Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Modhanna le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus ar Ghaeilge do pháistí

| PEIG |

Tá foghlaim na Gaeilge i mbéal an phobail arís agus muid ag caitheamh an-chuid ama sa bhaile ag iarraidh an leadrán a choinneáil uainn. Tá roinnt daoine atá i ndiaidh filleadh ar an nGaeilge mar gheall ar an am breise seo in éineacht leis na páistí a bhíonn á foghlaim go leanúnach ar scoil.

Seo ceithre bhealach a mholann muid le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus ar Ghaeilge do pháistí ag an am céanna.

Labhair

Is í an ghné is tábhachtaí d’aon teanga ná an cumas cumarsáid a dhéanamh ó bhéal. Tá líon ollmhór roghanna ann an Ghaeilge a labhairt faoi láthair agus seo thíos cúpla ceann acu.

  1. Freastail ar Chiorcal Comhrá – bíonn grúpaí comhrá Zoom á reáchtáil ag eagraíochtaí ar fud na cruinne faoi láthair. Is féidir teacht ar 70 Ciorcal Comhrá ar ár suíomh inniu.
  2. Bíodh ‘An Chaint’ agat – is feachtas é seo atá dírithe ar dhaoine a chur ag machnamh faoi úsáid na Gaeilge ina saol féin.
  3. Labhair lena chéile sa bhaile ar feadh maidine / lae – bíodh an misneach agat comhrá trí Ghaeilge a bheith agat sa bhaile. “Cleachtadh a dhéanann máistreacht” mar a deirtear.

Léigh

Is í an léitheoireacht ceann de na modhanna is éifeachtaí ó thaobh foghlaim aon teanga de do dhaoine fásta agus do pháistí araon. Tá an t-ádh linn na laethanta seo go bhfuil an méid sin acmhainní agus áiseanna léitheoireachta i nGaeilge ar fáil dúinn. Seo thíos cúpla sampla atá oiriúnach duit agus do pháistí a chuirfidh go mór leis an bhfoghlaim.

  1. An Prionsa Beag – scéal cáiliúil do pháistí aistrithe go Gaeilge ag Eoghan Mac Giolla Bhríde
  2. Bliain na nAmhrán – leabhar álainn ina bhfuil ‘amhráin agus rannta faoi cheithre shéasúr na bliana.’
  3. Foclóiropedia – leabhar mór maisithe a théann ar aistear teanga ‘ó arán go zú.’

Éist

Is í an éisteacht bunchloch na foghlama teanga agus cabhraíonn sí go mór linn focail a thuiscint agus a chur lenár stór focal féin. Tá líon mór áiseanna éisteachta ar fáil trí Ghaeilge agus molann muid úsáid a bhaint astu ar mhaithe le foghlaim chomhtháite a spreagadh. Seo thíos 3 áis éisteachta a mholann muid duit úsáid a chuirfidh le d’fhoghlaim fhéin agus foghlaim do pháistí.

  1. Podchraoladh Nuacht Mhall – podchraoladh úr ar leith ina léitear scéalta nuachta go mall i gcanúintí éagsúla na Gaeilge. Áis an-mhaith a chabhróidh go mór le foghlaim na foghraíochta agus na tuisceana.
  2. Leighleat.com – suíomh gréasáin den chéad scoth inar féidir scéalta a roghnú agus an téacs a leanúint agus é á léamh amach ag an am céanna. Áis fhíorúsáideach don duine fásta agus don duine óg atá forbartha ag an gComhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
  3. Idir Mise agus Tusa – Sraith drámaíochta de chuid Meon Eile ‘ina bhfuil 10 n-agallamh beirte nuachumtha curtha i láthair ag páistí bunscoile ó achan chearn de Chúige Uladh.’ Sraith bhríomhar spleodrach í a bheadh an-mhaith don fhoghlaim éisteachta.

Scríobh

Ná déanaimis dearmad faoin tábhacht atá ag an scríbhneoireacht d’fhoghlaim teangacha go háirithe ó thaobh an litrithe de. Cabhraíonn an cleachtadh go mór linn scríbhneoireacht mhaith a sholáthar agus chun an intinn a chur ar an eolas faoi na modhanna is fearr le tabhairt faoi. Seo cúpla modh le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus ar Ghaeilge do pháistí tríd an scríbhneoireacht.

  1. Turas na Scríbhneoireachta – sraith áiseanna é Turas na Scríbhneoireachta atá curtha le chéile ag an CCEA ó thuaidh. Tugtar cur síos céim ar chéim ar conas cineálacha éagsúla scríbhneoireachta a dhéanamh agus chun dea-chleachtais a leanúint agus tú á déanamh.
  2. Cleachtadh lena chéile – níl áis ag teastáil ón gceann seo. Níl gá ach ábhar a roghnú agus tús a chur leis an scríbhneoireacht! Déan 5 abairt i ndiaidh a chéile ar dtús agus ansin téigh siar  chun na botúin / rudaí maithe a aimsiú.
  3. Comórtais Scríbhneoireachta – bíonn eagraíochtaí éagsúla fud fad na tíre ag cur comórtas ar siúl do ghearrscéalta, filíocht agus eile. Is deis iontach í seo do chuid cumas sa scríbhneoireacht a léiriú don domhan mór. Coinnigh súil ar shuíomhanna gréasáin Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus Leabhair Pháistí Éireann do thuilleadh eolais.

Léigh tuilleadh ábhar ó PEIG.ie anseo