Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-mas-fut-triail-a-bhaint-as-bdsm,-fag-fifty-shades-ar-an-tseilf…

Más fút triail a bhaint as BDSM, fág Fifty Shades ar an tseilf…

| An Cailin sa Chathair |

Bhí mé ag obair i siopa leabhar (ní An Siopa Leabhar) an samhradh a foilsíodh Fifty Shades of Gray. Shílfeá nár dhíol muid leabhar ar bith ach é an samhradh sin, agus máithreacha na mbruachbhailte ag teacht ina sluaite am lóin le cóip a cheannach. D’fhiafraigh fear amháin díom an gcabhródh Fifty Shades leis bean a aimsiú toisc “go bhfuil an-tóir ag na mná ar an leabhar”. Nuair a bhíodh cúrsaí ciúin sa siopa, léadh mé féin agus mo chomhghleacaithe sleachta fánacha as an leabhar os ard dá cháile, agus muid ag spochadh as an gcollaíocht aisteach agus an drochscríbhneoireacht. 

Ach rud amháin a chuireann iontas orm faoi Fifty Shades of Gray ná gur chuir sé an cuibhriú agus S&M os comhair an domhain mhóir agus thug sé deis do dhaoine labhairt ar an ábhar go hoscailte. Droch-chuibhriú contúirteach a bhí ann, gan aon agó, ach cuibhriú mar sin féin. Ba é an chéad uair a chonaic mé an chinc (ní maith liom an focal ‘saobhnós’ a lucht an fhoclóra) is ansa liom á plé ar an teilifís agus ag mo chomharsana. 

Mura thriail tú an cuibhriú sa seomra leapa riamh, impím ort gan an t-eiseamláir a leagtar amach in Fifty Shades a leanacht. Déantar míléiriú amach is amach ar ghnéithe tábhachtacha an BDSM (giorrúchán Béarla ar ‘cuibhriú agus smacht, ceannas agus géilleadh, agus sádachas agus masacas), agus d’fhéadfadh rudaí contúirteacha tarlú sa seomra leapa dá bharr. Ní ceist nua í seo, agus tuigtear go réasúnta forleathan é, mar sin ní dhéanfaidh mé seanbhailéad de anseo, ach más maith leat triail a bhaint as an gcuibhriú/BDSM, tá leideanna i bhfad níos fearr ar fáil ná na ceanna a léifidh tú in Fifty Shades. 

An chéad rud a mholfainn do dhuine ar mhaith leis duine eile a cheangal nó a bheith ceangailte ná na scileanna cumarsáide a fhorbairt agus muinín iomlán a bheith agat as do chéile leapa. Tá ligean chugat agus uait i gceist leis an gcuibhriú idir an bheirt. Má tá mo chéile le mé a cheangal agus mé a chur i riocht íogair, caithfidh a fhios a bheith agam go n-éireoidh sé as nuair a déarfaidh mé leis é, agus go n-éistfidh sé leis an bunrialacha atá agam. 

Bhínn ag dul amach le duine ar theastaigh uaidh mé a cheangal sa seomra leapa, agus cé go raibh mé sásta a leithéid a dhéanamh, dúirt sé liom nach raibh aon fhocal fuascailte ina sheomra-sa agus go mbainfeadh sé pé úsáid ba mhian leis asam. Ba mhór an rabhadh dom go ndúirt sé nach raibh focal fuascailte aige mar bhí a fhios agam láithreach nach bhféadfainn mo mhuinín a chur ann, agus nach bhféadfainn a bheith cinnte go n-éistfeadh sé liom i gcomhthéacs BDSM.

Má tá tú nua ag an gcuibhriú agus amhras ort go dtaitneoidh sé nach nó nach dtaitneoidh, ní gá duit tosú leis na snaidhmeanna is casta, nó fiú le rópa. Fiú do dhaoine a bhfuil blianta taithí acu, crá cíche a bhíonn ann má theastaíonn uait a bheith ceangailte agus gan agat ach rópaí. Sa chás seo, molaim go mór téip chuibhrithe a bheith ar láimh agat. Tá an téip seo iontach toisc nach bhfuil taobh greamaitheach uirthi – greamaíonn sí léi féin agus léi féin amháin. Ní tharraingeoidh díot do chuid gruaige agus tú á baint. Anuas air sin, is bealach deas séimh le tosú ar an gcuibhriú é an téip chuibhrithe toisc nach gá duit aon snaidhm a fhoghlaim agus féadfar é a bhaint go sciobtha agus go héasca sa chás nach dtaitníonn sé leat ar chor ar bith. 

Gné eile thábhachtach den chuibhriú do dhaoine nua ná an iarchúram. Agus an t-aicsean déanta, na snaidhmeanna scaoilte, agus gach duine sásaithe, tá sé tábhachtach go dtabharfaidh an ceannasán aire don ghéilleán. Cuireann an géilleán é féin i riocht an-íogair ar feadh an ama, agus cé gur aige a bhíonn an cumhacht mar gheall ar an bhfocal fuascailte, d’fhéadfadh sé a bheith deacair éalú ón riocht íogair sin ina dhiaidh. 

Má chaitheann an ceannasán am i ndiaidh na himeachta ag tabhairt aire don ghéilleán, ag cinntiú go n-airíonn sé sábháilte agus go bhfuiltear ag breathnú ina dhiaidh, cruthaítear ceangal agus nasc láidir idir an bheirt. 

Ar deireadh ar fad, más maith leat leabhar a léamh sula dtosóidh tú ar an BDSM, tá áiseanna i bhfad níos fearr ná Fifty Shades of Gray ar fáil. Is clasaicí iad The New Topping Book agus The New Bottoming Book le Dossie Easton agus Janet W Hardy agus is iontach an áis iad. Is leabhar maith do thosaitheoirí i saol na cince agus an BDSM é Come Hither: A Commonsense Guide to Kinky Sex le Gloria G Brame. Tugtar léargas grinn ar chultúr na cince in Playing Well With Others le Lee Harrington agus Mollena Williams. Agus mura bhfuil uait ach roinnt léitheoireacht phléisiúir a d’fhéadfá a roinnt le do chéile, ní bhfaighidh tú sárú Anaïs Nin, go háirithe an leabhar Delta of Venus.

Ní gá faitíos a bheith ort roimh an gcuibhriú agus an BDSM, ag féadfaidh sé eispéiris iontacha a chothú duit féin agus do do chéile. Má tá fonn ort triail a bhaint as, seo an t-am lena dhéanamh. Ach déan cinnte a bheith sábháilte faoi agus fág EL James ar an tseilf. 

Níos mó