaig ina dtréimhse chraois agus cén t-am is fearr chun dea-nósanna a dhéanamh agus drochnósanna a bhriseadh ná tús na bliana nua?

An tráth seo bliana, faraor, bíonn na meáin shóisialta ag cur thar maoil le méimeanna, nascanna agus plé faoi Rúin Athbhliana agus is minice ná a mhalairt is caint dhiúltach a bhíonn ann ina mbítear a gcáineadh mar ghal soip. Is iondúil go dtagann na gothaí is mó uathu siúd a dhéanann na buillí is lú ó thaobh Rúin Athbhliana de. 

Ní thuigim cén fáth a labhródh duine amach i gcoinne ruda nach mbaineann leo nó nach ndéanann aon dochar dóibh. Cén fáth a ndéanfadh duine beag d’iarrachtaí duine eile a shaol féin a fheabhsú? An cuma linn má tá ár gcomharsa béal dorais díreach tar éis ‘Couch to 5K’ a thosú le bróga reatha úrnua na Nollag uirthi agus muid cinnte nach mbeidh tásc ná tuairisc uirthi ar na cosáin i gceann coicíse? An cuma linn má fhanann duine atá trom ar an tobac go dtí an 1 Eanáir chun éirí as an drochnós den deichiú huair?

Is iad na daoine a labhraíonn amach ina gcoinne na daoine nár chloígh le Rún Athbhliana riamh agus iad ag iarraidh leithscéal a dhéanamh dá n-easpa spreagtha féin, nó daoine nach n-aithníonn go mbainfidís leas as roinnt athruithe dearfacha a dhéanamh ina saol féin.

De réir mar a fheicimse é, má dhéanann duine ar bith rún athbhliana, tá rud éigin ina saol nach bhfuil siad sásta leis. Ní haon chúis náire é sin. Tá sprioc éigin acu agus tá a fhios acu nach thar oíche a bhainfidh siad an sprioc sin amach. Tá gach seans go bhfuil an sprioc nó an bhrionglóid sin ar chúl a gcinn le blianta agus nach raibh sé de mhisneach acu aghaidh a tabhairt air go dtí seo. Nó b’fhéidir gur theip orthu an rún seo a bhaint amach anuraidh agus arú-anuraidh. Ach an cuma linn? 

Cén fáth nach féidir linn aire a thabhairt dár ngnó féin seachas drochmheas a thaispeáint nó ceap magaidh a dhéanamh díobh siúd a bhfuil cabhair, moladh agus spreagadh ag teastáil uathu. 

Cuardaigh ‘New Year’s Resolutions’ ar Google agus bíonn na mílte torthaí ann idir liostaí moltaí agus tuarascálacha síceolaíochta a mhaíonn nach n-oibríonn rúin athbhliana agus gur chóir dúinn dearmad glan a dhéanamh orthu.

Ní aontaím leis na liostaí ina moltar Rúin Athbhliana ach an oiread. Má bhíonn tú féin ag lorg inspioráide ó chuid de na liostaí sin ar an 31 Nollaig, níl Rúin Athbhliana ag teastáil uait. Is liostaí idéalacha iad de rudaí dearfacha ar chóir dúinn uilig a dhéanamh an t-am ar fad. Is léir don dall gur cheart dúinn uilig níos mó aclaíochta a dhéanamh, níos mó uisce a ól, níos mó airgid a shábháil, níos lú bia gasta a ithe. An gá dúinn liosta den sórt sin a léamh chun muid féin a spreagadh? Más gá, ná déan aon rún. 

Cuirimis an seanfhocal ‘ná déan nós agus ná bris nós’ a chur in oiriúint don ábhar seo: ‘ná déan nós a shocraigh duine eile ar do shon is ná bris nós a shocraigh duine eile ar do shon!’

Mura bhfuil rud éigin ar bharr do theanga agat a luaithe is a smaoiníonn tú ar na dea-rúin, níl an fonn láidir go leor lena thabhairt chun críche. Ná déan Rún Athbhliana ar mhaithe le Rún Athbhliana a dhéanamh ach más í mian do chroí sprioc éigin a bhaint amach, nó athrú a dhéanamh i do stíl mhaireachtála, tapaigh an deis seo agus gabh ort féin an sprioc a bhaint amach.

Ar an 1 Eanáir 2010 rinne mé an chéad Rún Athbhliana dáiríre i mo shaol. Bhí mé tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh le mo chairde in London i mí na Samhna agus mé sé chloch róthrom ag an am. Agus muid i dteach tábhairne, gan chúis gan údar, mhaslaigh strainséir fir mé faoin meáchan. Níor admhaigh mé do mo chairde gur ghoill sé orm ag an am, ach ar an eitilt abhaile an deireadh seachtaine sin gheall mé dom féin go gcaillfinn meáchan ón 1 Eanáir amach. Ní don leibide ar bhuail mé leis an oíche sin, ach dom féin. 

Bhí a fhios agam féin go raibh fadhb mhór agam le mo mheáchan ach dúshlán ollmhór scáfar a bhí ann. B’in é an fáth ar chabhraigh an spriocdháta go mór liom: thug mé am dom féin an Nollaig a chur díom, taitneamh a bhaint as an bhféile gan mothú na ciontachta a bheith orm ach fad is a bhí mí na Nollag ag druidim chun deiridh bhí súil in airde agam leis an mbliain nua agus an t-athrú a gheall mé dom féin. 

Níor chúlaigh mé ón Rún Athbhliana sin riamh. Tá sé chloch meáchain caillte agus cloíte agam ón lá sin agus nuair a fhiafraítear díom anois “cad a rinne tú?” admhaím go hoscailte agus go bródúil nach ndearna mé ach Rún Athbhliana a choimeád agus go bhfuilim fós ag cloí leis 11 bliain níos déanaí. 

Is rud an-phearsanta agam na Rúin Athbhliana a dhéanaim gach bliain agus ní gá go mbeadh a fhios ag aon duine eile cad iad na mianta is doimhne i mo chroí, ach táim cinnte dearfa de nach gcaillfinn codladh na hoíche mura n-ólfainn go leor uisce lá éigin tar éis gealladh dom féin go mbeadh mo dhá lítear agam.

Níl ann ach nós agus tá difríocht idir rún agus nós.

Ná lig d’aon duine a rá leat nach n-oibríonn Rúin na hAthbhliana, is ionann é sin is a rá nach n-oibríonn bolgáin solais toisc go dteipeann orthu anois is arís! Agus dá dteipfeadh ort, cad é an rud is measa a d’fhéadfadh tarlú? Tá mo rún déanta agam arís i mbliana ach ar ndóigh ní osclóidh mé mo bhéal faoi. 

Níos mó