An Ghaeilge ar YouTube
An Ghaeilge ar YouTube: Seo thíos 7 gcainéal YouTube a bhíonn ag plé le gach rud a bhaineann leis an nGaeilge go rialta.
Gaeilge le Eímear
Tá cainéal Gaeilge le Eímear dírithe ar foghlaimeoirí na Gaeilge.
Cuireann sí béim mhór ar an nGaeilge labhartha. Cabhraíonn sí le daoine atá i mbun an scrúdú TEG B2 agus tugann sí acmhainní oiriúnacha dóibh. Léiríonn Eímear an difríocht idir na canúintí éagsúla go héifeachtach agus is minic a dhéanann sí tagairt do stair na hÉireann.
Úna-Minh Kavanagh
Cruthaíonn Úna-Minh físeán nua gach mí. Baineann a cainéal le téamaí éagsúla ar nós taistil, sealgaireacht agus leideanna leis an nGaeilge a úsáid i do shaol go ginearálta. Tugann sí léargas iontach d’fhoghlaimeoirí conas foclóirí Gaeilge a úsáid agus conas feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Ciara Ní É
Is file aitheanta í Ciara Ní É agus tá a cuid dánta i measc rudaí eile ar fáil ar a cainéal YouTube. Tá an-tóir ar a sraith fhíseáin darbh ainm “WTF” ina bpléitear focail Ghaeilge. Déanann sí cur síos ar na focail Gaeilge a bhíonn in úsáid ag daoine timpeall an domhain agus an tábhacht a bhaineann leis an síneadh fada.
The Gaeilge Gal
Is cainéal nua é The Gaeilge Gal ina dtugtar comhairle faisin den chéad scoth faoi bhrandaí nua-aimseartha. Anseo, gheobhaidh tú rang teagaisc faoi fhaisean, smideadh agus cúram craicinn. Mar a deir sí, ní chabhróidh sí duit leis An Modh Coinníollach a fhoghlaim ach, cabhróidh sí go mór le faisean agus áilleacht i nGaeilge.
Gaeilge i Mo Chroí
Múineann Gaeilge i Mo Chroí na bealaí éagsúla gur féidir leat na haimsirí a úsáid ar a cainéal YouTube. Cuireann sí frásaí laethúla atá suimiúil ar fáil agus múineann sí conas iad a fhreagairt i gceart. Léiríonn sí conas ceisteanna i nGaeilge a chur ar dhaoine agus conas iad a fhreagairt i bhfoirm cheart chomh maith.
Clisare
Bíonn Clisare ag caint faoi gach rud faoin spéir ar a cainéal YouTube idir conas labhairt faoi scannán a bhreathnaigh tú air le déanaí agus eascainí i nGaeilge fiú.
Cuireann Clisare fáilte romhat dá saol agus frásaí nua á dtabhairt aici. Is cainéal siamsaíochta lán le fuinneamh é seo. Tá a leagan d’amhrán Iggy Azalea “Nach mé tá fancaí” le os cionn 26 mhíle amharc leathanaigh air ar fáil anseo.
Caoimhe Chats
Fáilte chuig saol Caoimhe! Cuireann Caoimhe an Ghaeilge chun cinn trí labhairt faoi rudaí a thaitníonn léi cosúil le cúrsaí timpeallachta agus smididh. Bhain sí céim amach i nGaeilge agus iriseoireacht agus déanann sí cur síos faoi shaol na hOllscoile agus ag obair trí mheán Ghaeilge.