Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-18-duine-eile-basaithe,-358-cas-nua-den-vireas-fogartha

18 duine eile básaithe, 358 cás nua den víreas fógartha

| Tuairisc.ie | ,

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 18 duine eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe de dheasca an víris. 358 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Maidir leis na básanna, bhain seacht gcinn acu le mí Aibreáin agus bhain trí cinn le mí an Mhárta. Mí Feabhra a tharla trí cinn acu, bhásaigh triúr mí Eanáir agus bhásaigh duine eile an bhliain seo caite.

205 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 48 díobhsan in aonad dianchúraim, an líon is lú i mbliana. Cuireadh 11 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Domhnaigh seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 749,450 duine agus an dara dáileog faighte ag 314,216 duine.

Bhain 38 den 358 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Dún na nGall.

12 cás a bhí i gcontae na Mí, deich gcás a bhí i bPort Láirge agus cúig chás a bhí i gCorcaigh. Bhí níos lú ná cúig chás le fógairt i nGaillimh, níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí agus níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo freisin.

Meánráta 132 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 177 atá i nDún na nGall agus tá an ráta i gcontae na Mí, 162, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 100 atá i Maigh Eo, 86 atá i nGaillimh agus 56 atá i bPort Láirge. Ráta 55 atá i gCorcaigh agus 38 atá i gCiarraí.

Ní raibh aon bhás nua le fógairt ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu don dara lá as a chéile.

112 cás nua den ghalar a deimhníodh. 77 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seachtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 831,895 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 210,470.

6,932 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,129 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,803 duine ó dheas di.

360,160 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 241,684 cás ó dheas den teorainn agus 118,476 cás ó thuaidh di.

Fógraíodh níos luaithe inniu go bhfuil Johnson & Johnson le dáileadh a vacsaín ar an AE á chur ar athlá agus sos ó úsáid na snáthaide molta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá údaráis sláinte Stáit Aontaithe Mheiriceá ag moladh go n-éireofaí as snáthaid Johnson & Johnson a úsáid fad is atá scrúdú á dhéanamh acu ar shé chás de théachtáin fola neamhghnácha ag daoine a fuair an vacsaín.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn go raibh sé róluath aon rud a rá faoi na himpleachtaí a bheadh ag an gcinneadh do chlár vacsaínithe na hÉireann ach go bhfaigheadh sé uasdátú faoin scéal tráthnóna.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly le RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh gá lena thuilleadh eolais a fháil faoin scéal ach gur cinnte go bhféadfadh sé cur isteach go mór ar an gclár vacsaínithe abhus.

Táthar ag súil le 40,800 dáileog de shnáthaid Johnson & Johnson a fháil in Éirinn an mhí seo agus tá súil le 605,000 dáileog ar fad a fháil roimh dheireadh mhí an Mheithimh.

Dúirt na húdaráis sláinte i Stáit Aontaithe Mheiriceá go raibh an moladh á dhéanamh chun a bheith “fíorchúramach ar fad”.

Tá vacsaín aon dáileoige Johnson & Johnson faighte cheana féin ag beagnach seacht milliún duine i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Mná idir 18-48 a bhí sa seisear a raibh na téachtáin fola orthu.

D’fhéadfadh an sos i ndáileadh na vacsaíne cur isteach ar phlean rialtas Joe Biden go mbeadh gach duine fásta sna Stáit Aontaithe vacsaínithe faoi dheireadh na Bealtaine.

D’fhéadfadh gur buille eile a bheadh i gcás Johnson & Johnson do chlár vacsaínithe na hÉireann.

Cinneadh an tseachtain seo nach dtabharfaí an tsnáthaid AstraZeneca ach do dhaoine os cionn 60.

Tá an tionchar a bheidh ag an gcinneadh sin ar chlár vacsaínithe an Stáit á mheas ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Fuair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach amach “go bhféadfadh” go bhfuil nasc idir an tsnáthaid agus cásanna “fíor-annamha” de théachtáin fola neamhghnácha agus pláitíní fola a bheith íseal.

Formhór na gcásanna a tuairiscíodh bhain siad le mná faoi bhun 60 bliain d’aois a raibh an vacsaín AstraZeneca faighte acu taobh istigh de choicís roimhe sin.

As an 34 milliún duine a fuair an tsnáthaid AstraZeneca san Aontas Eorpach, sa Bhreatain agus i dtíortha eile tuairiscíodh 222 cás de théachtáin fola neamhghnácha.

D’fhógair Rialtas na hAstráile inniu nach mbeadh vacsaíní Johnson & Johnson á n-ordú acu.

Idir an dá linn, dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn nárbh amhlaidh go raibh an ceathrú maidhm den ghalar á tuar ag NPHET ach go raibh seans ann i gcónaí go dtarlódh a leithéid.

Mar sin féin, bhí níos mó údar dóchais anois ann ná mar a bhí aon uair eile ó thús na paindéime, arsa an Dr Glynn.

Ag labhairt dó ag cruinniú de choiste sláinte an Oireachtais dúirt go raibh seans ann chomh maith go ndéanfaí a thuilleadh srianta a mhaolú an mhí seo chugainn má leanann na figiúirí orthu ag dul sa treo ceart.

Luaigh sé oscailt siopaí neamhriachtanacha, spóirt taobh amuigh agus gnóthaí taobh amuigh.

Dúirt an Dr Glynn go mbeadh “i bhfad níos mó den tsochaí oscailte” faoi dheireadh mhí an Mheithimh má bhíonn an galar faoi smacht agus dáileog amháin faighte ag 80% de dhaoine fásta mar atá beartaithe. Ní bheadh aon ghá an uair sin idirdhealú a dhéanamh idir daoine a mbeadh an tsnáthaid faighte acu agus daoine nach mbeadh.

Níos mó