Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘year-of-the-living-dead’-agus-albaim-eile-na-miosa

‘Year of the Living Dead’ agus Albaim eile na Míosa

| Ben O Faolain |

Guedra Guedra – Vexillology (On The Corner)

Vexillology by Guedra Guedra كدرة كدرة

Ní inniu nó inné a thosnaigh cumadóirí ceoil leictreonaigh ag meascadh rithimí traidisiúnta éagsúla Thuaisceart na hAfraice isteach ina gcuid ceoil (aimseoidh tú ceacht staire i bhfoirm mheascáin anseo) ach m’anam ach go bhfuil an chéad albam seo le Guedra Guedra as Maracó céim nó deich chun tosaigh ar shaothar léiritheoirí comhaimseartha eile mar Ammar 808, Nuri agus Clap!Clap! a bhíonn ag gabháilt don chúram céanna.

Chuir an port turba-uchtaithe ‘Seven Poets’ mearbhall orm an chéad uair a chuala é , lena rithimí juke Chicago spréite thar shamplaí de ghiolcadh na n-éan agus cantaireacht treibhe, agus tar éis dom cúpla mí a chaitheamh le Vexillology táim fós amú sa cheol iontach fuinniúil seo. Éist leis an rif mhilis phianó sin a chaitheann anuas rithimí dúchasacha ‘When I Run’. Níor cheart go n-oibreodh sé, ach níl se mínádúrtha in aon chor. Ceol ardmheanmnach, aigeanta.

Arab Strap – As Days Get Dark (Rock Action)

As Days Get Dark by Arab Strap

“Is faoin easpa dóchais agus dorchadas atá sé”, a deir ceann feadhna Arab Strap, Aiden Moffat, faoin chéad albam atá taifeadta ag an díséad Albanach ó scaradar sa bhliain 2006, “ach ar bhealach spórtúil.” 

Thug amhráin Arab Strap faoi ábhair mhóra mar an brón, an bás, grá, drugaí, gnéas agus áilleacht riamh anall ach ar As Days Get Dark is ag iniúchadh na n-ábhar sin, agus inimirce sa bhreis, trí shúile an fhir mheánaosta atá Mofatt seachas  ó radharc an fhir óig héadónaíoch. Greannmhar agus gránna, is amhráin fileata agus chambhéalach iad seo. Cuirfidh liricí Moffat ag gáire hthú, ach cuirfidh siad freanga ort san am céanna. 

Pauline Anna Strom – Angel Tears In Sunlight (RVNG Intl)

Angel Tears in Sunlight by Pauline Anna Strom

Dall ón lá a rugadh í, cumadóir ceoil ab ea Pauline Anna Strom a bhíodh ag taifeadadh ceol sintéiseora sa stíl New Age mar iarracht chun cruth sonach a chur ar na híomhánna a chonaic sí ina hintinn féin. Agus í ag obair as stiúideo baile ina hárasán in San Francisco óna 1970idí ar aghaidh, d’eisigh sí seacht gcinn d’albaim idir na blianta 1982 agus 1988. In 2017 d’eisigh an lipéad ceoil RVNG Intl a rogha féin do na rianta is mealltaí ó chatalóg Strom sa bhailiúcháin Trans-Millenia Music

Spreag an meas a léirigh idir éisteoirí agus chriticí ar an mbailiúchán úd Strom chun filleadh ar chumadóireacht tar éis blianta fada ina tost. Bhí Strom ar tí Angel Tears In The Sunlight, a céad albam le breis agus 30 bliain, a eisiúint nuair a cailleadh í díreach roimh an Nollag anuraidh. 

Ceol dáiríre tarchéimnitheach atá romhat anseo, ceol atá saor ó mhórán comhghnásanna a bhaineann le formhór cheol leictreonach na linne seo. 

Ar nós roinnt de rianta Black Dog Productions, éiríonn le Strom fuaimeanna nua-aimseartha a chur ag obair chun labhairt faoi fhírinní teibí, uilíocha, ársa. Tabharfaidh píosaí mar ‘Marking Time’ agus ‘The Eighteen Beautiful Memories’ ar thuras inmheánach thú ach ligean dóibh. Ní hé go bhfuil tú ag dul áit ar bith eile faoi láthair, a chara?

Brijean – Feelings (Ghostly International)

Feelings by Brijean

Cnag-cheoltóir lonnaithe in Oakland na Stát Aontaithe í Brijean Murphy a bhíonn ag soláthar rithimí do ghrúpaí mar Toro Y Moi agus U.S. Girls, agus amhránaí an díséid seo Brijean i dteannta an ilcheoltóra Doug Stewart. 

Is deacair gan géilleadh don stíl phop-cheoil aoibhinn bhoig, theolaí a chruthaítear ar an albam début seo. Amhráin shólásacha atá romhat ar Feelings, iad tógtha as rithimí geala conga, dord-línte leaisteacha, cordaí creathánacha méarchláir agus téadúirlisí síodúla le Murphy ag canadh go bog thar a mbarr ar nós mná atá díreach dúisithe as a suanaíocht. Fantaisíocht é mórán den saol i láthair na huaire, gan amhras, ach más ea táimse ag aislingeacht fé thiomáint chun na trá lá deas gréine éigin i mí Iúil, b’fhéidir, agus Feelings mar rogha agam agus steiréó an mhótair ag bladhrach an cheoil. Tóg bog é.

Altin Gun – Yol (Glitterbeat)

Yol by Altin Gün

Seo an tríú halbam d’amhráin tíre na Tuirce agus na hAnatóile athshamhlaithe don 21ú haois ag an ngrúpa ceoil shícideiligh Altin Gun, atá lonnaithe san Isiltír. Cé go bhfuil an fhuaim bheo ghleorach chéanna agus a bhí le clos ar a gcéad dá albam le haimsiú anseo i bhfoirm amhrán mar ‘Sevda Masaydi’ agus ‘Macka Yollari’, gan é de rogha, de dheascadh na paindéime, ag seisear ball an ghrúpa bheith go minic san áit chéanna ag an am céanna, tá i bhfad níos mó úsáide bainte acu an babhta seo as fuaimeanna leictreonach, sintéiseoirí agus meaisín drumadóireachta. 

Más ait leat fuaim ghlan ‘Yol’ ar do chéad éisteacht leis, fan inti. Thóg sé tamall orm féin dul i dtaithí ar fhuaim úr Altin Gun ach tá draíocht aisteach ag baint leis an bpopcheol iasachta seo atá bunaithe ar amhráin thraidisiúnta atá an-chosúil, mar a léiríonn na haistriúcháin sna nótaí chlúdaigh, le hamhráin sean-nóis na nGael ó thaobh na dtéamaí de.

John Tejada – Year Of The Living Dead (Kompakt)

Year Of The Living Dead by John Tejada

“Gan é de rogha againn na daoine ab ansa linn a fheiscint, nó lámh a leagadh orthu, tá sé ar nós gur taibhsí muid”, a deir an léiritheoir ceoil leictreonaigh Ostaraigh John Tejada faoi theideal a albaim is déanaí seo. “Is féidir linn breathnú ar a chéile ach níl muid i gcomhluadar a chéile dáiríre. Tá muid aonarach.” Níl aon amhras ach go bhfuil macallaí d’uaigneas Tejada le braistint anseo, go háirithe i ndord-techno ‘The Haunting of The Earth’ agus san ‘Eidolon’ machnamhach, ach luach an cheoil theibí ná gur féidir leat do bhrí féin a dhéanamh de. Nuair a bhímse ag éisteacht le rianta caoindéanta an 15ú halbam seo de chuid Tejada músclaíonn na glórtha íomhánna ionam de neacha bithlonracha ar ghrinneall na farraige, nó cumarsáid ag leibhéal ceallach laistigh de chorp an duine. Ceol iontach ealaíonta.

Níos mó