Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-rata-scaipthe-an-covid-19-meadaithe-faoi-dho-i-gceantair-airithe-gaeltachta

Ráta scaipthe an Covid-19 méadaithe faoi dhó i gceantair áirithe Gaeltachta

Tá fás as cuimse tagtha ar ráta an Covid-19 ar fud na tíre an mhí seo agus scaipeadh an ghalair sna ceantair Ghaeltachta le feiceáil i bhfigiúirí nua.

Tháinig ardú mór ar líon na gcásanna a aimsíodh sna ceantair sin thar thréimhse na hathbhliana agus ráta scaipthe an Covid-19 méadaithe faoi dhó i gceantair áirithe.

Fe réir figiúirí na seachtaine seo caite, as an 13 toghcheantar ar fud na tíre ina bhfuil bailte Ghaeltachta suite, ní raibh ach péire acu ina raibh an ráta tolgtha níos airde ná 700 cás in aghaidh gach 100,000 duine iontu.

Ach de réir na bhfigiúirí is deireanaí tá cúrsaí imithe in olcas agus níl ráta níos ísle ná 700 ach i bpéire acu faoin tráth seo.

Is i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead atá an ráta is airde sa stát go fóill. Tháinig breis is a thrí oiread de mhéadú ar an ráta scaipthe sa cheantar in achar seachtaine agus ráta 6,031 luaite leis an gceantar don choicís idir an 29 Nollaig agus 11 Eanáir.

Tá an ráta sin níos mó ná ceithre huaire níos airde ná an meánráta náisiúnta sa tréimhse chéanna – 1,410.

Deimhníodh 760 cás nua den Covid-19 i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead sa thréimhse coicíse sin. Fágann sin go bhfuair duine as gach 17 duine sa cheantar uile toradh dearfach ar thástáil Covid-19 sa 14 lá sin idir an 29 Nollaig agus 11 Eanáir.

Bhí ardú mór i gceist sa toghcheantar eile ina bhfuil ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo, Cathair na Mart. D’ardaigh líon na gcásanna ó 75 go dtí 168 agus ráta 914 ann dá bharr.

Tá ceantar Gaeltachta i nDún na nGall ar an deichiú ceantar is measa a bhí buailte ag an víreas le linn na tréimhse sin.

Ráta 2,440 a bhí i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach agus 336 cás nua deimhnithe ansin.

Tháinig méadú níos mó ná a dhá oiread ar an ráta i dtoghcheantar na nGleanntach in iarthuaisceart Dhún na nGall in imeacht seachtaine. D’ardaigh an ráta scaipthe ó 426 go dtí 974 agus 233 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ansin idir an 29 Nollaig agus 11 Eanáir.

I ndeisceart Thír Chonaill, 310 cás a deimhníodh i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall agus ráta 1,170 ann dá bharr, 494 d’ardú ó 676.

Ar an taobh eile den scéal, bhí an ráta is ísle sa tír i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge. 101 cás nua a deimhníodh ann le linn na tréimhse atá luaite agus ráta 493 sa cheantar.

Cé go bhfuil sé sin níos ísle ná aon áit eile sa tír, tá an ráta fós beagnach ceithre huaire níos airde ná an ráta a bhí i nDún Garbhán aon uair eile ó tosaíodh ar na figiúirí a fhoilsiú san fhómhar.

I nGaillimh, cé go raibh ardú i gceist sa dá thoghcheantar i gConamara, bhí siad fós gar do bhun an liosta ó thaobh na dtoghcheantar is measa a bhí buailte.

Ní raibh ach ceithre thoghcheantar sa tír, Dún Garbhán ina measc, ina raibh ráta níos ísle ná mar a bhí i gConamara Thuaidh – 593 – idir 29 Nollaig agus 11 Eanáir. 

Contae Líon na mbásanna Meánaois na marbh Líon na gcásanna Meánaois na ndaoine
Corcaigh 87 84 15,008 37
Dún na nGall 73 83 6,245 38
Gaillimh 25 83 5,607 31
Ciarraí 23 83 3,316 35
Maigh Eo 59 82 3,765 39
An Mhí 68 81 6,353 38
Port Láirge 11 80 3,195 38

Bhí Conamara Theas buailte níos measa ag cásanna den víreas. 165 cás nua a deimhníodh sa cheantar agus an ráta scaipthe imithe suas ó 426 go dtí 773.

Bhí ardú mór i gCorca Dhuibhne le linn an tréimhse seo agus an ráta scaipthe imithe suas ó 529 go dtí 860. 122 cás nua a deimhníodh in iarthar Chiarraí.

D’imigh an ráta i dtoghcheantar Neidiín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh os cionn 1,000 den chéad uair agus ráta 1,002 ann mar thoradh ar an 251 cás nua a deimhníodh ansin idir an 29 Nollaig agus 11 Eanáir.

Tá an t-ardú ollmhór a tháinig ar líon na gcásanna i gCorcaigh an mhí seo le léamh ar na figiúirí is deireanaí chomh maith. Tá an ráta is ísle sa chontae i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha – 928 – ach tá an figiúir sin níos mó ná a thrí oiread níos airde ná mar a bhí sé seachtain roimhe sin. 342 cás nua a deimhníodh sa cheantar ina bhfuil Gaeltacht Mhúscraí.

I gcontae na Mí, tháinig ardú ó 587 go dtí 885 ar an ráta i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn.

Ardú mór a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib agus ráta 923 ann dá bharr.

Tá líon na ndaoine a fuair bás le Covid-19 i ngach contae ó thús na paindéime foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu chomh maith.

Ó thaobh na gcontaetha Gaeltachta, is i gCorcaigh a fuair an líon is mó daoine bás mar thoradh ar an Covid-19. 87 duine ar fad a bhásaigh de dheasca an víris idir mí an Mhárta 2020 agus an 8 Eanáir 2021.

73 duine a bhásaigh i nDún na nGall, 68 i gcontae na Mí, 59 i Maigh Eo, 25 i nGaillimh, 23 i gCiarraí agus 11 i bPort Láirge.

Is i mBaile Átha Cliath a bhásaigh an líon is mó daoine in aon chontae amháin – 958. Cúigear a bhásaigh i Liatroim, an líon is lú.

Níos mó