Conas clárú don vacsaín as Gaeilge
Is féidir clárú don vacsaín ar an nguthán as Gaeilge. Níl an córas ar an suíomh gréasáin ag obair go fóill.
Seo a leanas treoir le teacht ar an tseirbhís:
- Glaoigh ar an uimhir ghutháin 1850 241 850
- Éist leis an gcéad theachtaireacht agus brúigh uimhir a 1 d’eolas faoin vacsaín.
- Fan go deireadh an dara teachtaireachta agus cloisfear rogha le leanúint ar aghaidh trí Bhéarla nó trí Ghaeilge.
- Roghnaigh an rogha Gaeilge agus ba chóir go mbeidh duine le Gaeilge ar fáil duit ansin. Beidh an duine seo in ann thú a chlárú don vacsaín i nGaeilge.
Níl an teachtaireacht a sheoltar amach le heolas faoin gcoinne á seoladh i nGaeilge go fóill áfach.
Níl sé inghlactha go bhfuil ar dhaoine aonair rogha a dhéanamh idir sláinte phearsanta agus cearta teanga. Ní leor ach an oiread go mbeadh seirbhís chláraithe don vacsaín ar fáil trí sheirbhís ghutháin amháin. Caithfear leagan Gaeilge den chóras cláraithe ar líne, agus gach rud a bhaineann leis an tseirbhís, a chur ar fáil i nGaeilge láithreach.